Skip to main content

Glac Ballraíocht Linn

Posted in Ballraíocht.

Glac páirt sa ghluaiseacht.

Tá do ghlór ag teastáil.

Glac ballraíocht linn.

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san eagraíocht Gaeilge is sine sa tír agus tionchar a bheith agat ar thodhchaí na teanga. Ní neart go cur le chéile.

Cad atá bainte amach againn mar eagraíocht le déanaí?

5 bua dréacht 4

Mar bhall aonair nó craobh, beidh tú ag neartú glór agus pobal na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Do theanga, do rogha.

 

Cad iad na cineálacha éagsúla ballraíochta atá againn i gConradh na Gaeilge?

 

Baill Aonair

  Baill Aonair 
 

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ballraíocht aonair a ghlacadh linn! Freastalaíonn an córas ballraíochta seo ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leo a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge.

Mar bhall aonair den Chonradh:

  • Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;
  • Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena c(h)uid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta;
  • Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh le toghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge;
  • Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.
CláraighanseoTuilleadh Eolais

 

Craobhacha Eagraíochta

  Craobh Eagraíochta
 
  • Is í seo an craobh thraidisiúnta, dheonach a bhí riamh agus atá fós mar chroílár na heagraíochta.
  • Is í an sprioc phraiticiúil atá ag craobh eagraíochta ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar nó i réimse na craoibhe sin.
  • Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin nó/agus a bheith gníomhach i gcóras daonlathach na heagraíochta.
  • Bíonn vóta ag gach ball de Chraobh Eagraíochta ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge gach bliain.
  • Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do bhaill chraobhacha, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin a n-imeachtaí a scaipeadh.
  • Feidhmeoidh an Craobh Eagraíochta de réir bhunreacht na heagraíochta ó thaobh rialachas de.
CláraighanseoTuilleadh Eolais

 

 Craobhacha Comhpháirteacha

  Craobh Chomhpháirteach

 

  • Is éard atá i gceist le Craobh Chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge lena stádas dlí fhéin atá ag iarradh fós a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge (mar shampla comharchumann Gaeltachta, grúpa Gaeilge le stádas cuideachta acu cheana féin, srl.)
  • Beidh grúpaí den tsaghas seo in ann clárú mar Chraobh Chomhpháirteach le Conradh na Gaeilge agus páirt a ghlacadh san eagraíocht, ar nós rúin Ard-Fheise a mholadh (seachas rúin bunreachta), daoine a thoghadh don Choiste Gnó, freastail ar imeachtaí den eagraíocht, mianta an ghrúpa a chur ar chlár oibre an Chonartha, srl.
  • Leanfaidh an Chraobh Comhpháirteach, áfach, lena freagrachtaí rialachais fhéin a bhaineann lena stádas mar chuideachta nó eile agus ní faoin rialachas a bhaineann leis an stádas iontaobhais atá ag an gConradh.
  • Beidh vóta ag gach ball de Chraobh Comhpháirteach ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge gach bliain.
  • Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do theagmhálaithe ainmnithe ag an gCraobh Comhpháirteach, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin a n-imeachtaí a scaipeadh.
CláraighanseoTuilleadh Eolais

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.