Skip to main content

An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta

Posted in Eolas.

 An bhfuil ceist dlí agat? Mar shampla:

  • An féidir le mo thiarna talúin mé a dhíobairt den teach gan chúis?
  • An bhfuil sé de cheart agam labhairt leis an mbreitheamh trí Ghaeilge?
  • An féidir leis an mbanc ús mo mhorgáiste a ardú?
  • An bhfuil m’fhostóir in ann scaoileadh liom gan iomarcaíocht a íoc liom?

Cuireann an tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta dlíodóirí gairmiúla ar fáil in aisce ar líne chun roinnt seirbhísí dlí bunúsacha a sholáthar do dhaoine nach mbeadh sé d’acmhainn acu teacht ar chomhairle dlí ar bhealach ar bith eile. Cuireann an tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta rochtain chomhionann dlí agus chirt ar fáil, trí Ghaeilge agus gan chostas, do gach duine atá á lorg, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ag +353 (1) 4757401. Déanfar socrú le habhcóide nó le haturnae le Gaeilge chun do cheist a phlé leat.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.