Skip to main content

Craobhacha Comhpháirteacha

Posted in Ballraíocht.

Céard is Craobh Chomhpháirteach ann?

Is éard atá i gceist le Craobh Chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge lena stádas dlí féin atá ag iarraidh fós a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge (mar shampla comharchumann Gaeltachta, grúpa Gaeilge le stádas cuideachta acu cheana féin, srl.).

Céard atá de dhíth le Craobh Chomhpháirteach a chlárú?

Tá grúpaí den tsaghas seo in ann clárú mar Chraobh Chomhpháirteach le Conradh na Gaeilge agus páirt a ghlacadh san eagraíocht, ar nós rúin Ard-Fheise a mholadh (seachas rúin bunreachta), daoine a thoghadh don Choiste Gnó, freastail ar imeachtaí den eagraíocht, srl. Leanfaidh an Chraobh Comhpháirteach, áfach, lena freagrachtaí rialachais fhéin a bhaineann lena stádas mar chuideachta nó eile agus ní faoin rialachas a bhaineann leis an stádas iontaobhais atá ag an gConradh.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith cláraithe mar chraobh chomhpháirteach?

Is leis na Craobhacha agus na Baill Aonair an eagraíocht agus feidhmíonn an eagraíocht ar na rúin curtha chun cinn ag an mballraíocht. Mar sin, mar chraobh chomhpháirteach beidh tú in ann mianta an phobail ina bhfuil tú ag obair a chur chun cinn agus a chur ar chlár oibre an Chonartha. 

Beidh glór an phobail ina bhfuil tú ag obair le cloisteáil agus sinn ag déanamh ionadaíochta ar son pobal na Gaeilge agus Gaeltachta (le hAirí Rialtais, le feidhmeannaigh sna Ranna Rialtais éagsúla, leis an earnáil phríobháideach trí chéile, srl.).

Conas Clárú

Is féidir anois do chraobh a chlárú / athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm ANSEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.

Déan docxFoirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta cuí (€50 ar bhliain amháin, €150 ar 3 bhliana agus €250 ar 5 bhliana).

*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2023 le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.
*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfhreagras rialta.

 

Teagmháil: 

Pádraig Ó Foghlú, Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachas
Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cláraighanseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.