Skip to main content

Plean don Scoilbhliain 2023 / 24

Posted in Scoileanna.

A mhúinteoir, a chara,

Is féidir d'fhéilire a íoslódáil ANSEO.   plean na scoilbliana mar PDF

                                                                       

Fáilte romhat thar n-ais ar scoil! Ba mhaith linn thú a chur ar an eolas maidir leis na himeachtaí Gaeilge a bheidh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge chun cabhair a thabhairt do mhúinteoirí feasacht ghníomhach ar an nGaeilge a chur chun cinn le linn na scoilbhliana. 

 

Tá cur síos ar na himeachtaí ar fad atá beartaithe do 2023/2024 sa phóstaer amlíne iniata agus is féidir é a chrochadh sa seomra foirne nó sa seomra ranga (breis cóipeanna ar fáil ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.).

Tá ríméad orainn feachtais ar nós Gaeilge24 a fhorbairt, feachtas atá ar siúl den naoú huair i mbliana ar 16 Samhain 2023. Tá Gaeilge24 anois ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla ar bhonn náisiúnta le linn an chéad téarma. Táimid ag tnúth le breis is 300 scoil agus 30,000 dalta a bheith páirteach arís i mbliana.

Ní bheadh na himeachtaí seo indéanta gan bhur obair dhílis mar mhúinteoirí ar fud na tíre. Táimid an-bhuíoch as an aiseolas ó na céadta múinteoirí le linn na bliana, aiseolas a chabhraigh linn gach feachtas a fheabhsú.

Bíonn eolas breise, acmhainní ranga, míreanna ceoil, srl. ar fáil ar an suíomh www.snag.ie agus má tá tuairim ar bith agat maidir le míreanna agus acmhainní eile a bheadh úsáideach, ba bhreá linn cloisteáil uait ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

Sonraí Teagmhála agus Achoimre

Dátaí

Imeacht / Feachtas

Teagmhálaí

Ríomhphost

14/11/2023 Gaeilge24 Aodhán Ó Deá

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

9 - 12/10/2023 Comhrá '23

Orlaith Nic Ghearailt (ó dheas)

Brónagh Fusco (ó thuaidh)

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Samhain 2023 Traenáil na nOifigeach Dara Leibhéal Sibéal Ní Dhuibhir Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
03/01 - 02/02/2024 Dúshlán Dónall Breathnach Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
01 - 17/03/2024 Seachtain na Gaeilge le Energia agus Lá na Teicneoilaíochta 2024

Orlaith Nic Ghearailt (ó dheas)

Seán Ó Murchadha agus Brónagh Fusco (ó thuaidh)

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Bliain ar fad Seó Bóthair (meánscoileanna)

Sibéal Ní Dhuibhir (san Iarthar)

Dónall Breathnach (sa Deisceart)

Comhordaitheoir Dara Leibhéal an Oirthir)

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bliain ar fad Mythbusting Comhordaitheoir Dara Leibhéal an Oirthir

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bliain ar fad An Siopa Leabhar Gráinne Ní Mhuilneoir

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bliain ar fad Ceardlanna Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bliain ar fad Gaelbhratach (le Gael Linn) Foireann Ghaelbhratach

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bliain ar fad An Claidheamh Soluis Cuan Ó Seireadáin

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 PleanSB_2324.jpeg

 

  

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.