Skip to main content

TÁ DÚSHLÁN 2024 THART.

Tá na buaiteoirí #Dúshlán2024 le feiceáil thíos.
Míle buíochas as páirt a ghlacadh!

Céard é #Dúshlán?

Céard é #Dúshlán?
Is í aidhm an chomórtais #Dúshlán ná deis a thabhairt do mhic léinn agus daltaí iarbhunscoile úsáid a bhaint as an nGaeilge i slí taitneamhach, nádúrtha, lasmuigh den tseomra ranga.

Bíonn triúr ar gach foireann. Bíonn 30 dúshlán (tascanna) le baint amach laistigh de 50 uair chloig. Beidh #Dúshlán2024 lán le gach saghas dúshláin - cuid acu le déanamh ar scoil agus sa bhaile. 

Beidh duais éagsúil ann don fhoireann mheánscoile agus don fhoireann ollscoile is fearr.

Cad atá i gCeist le #Dúshlán?

    • Seoltar ríomhphost chuig gach foireann lena n-uimhir foirne agus treoracha an chomórtais.
    • Tosnaíonn an comórtas ag 12:00 ar an gcéad lá, am a sheoltar na dúshláin ar shuíomh Chonradh na Gaeilge. Cuirtear ríomhphost chuig na foirne leis na dúshláin chomh maith.
    • Caithfidh na hiomaitheoirí pictiúr, físeán nó taifead a sheoladh chugainn de gach dúshlán atá curtha i gcrích acu, mar fhianaise go bhfuil an dúshlán déanta.
    •  Tá teacht ar WhatsApp RIACHTANACH do gach foireann. Caithfear grúpa WhatsApp a chruthú leis na baill foirne agus lenár n-uimhir, +353 89 495 5395 chun an fhianaise a sheoladh chugainn.
    • Bíonn teacht ar cuntais TikTok, Instagram agus WhatsApp ag teastáil ó na daltaí a ghlacann páirt sa chomórtas, dá bhrí sin níl an comórtas oscailte ach do dhaltaí i mBliain a Trí nó níos sine. 

Cad iad na Dúshláin?

Beidh ar na rannpháirtithe roinnt mhaith dúshlán éagsúla a bhaint amach, agus beidh cuid acu i bhfad níos deacra ná cinn eile!

Mar Shampla, Seans go mbeadh oraibh:

    • An Bio i bhur gcuntais meán sóisialta a athrú go Gaeilge.
    •  Aistrigh véarsa in amhrán Aitheanta go Gaeilge agus can do dhuine éigin é.
    •  Aimsigh agus ainmnigh 5 áit/ghnó a bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil.

Na Buaiteoirí:

  • Is iad na buaiteoirí ná an fhoireann a críochnaíonn na tascanna ar fad sa 50 uair. Má éiríonn le níos mó ná foireann amháin na tascanna ar fad a chríochnú, déanfaidh na moltóirí an cinneadh deireanach maidir leis na buaiteoirí a roghnú bunaithe ar chruthaitheacht agus ar chaighdeán. Beidh duais ann don fhoireann iarbhunscoile is fearr agus don fhoireann ollscoile is fearr.

    Seolfar teastas amach chuig gach foireann a ghlacann páirt sa chomórtas.

  • Do bhí na buaiteoirí #Dúshlán 2024 fógratha ag 13:00 ar an Aoine 23 Feabhra 2024 ar chraoladh beo ó leathanach Instagram Chonradh na Gaeilge @CnaGaeilge !

    Is iad seo a leanas buaiteoirí #Dúshlán 2024:

    1. Foireann C - Coláiste Ailigh - Dún na nGall
    2. An Triúr Muscaedóirí - Coláiste Choilm - Corcaigh
    3. Leathan le Leathan - Coláiste na Coiribe - Gaillimh
    4. Trí Chailleach - Coláiste Chroí Mhuire - Gaillimh
    5. CAS - Oakland Community College - Cill Dara

Fáilte roimh ceist ar bith a sheoladh chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.