Skip to main content

Cad é Cultúr Club?

Posted in Cultúr Club.

Cultur Club Logo definitive 01Cultúr Club an t-ainm atá ar réimse de thograí spleodracha, nuálaíocha atá á bhforbairt ag Conradh na Gaeilge chun féiniúlacht Éireann níos láidre a chothú i measc na nGael, go háirithe iad siúd thar sáile. Tá sí mar aidhm ag na tograí seo tacú le pobail áitiúla chun gach sórt ruda a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, ó fheachtais um chearta teanga agus ceardlanna óige go himeachtaí cultúir d’aoisghrúpaí éagsúla.

Curaclam Cultúr Club

Buíochas le maoiniú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha & Trádála (RGET) agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta (RCOG), tá an chéad chéim eile den togra á forbairt ag Conradh na Gaeilge anois.

Tá an curaclam Cultúr Club dírithe ar pháistí an diaspóra idir 6 - 16 bliana d'aois.

Agus Cultúr Club á fhorbairt againn mar shraith de cheardlanna Gaeilge agus cultúir a d'fhéadfaí a reáchtáil ar fud na cruinne, tá curaclam ginearálta bunaithe ar théamaí den Éireannachas cruthaithe againn do pháistí de thuistí as Éirinn, agus iad siúd le naisc láidre le hÉirinn den diaspóra dáimhe.

Áirítear anseo:

Cláraigh Anseo! Leabhráin Cultúr Club 2018Leabhráin Ghníomhaíochta

an chéad shraith de leabhráin ghníomhaíochta críochnaithe anois, agus is féidir an chéad agus an dara sraith a íoslódáil in aisce ach do shonraí a chlárú anseo.

Leabhráin Cultúr Club 2018

 

**Tabhair faoi deara gur comhaid ollmhóra atá sna leabhráin; d'fhéadfadh go nglacfadh sé tamall chun iad a íoslódáil ina n-iomláine, ag brath ar an gceangal idirlín atá agat.**

Leabhráin Cultúr Club 2019

Críochnaithe leis an gcéad sCláraigh Anseo! Leabhráin Cultúr Club 2019hraith?

Tá an dara sraith de leabhráin ghníomhaíochta críochnaithe anois.

Tá siad ar fáil le híoslódáil in aisce ach do shonraí a chlárú anseo. Bain sult astu!

Tá na leabhráin ghníomhaíochta:

  • dírithe ar pháistí diaspóra de thuistí as Éirinn (6–16 bliana d’aois), le béim ar spraoi agus ar chairdeas
  • cruthaithe le cuspóirí foghlama teanga agus cultúir san áireamh i ngach ceardlann
  • in oiriúint do shaineolas agus ionchur ó phríomhbhaill phobal na hÉireann i ngach ceantar faoi seach
  • deartha chun féidearthacht aoi-éascaitheoirí ó Éirinn a áireamh d’ócáidí/do cheardlanna sainspéise
  • bunaithe ar théamaí den Éireannachas, gnéithe traidisiúnta agus nua-aimseartha de chultúr na hÉireann araon

Scéimeanna Píolótacha 2019Cultúr Club @ Vancouver

Chuireamar críoch leis an tsraith is déanaí de scéimeanna píolótacha Cultúr Club i gCeanada, sna hOileáin Mhuir nIocht, agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san fhómhar.

Buíochas le tacaíocht ó Chumann Éireann Gheirsí,  ó Ard-Chonsalacht na hÉireann in Vancouver, ó Ambasáid na hÉireann chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas i mbliana:Cultúr Club 2019: Cur i láthair na scéimeanna píolótacha

Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2019 ar fáil pdfanseo.

Scéimeanna Píolótacha 2018

Sydney 2018

Chuireamar scéimeanna píolótacha Cultúr Club ar bun san Astráil, sa Nua Shéalainn agus sa Bhreatain Mhór i 2018.

Buíochas le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann in Canberra, ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, Albain, agus ó Chonradh na Gaeilge i Londain, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas an bhliain seo caite:

Bhí stiúrthóir an togra ar an láthair le ceardlann ghinearálta um chumasú pobail a éascú agus chun na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • ceardlanna oiliúna ar an gcuraclam Cultúr Club
  • treoir d'éascaitheoirí féideartha na gceardlann áitiúil
  • deis ghréasánaíochta do bhaill éagsúla ón bpobal Gaeilge
  • comhairliúchán le grúpaí Éireannacha, idir ghrúpaí Gaeilge, cultúir, spóirt agus eile
  • seó bóthair for-rochtana ar theanga agus ar chultúr na hÉireann do scoileanna áitiúla

Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2018 ar fáil pdfanseo.

Ghlac níos mó ná 176 duine páirt sna scéimeanna píolótacha go dtí seo agus gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a d'fhreastail ar na ceardlanna oiliúna nó a chabhraigh linn chun cuairteanna scoile agus cruinnithe le grúpaí pobail áitiúla a eagrú in 2018 agus in 2019.

Tacaíochtaí Praiticiúla

Comhra 14 CeanadaTá sí mar aidhm ag Cultúr Club smaointe, acmhainní, agus tacaíocht phraiticiúil a sholáthar do mhisin na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádala, do chraobhacha an Chonartha thar sáile, agus do ghrúpaí pobail eile le himeachtaí Gaeilge a eagrú mar chuid d'aon cheiliúradh idirnáisiúnta, ina measc:

Cúlra

Cultur Club Hong Kong Scoil 1

Chuir Conradh na Gaeilge tús le Cultúr Club i gcomhar le hArd-Chonsalacht na hÉireann do Hong Cong & Macau i 2016.

Bhí an Ard-Chonsalacht tar éis a aithint go raibh ann d’éileamh do ranganna Gaeilge agus cultúir, is é sin le rá ranganna do pháistí le tuistí Éireann agus iad siúd le naisc láidre le hÉirinn a bheadh mar bhealach chun féiniúlacht Éireann a neartú i measc an phobail. Breis eolais anseo...

Ceardlanna i Meiriceá

Cultur Club LA

Is i bpáirtíocht le Coimisiún Fulbright na hÉireann agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta (REOGRTG) (mar a bhíodh) a d’fhorbair muid an chéad chéim eile den togra sna Stáit Aontaithe.

D'éascaigh muid sraith d’ocht gceardlann um chumasú pobail i gcomhar le grúpaí pobail Gaeilge agus cultúir in áiteanna éagsúla ar fud Mheiriceá ó 29 Samhain – 11 Nollaig 2016. Breis eolais anseo...

Leabhrán Tacaíochta

Cultur Club Leabhran Fulbright Cludach RPTá comhairle ar fáil sa leabhrán tacaíochta a bhféadfadh cuidiú leatsa agus leis an ngrúpa pobail lena mbaineann tú, leis an obair atá cheana féin idir lámha agaibh nó le tograí nua trí Ghaeilge go mba mhaith libh a thriail.

Pobal & Gréasán Gaeilge

Is ar mhaithe le pobal a chothú atá Cultúr Club thar aon ní eile. Ba mhaith linn gréasán idirnáisiúnta de chainteoirí Gaeilge agus d’ambasadóirí cultúir a chothú leis na grúpaí éagsúla atá ag obair ar son na teanga agus an chultúir ar fud na cruinne.

Tá súil againn nasc a chruthú idir iad siúd atá ar aon intinn faoin nGaeilge agus atá tiomanta lena cur chun cinn, in Éirinn agus i gcéin, le smaointe iontacha a roinnt, tograí nuálaíocha a fhorbairt, agus Gaeilgeoirí ar fud na cruinne a spreagadh.

Ar mhaith leatsa páirt a ghlacadh sa ghréasán?

Seol teachtaireacht chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun do shonraí a chlárú linn agus gach eolas a fháil faoin obair atá idir lámha ar fud na cruinne!

Teagmháil & Orduithe

Síne Nic an Ailí
Stiúrthóir, Cultúr Club, Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Agus mar fhocal scoir...Conradh na Gaeilge: cé muid féin?

Is ar 31 Iúil 1893 a bhunaigh Eoin Mac Néill, Dúbhghlas de hÍde, agus comhghleacaithe eile leo Conradh na Gaeilge, nó The Gaelic League, blianta beaga sular toghadh de hÍde ina chéad Uachtarán ar Éirinn.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ó shin i leith. Saothraíonn an Conradh ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Bíonn craobhacha agus baill an Chonartha ag saothrú go dícheallach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin, ó Hong Cong go Ceanada agus ó Charn Tóchair go Cúil Aodha.

Spéis agat an chéad chraobh idirnáisiúnta eile de chuid Chonradh na Gaeilge a chlárú linn? Féach www.cnag.ie nó cuir scéal chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Ní neart go cur le chéile!

Logo CNAG nua RP RGB PNG  2018 ESP in Irish 2018 RGET 2018 S20 GLAS AR dTEANGA AR bPOBAL 2 2018 An Roinn Gaeltachta 2018 An Crannchur Naisiunta RP PNG Logo Ambasaid na hEireann Canberra  Ard Chonsalacht na hEireann Hong Cong Macau  ArdChonsalachtnahAlban Ard Chonsalacht na hEireann Vancouver

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.