Skip to main content

Gaelbhratach (Iarbhunscoileanna)

Posted in Scoileanna.

An Gaelbhrat á bronnadh ag Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ar Choláiste Pobail Scoil Mhuire, An Scoil, Iarthar Chorcaí

Is scéim ghradaim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad. Tá Gael-Linn i mbun Gaelbhratach sna scoileanna i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ar an dara leibhéal.

Cén aidhm atá ag Gaelbhratach?

Tá sí mar aidhm ag an scéim Gaelbhratach scoileanna na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach, taitneamhach.

Cuspóirí Gaelbhratach don iarbhunscoil:

  • Go spreagfar úsáid na Gaeilge sa scoil
  • Go spreagfar comhoibriú gníomhach idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
  • Go mbeidh aitheantas ón bpobal ina bhfuil an scoil suite do thiomantas na scoile leis an nGaeilge a chur chun cinn

Cuspóirí Gaelbhratach don mhac léinn:

  • Go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le páirt ghníomhach a ghlacadh in úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  • Go spreagfar agus go gcumasófar an mac léinn le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
  • Go mbeidh an mac léinn níos muiníne agus tiomanta leis an nGaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach níos mó mar rogha teanga ina s(h)aol pearsanta
  • Go mbeidh tuiscint níos fearr ag an mac léinn ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil

Cuspóirí Gaelbhratach don mhúinteoir:

  • Go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil don mhúinteoir ó na mic léinn le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  • Go mbeidh na mic léinn níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim mar thoradh ar an obair ar fad
  • Go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo

Beidh Gaelbhratach Bhunúsach le baint amach ag an scoil sa chéad bhliain ag glacadh páirte. Beidh deis ansin Gaelbhratach dírithe ar réimse faoi leith (ar nós an cheoil, spóirt, an phobail, srl.) a bhaint amach.

Cén fáth gur fiú do scoil páirt a ghlacadh?

  • Spreagfaidh Gaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine
  • Cuirfidh Gaelbhratach le híomhá dhearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh den scoil
  • Cuirfidh Gaelbhratach na mic léinn ar an eolas faoin saol Gaeilge lasmuigh den scoil
  • Beidh níos mó spéise ag na mic léinn sa Ghaeilge
  • Spreagfaidh Gaelbhratach ceannaireacht i measc na mac léinn
  • Cumasóidh Gaelbhratach na mic léinn le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  • Cruthóidh Gaelbhratach gréasán oibre idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
  • Beidh a fhios ag mic léinn agus ag foireann na scoile (agus ag mic léinn agus ag tuismitheoirí féideartha) go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge
  • Beidh páirt ag an scoil sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn

Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil bronnfar Gaelbhratach ar an scoil. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ghníomhach ar fad a rinne an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Conas is féidir linn clárú don scéim Gaelbhratach?

Más múinteoir iarbhunscoile tú agus má tá suim ag do scoilse páirt a ghlacadh sa scéim Gaelbhratach, déan teagmháil le Gael-Linn ag +353 (1) 6751200 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.