Skip to main content

An chéad seisiún iomlán i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa curtha i láthair i gcomhar le Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge

Plé déanta ar an nGaeilge sa Bhruiséil i bParlaimint na hEorpa an tseachtain seo

Ar 19 Márta 2024, chuir Conradh na Gaeilge - An Bhruiséil imeacht i láthair faoin Ghaeilge sa Bhruiséil i bParlaimint na hEorpa, in éineacht leis an Fheisire Eorpach, Seán Kelly MEP. Tuigtear gurb é seo an chéad seisiún iomlán i nGaeilge a reáchtáladh i bParlaimint na hEorpa.

Ag an ócáid, a raibh breis is 120 i láthair aige ó na hInstitiúidí Eorpacha agus ó phobal Gaeilge na Bruiséile, labhair an Feisire Eorpach d’Fhine Gael, Seán Kelly MEP; Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin; Ard-Rúnaí Ghrúpa an Chomhaontais Eorpaigh ar Choiste na Réigiúin, Micheál Ó Conchúir; Ceann Aonaid i Roinn na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, Aislínn McCrory; le hAistritheoir sa Choimisiún Eorpach, John Woods, mar Chathaoirleach ar an phlé.

Imeacht i bParlaimint na hEorpa le Craobh na Bruiséile 2

Bhí an cheist fá stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha agus an maolú ar an Ghaeilge sínte go 2029 ina mhórthéama sa phlé. Bhí trácht déanta chomh maith faoin Ghaeilge mar theanga labhartha sa chathair, suíomhanna sóisialta agus mar theanga tí araon.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ta pobal Gaelach mór agus láidir sa Bhruiséil mar gheall ar an líon daoine ag obair sna hinstitiúidí, daoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge nó leis an nGaeilge go minic - ach tá ballraíocht i bhfad níos fairsinge ag an gCraobh ná daoine ag obair sna hinstitiúidí amháin. Thug an ócáid seo deis don phobal anseo teacht le chéile agus na ceisteanna atá tábhachtach dóibh maidir le stádas agus úsáid na Gaeilge a phlé agus a chíoradh, agus bhí an-áthas orainne a bheith mar chuid den imeacht stairiúil seo.”

“Bhí tábhacht ar leith ag baint leis an chuid den phlé maidir le stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha agus cinneadh glactha an maolú ar an Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa sínte go 2029. Níor cheart go mbeadh aon mhaolú fós i gceist don Ghaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus beimid ag díriú go mór ar an gceist seo sna seachtainí romhainn leis na toghcháin ag teannadh linn. Beimid ag lorg gealltannais ó na páirtithe go dtacóidh siad leis an éileamh go ndéanfar ath-vótáil ar an gceist go luath, le go gcuirfear deireadh leis an maolú go buan.”

Dúirt Ríoghnach Ní Aoláin, ó Choiste Chraobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge:

“Tugann Conradh na Gaeilge - An Bhruiséil deis do dhaoine atá ag obair in earnálacha éagsúla anseo bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile, daoine sa áireamh nach mbeadh ag plé leis an teanga go laethúil murach an Chraobh. Tá an Craobh tar éis borradh mór a chur faoi fheiceálacht na teanga sa chathair agus imeachtaí á reáchtáil in áiteanna lárnacha, fiú istigh na hinstitiúidí féin. Tugann seo teachtaireacht thábhachtach go bhfuil pobal na Gaeilge beo beathaíoch anseo.”

Bunaíodh Craobh na Bruiséile de Chonradh na Gaeilge in 2023 agus b’í ceann de na craobhacha is mó fáis le bliain anuas. Freastalaíonn siad ar an phobal Gaeilge sa Bhruiséil agus tá imeachtaí rialta á reáchtáil acu sa chathair óna mbunadh.

TEAGMHÁIL

Caolán Mac Grianna
Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

X: @CnaG
Instagram: @cnag_anbhruiseil @cnagaeilge

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.