Skip to main content

An Fáinne

Posted in Scoileanna.

Postaeir Fáinne nua le lógó nua CnaG

Is féidir an fáinne a cheannach ar líne ó Shiopa Leabhar Chonradh na Gaeilge anseo nó trí glaoch orainn ag +353 (0)1 4783814

Tá Fáinne Úr ag Conradh na Gaeilge!

Spreagfar daoine le Gaeilge a labhairt lena chéile leis an mana: “Ár dTeanga Do Rogha” ar an bhFáinne Óir agus Airgid

Tá praghas speisialta ann do scoileanna agus do ghrúpaí móra má tá suim agaibh beart dóibh a cheannach

Praghasanna:
(1-19) €4 an Fáinne.
(20-49) €3.50 an Fáinne.
(50+) €3 an Fáinne

Tá lascainí na bhFáinní leagtha amach de réir an aon táirge amháin (de réir Óir, nó de réir Airgid) agus iad neamhspleách lena chéile.

Fainne Oir CnaG  Fáinne Óir
Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat.
 Fainne Airgid CnaG Fáinne Airgid
Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. 
 Cupla Focal dath ceart3

"Tá Cúpla Focal agam"
Suaitheantas beag ciorclach glas agus teorainn airgid a deir ‘Tá Cúpla Focal Agam’.

Oiriúnach dóibh siúd le cúpla focal Gaeilge nach bhfuil Fáinne bainte amach acu go fóill.

 Seanfhainne le teacs

Seanfháinne (€5)
Seanfháinne traidisiúnta- oiriúnach do chótaí le biorán níos faide. Ar fáil ar €5 

 bandai Banda Láimhe - Grá don Ghaeilge
Tá bandaí láimhe ar fáil ar €1 an banda. Bandaí láimhe a deir ‘♥️ an Ghaeilge’ agus ‘Is leatsa í’ 
 greamain Rolla Greamáin- Grá don Ghaeilge
Tá Rolla Greamáin (100 ar rolla) ar fáil ar €4 an rolla (3 rolla: €10)
   


Is féidir gach rud a cheannach ar líne trí Shiopa Leabhar Chonradh na Gaeilge anseo nó trí glaoch orainn ag +353 (0)1 4783814

An Fáinne 100 Bliain d’aois, 1916-2016Piaras B

Cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ breis is 100 bliain ó shin ar 17 Feabhra 1916, comhartha ar leith go raibh duine sásta Gaeilge a labhairt. Bhunaigh baill de Chonradh na Gaeilge An Fáinne chun an dearbhú a thabhairt gur i nGaeilge amháin a labhróidís le cainteoirí eile Gaeilge. Ba é Piaras Béaslaí a toghadh ina uachtarán ar Chomhairle an Fháinne ag an am.

 

Humans of An Fáinne

Cuireamar tús le leathanach Instagram le déanaí ag cuir béim ar scéalta phearsanta na daoine a chaitheann An Fáinne.
Is féidir an leathanach a fheicáil anseo...

Cuir Fáinne Ort Féin A3

 

Póstaeir le híoslódáil don Seomra Ranga

Póstaer ginearálta don Fháinne pdfFainne_A3.pdf


Póstaer Humans of an Fáinne pdfHOAF Fainne.pdf

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.