Stair Chonradh na Gaeilge


cnag

Pobal in ísle brí

Ba ar 31 Iúil 1893, i mBaile Átha Cliath, a bunaíodh Conradh na Gaeilge. An aidhm a chuir an eagraíocht nua roimhe féin ná an Ghaeilge a láidriú trí labhairt agus úsáid na Gaeilge.

Tráth bunaithe Chonradh na Gaeilge bhí pobal na hÉireann in ísle brí. Bhí an pobal scoilte óna chéile de bharr na conspóide faoi Charles Stewart Parnell. Bhí an tír chomh mór sin faoi smacht Shasana go raibh drochmheas ag daoine ar Éireannachas agus ar gach rud a bhain le hÉirinn. Bhí an Ghaeilge tréighthe ag formhóran phobail toisc gur thuigeadargur Béarla a bhí ag teastáil ag an am chun dul chun cinn ar bith a dhéanamh sa saol mar a bhí sé agus Sasana i mbun gach uile rud. Cé go raibh 800,000 cainteoir dúchais ann in 1891 bhí a líon ag titim go tubaisteach blian i ndiaidh bliana agus daoine ar a míle dícheall ag iarraidh Béarla a fhoghlaim agus a labhairt.

Ba in 1831 a bunaíodh na Scoileanna Náisiúnta. Bhí gach rud á mhúineadh trí Bhéarla sna scoileanna sin, fiú sna limistéir fhairsinge ina raibh an Ghaeilge ina teanga pobail. Ní hamháin sin ach bhí cosc iomlán ar mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna sin. Is beag leabhar Gaeilge a bhí ar fáil. Ba ar éigean go raibh leabhar teagaisc ar bith ann. Ní raibh stádas ar bith agan nGaeilge nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge.

Tionchar an Chonartha

Idir 1893 agus bunú Saorstát Éireann i 1922 reachtáil Conradh na Gaeilge feachtais mhóra chun bunchearta a bhaint amach do phobal na Gaeilge.

  • Throid Conradh na Gaeilge go dian agus go leanúnach le go mbeadh cead ag múinteoirí Gaeilge a mhúineadh dá ndaltaí le linn na ngnáthamanna scoile. Bhí cosc ar a leithéid sa Ghaeltacht, fiú!
  • D'fhoilsigh an Conradh leabhair theagaisc agus leabhair léitheoireachta do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.
  • D'eagraigh timirí, múinteoirí taistil agus craobhacha den Chonradh ranganna Gaeilge ar fud na hÉireann.
  • D'oscail an Conradh coláistí inar oileadh daoine chun Gaeilge a mhúineadh.
  • Chuir Conradh na Gaeilge tús le mórfheachtas i 1908 chun áiteamh ar údaráis na hOllscoile nua, Ollscoil na hÉireann, a shocrú go mbeadh Gaeilge ina hábhar riachtanach don Mháithreánach, scrúdú iontrála na hOllscoile. Bhí breis agus 100,000 duine i láthair ar 19 Meán Fómhair 1909 ag cruinniú poiblí ar son an chuspóra sin, a d'eagraigh an Conradh i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. Sa deireadh ghéill na húdaráis agus socraíodh go mbeadh Gaeilge ina hábhar riachtanach do Mháithreánach Ollscoil na hÉireann ó 1913 ar aghaidh. Tá an socrú sin i bhfeidhm ó shin.

De réir a chéile agus tar éis mórchuid agóidí:

  • thoiligh údaráis na Breataine ligean do dhaoine a n-ainmneacha agus a sloinnte Gaeilge a úsáid go poiblí;
  • thoiligh údaráis Oifig an Phoist litreacha agus beartanna le seoltaí Gaeilge orthu a sheachadadh;
  • thosaigh údaráis áitiúla ag cur plátaí in airde le hainmneacha na sráideanna orthu go dátheangach;
  • bheartaigh bainc glacadh le seiceanna a bhí scríofa agus sínithe as Gaeilge agus, de bharr brú, thosaigh siad ag cur seicleabhair i gcló as Gaeilge.

Éirí Amach na Cásca 1916

Chaith triúr den seachtar a shínigh Forógra an Éirí Amach tréimhsí ar Choiste Gnó an Chonartha: Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt agus Seán Mac Diarmada. Bhí Tomás Mac Donnchú agus Seosamh Pluincéad gníomhach sa Chonradh freisin, agus ba bhall den Chonradh é Tomás Ó Cléirigh ón uair gur tháinig sé abhaile ó na Stáit Aontaithe i 1907.

Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig

Bhí Conradh na Gaeilge i mbun fheachtais leanúnacha chun déantús na hÉireann a chur chun cinn agus áiteamh ar an bpobal Earraí Éireannacha a cheannach. Is é Conradh na Gaeilge, i gcomhar le dreamanna eile, a chuir tús leis an mórpharáid i mBaile Átha Cliath ar Lá Fhéile Pádraig.

Sular éirigh le feachtas an Chonartha aitheantas mar lá saoire poiblí a bhaint amach do Lá Fhéile Pádraig, bhíodh mórshiúl Sheachtain na Gaeilge á heagrú ag an gConradh ar an Domhnach ba ghaire do Lá Fhéile Pádraig. Mórshiúl ar son na Gaeilge agus ar son dhéantús na hÉireann a bhíodh ann.

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.