Skip to main content

Gailearaí

Seimineár an Oireachtais

Cill Airne, 2023

Reáchtáladh Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn, 04 Samhain 2023, in Óstán Gleneagle, Cill Airne. Bhí Gealltanais don Ghaeilge faoi chaibidil, agus cé acu, beart nó bréag, atá iontu.

San áireamh sa phlé bhí ceisteanna faoi Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, tacaíochtaí don Ghaeltacht agus an fhéidearthacht do dhaoine óga na Gaeltachta cur fúthu ina gceantair féin.

Linn leis na ceisteanna seo a phlé, bhí údar 'Paidir do Bhéal Feirste', Máirtín Ó Muilleoir; Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Róisín Ní Chinnéide agus Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, Caitlín Ní Bhroin ar an phainéal, le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin sa Chathaoir.

I ndiaidh don phainéal labhairt, bhí Tuairimí ón Todhchaí le LU don Ghaeilge AMLÉ, Bláithín Nic an tSíthigh; Oifigeach Gaeilge le ADIÉ, Eimear Nic Dhonnchadha agus Gníomhaí Teanga leis an Dream Dearg agus Eagarthóir NÓS, Conor Torbóid.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.