Skip to main content

CEOL 2018

Posted in Scoileanna.

as                                                                                                                       

Is albam ceoil é CEOL 2018 le haistriúcháin Ghaeilge ar roinnt de na hamhráin is aitheanta faoi láthair! Tá an t-albam curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm & leis an láithreoir 2fm, Eoghan McDermott.

Tá CEOL 2018 le hEoghan McDermott seolta chuig gach scoil sa tír mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018! Seoladh an t-albam ar 26 Meán Fómhair 2018 le tacaíocht ó Kodaline agus bhí mír faoin seoladh ar nuacht RTÉ! Scaipeadh 350,000 cóip den albam ar dhaltaí meánscoile & seoladh cóip chuig gach bunscoil sa tír. Tá an t-albam ar fáil do mhic léinn trí na Cumain Ghaelacha & beidh comórtais ar siúl ar mheáin shóisialta Raidió Rí-Rá, Conradh na Gaeilge & 2fm le cóipeanna a bhuchan chomh maith.

Má tá Gaelchárta agat le cóid íoslódála do CEOL 2018, beidh tú in ann an cóid a úsáid le híoslódail a dhéanamh ar na hamhráin. Ní féidir gach cóid a úsáid ach uair amháin. 

     SS.jpg

Seinnliosta CEOL 2018 le hEoghan McDermott:     

Traic #1: Fáilte le Saoirse Ronan & Macklemore 

Traic #2: Picture This - Is Sinne Óg (When we were Young) liricí anseo

Traic #3: JP Cooper - Amhrán an Fhómhair (September Song) liricí anseo

Traic #4: Kodaline - Ag Fadú d'Aidhme (Follow Your Fire) liricí anseo

Traic #5: John Gibbons le Soulé - Spéaclaí Gréine sa Bháisteach (Sunglasses in the Rain) liricí anseo

Traic #6: Gavin James - I gCónaí (Always) liricí anseo

Traic #7: Wheatus - Stócach Brocach (Tennage Dirtbag) liricí anseo postaer anseo

Traic #8: The Academic - Do Chroí Anocht (Bear Claws) liricí anseo

Traic #9: Parson James - Muid a Ghoid an Seó (Stole the Show) liricí anseo

Traic #10: Hudson Taylor - Mothaigh Arís É (Feel it Again) liricí anseo

Traic #11: The Coronas - Nílimid Bréagach (We Couldn't Fake it) liricí anseo

Traic #12: Wild Youth - Mé Sáite Ann (Cant Move On) liricí anseo

Traic #13: Chasing Abbey - Labhair Liom (Talk to Me) liricí anseo

Traic #14: Delorentos - Insan Nóiméad (In the Moment) liricí anseo

Traic #15: Sibéal le The Cranberries - Fuarú (Linger) liricí anseo

Traic #16: Seo Linn - Bain an Glas liricí anseo

Traic #17: Nóra & Jade - Fuil na nÓg (Buaiteoirí BEO 2017) liricí anseo

 

An bhfuil aon cheist agat faoi CEOL 2018? Seans maith go bhfuil an freagra anseo!

Acmhainní don Seomra Ranga

Ar mhaith leat úsáid a bhaint as amhráin CEOL 2018 sa seomra ranga? Tá ceisteanna cluastuisceana thíos do gach amhrán. Beidh neart ábhar eile anseo go luath. 

Traic #1: Fáilte le Saoirse Ronan & Macklemore Traic #2: Picture This Traic #3: JP Cooper Traic #4: Kodaline Traic #5: John Gibbons le Soulé Traic #6: Gavin James Traic #7: Wheatus Traic #8: The Academic Traic #9: Parson James Traic #10: Hudson Taylor Traic#11: The Coronas Traic #12: Wild Youth Traic #13: Chasing Abbey Traic #14: Sibéal le The Cranberries Traic #15: Sibéal le The Cranberries Traic #16: Seo Linn Traic #17: Nóra & Jade

 

Gach_albam_CEOL_íomhá_le_réidh.jpg

Tá an t-album CEOL 2018 le hEoghan McDermott mar chuid de shraith dlúthdhioscaí curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus ag Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm. Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.