Skip to main content

Lá na gCiorcal ar siúl ar fud na tíre inniu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024

Tá imeachtaí Gaeilge i ngach contae in Éirinn inniu chun Seachtain na Gaeilge le Energia a cheiliúradh

Inniu, Dé Céadaoin 13 Márta 2024, tá Lá na gCiorcal ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia, an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan. Tá imeachtaí Gaeilge ar siúl i ngach contae sa tír inniu mar chuid de Lá na gCiorcal agus tá grúpaí ar fud an oileáin páirteach sa lá a thugann deis don phobal i gcoitinne a gcuid Gaeilge a úsáid ag imeachtaí ina gceantair féin.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Cuireadh tús le Lá na gCiorcal anuraidh agus sinn ag iarraidh béim a chur ar imeachtaí Gaeilge a bhíonn á n-eagrú ag grúpaí pobail fud fad na tíre le linn na bliana. Tá comhpháirtíocht speisialta curtha ar bun againn i mbliana le Down Syndrome Ireland agus ba mhaith linn cinntiú go mbeidh an deis ag go leor daoine nua freastal ar chiorcail chomhrá amach anseo.”

Dúirt Elizabeth Fox, Oifigeach Oideachais d’Aosaigh le Down Syndrome Ireland:

“Tá an-áthas ar Down Syndrome Ireland a bheith páirteach, den chéad uair, i Seachtain na Gaeilge. Táimid an-bhuíoch de Chonradh na Gaeilge as a dtacaíocht chun cabhrú linn ár gcéad Chiorcal Cómhrá a bhunú, agus táimid ag súil le níos mó deiseanna a chruthú dár mbaill a ngrá don Ghaeilge a chur in iúl agus a fhorbairt.”

Tá féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ar siúl go 17 Márta 2024, le críoch spleodrach ar Lá ‘le Pádraig. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.