Skip to main content

FÓGRA 25/10- Tá an spriocdháta le clárú thart anois, ach más spéis libh bheith páirteach, cláraigh ag an nasc thuas agus déanfaimid gach iarracht cuidiú libh.

An mbeidh do scoil páirteach?

Tá ár bpríomhimeacht den chéad téarma Gaeilge24 ar ais arís! Dúshlán iontach don rang, don bhliain nó don scoil ar fad.


Cláraigh go luath le cártaí urraíochta a fháil ag tús an téarma.


25/10/23

Spriocdháta le clárú

(ach b'fhearr clárú go luath le cártaí a fháil)

09/11/23

Pacáistí ag teacht

Ba chóir go mbeidh gach pacáiste sna scoileanna idir 8-10 Samhain

14/11/23

Lá Gaeilge24

(nó lá eile a oireann don scoil)

:
Uair
:
Nóiméad
:
Soicind

fágtha le clárú

(gheobhaidh sibh pacáiste le cártaí urraíochta agus póstaeir roimh 27 Deireadh Fómhair)

Céard é Gaeilge24?

Céard í an aidhm?

Spreagadh

Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt & le cairde!

Eispéireas Dearfach

Cuideofar le haigne na ndaoine óga a spreagadh agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin.

Dúshlán

Tá fás agus forbairt i gcónaí ag teacht ar Gaeilge24 & anois tá sé ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla ar bhonn náisiúnta le linn an chéad téarma. Beidh na mílte ag glacadh páirte ann arís i mbliana. Le go leor scoileanna cláraithe cheana féin i mbliana táimid ag tnúth le breis is 300 scoil agus 30,000 dalta in 2023.
Cén aidhm?

Cén fáth gur chóir
dúinn páirt a ghlacadh?

An Scrúdú Béil - Béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge

Cabhróidh Gaeilge24 le gach dalta sinsearach atá ag ullmhú don scrúdú béil (ar fiú 40% de mhóriomlán na marcanna san Ardteist anois é). Cuirfidh lá iomlán de labhairt as Gaeilge go mór le stór focal dalta ar bith.

Teanga bheo bhríomhar - lasmuigh den seomra ranga

Is deis faoi leith í an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge. D’fhéadfaí ábhair scoile eile a mhúineadh trí Ghaeilge, nó Lá Spóirt nó turas a eagrú trí Ghaeilge.

Normalú a dhéanamh ar an nGaeilge - lasmuigh den scoil

Déantar normalú ar an teanga trí nasc a chruthú le gnóthaí agus le siopaí le Gaeilge, le grúpaí Gaeilge áitiúla, agus le seirbhísí stáit le Gaeilge. Is deis iontach í a thaispeáint gur féidir le duine ar bith a saol a chaitheamh trí Ghaeilge.
Cén fáth?

Grianghraif ón lá:

  • Curragh Post Primary

  • Coláiste Laurel Hill

    Coláiste Laurel Hill

  • Cross and Passion College

  • Gaelscoil Riabhacha

    Gaelscoil Riabhach

  • Scoil Cill Cóthach

  • Scoil Náisiúnta Cluain Caoin

  • Coláiste Éinde

  • Coláiste na Coiribe

  • Coláiste Chaitríona

  • Pobalscoil Naomh Mharcais

  • Cross and Passion College

  • Dominican College Portstewart

  • Gaelscoil Aonach Urmhumhan

  • Gaelscoil Aonach Urmhumhan

  • Gaelscoil Eadain Mhoir

  • Scoil Cill Cóthach

  • Gaelscoil Eadain Mhoir

  • Gairmscoil Chú Uladh

  • Scoil Cill Cóthach

  • Mercy Mounthawk Tralee

  • Méanscoil Naomh Genevieve

  • Gaelcholáiste Reachrann

  • St Gerard's Secondary School

  • Coláiste Phobal Ros Cré

  • Coláiste Éinde

  • Gaelscoil Eochaill

  • Scoil Naomh Pól

  • Acadamh Naomh Pádraig

  • Coláiste Naomh Ciarán

  • Meánscoil Loreto Bré


An Pacáiste

Iarrfar ar gach dalta €10 / £9 a bhailiú don charthanas.
Gheobhaidh gach dalta atá ag bailiú airgid an pacáiste seo

Seo thíos cairt le tuilleadh eolais faoi tomhas na t-léinte ón gcomhlacht t-léinte.  

Tomhas Mná (tomhas UK) Brollach
5-6 bliain   28” / 72cm
7-8 bliain   30” / 77cm
9-11 bliain (S) 8-10 32” / 82cm
12-13 bliain (M) 10-12 34”-36" / 87-93cm
Mór (L) 14-16 41”-43" / 104-109cm
An-mhór (XL) 18-20 44”-46" / 112-117cm
An-an-mhór (XXL) 22-24 47”-49" / 119-124cm

Molann muid iarradh ar na daltaí féin cén tomhas t-léine gur fearr leo a chaitheamh- tá spás ar an gcárta urraíochta gur féidir leo féin t-léine a roghnú.

Uaireanta bíonn ar na daltaí na t-léinte a chaitheamh thar éadaí scoile, is fiú sin a thabhairt san áireamh más é sin an chás i do scoil féin.

Tá gach corp éagsúil dar ndóigh ach den chuid is mó nuair atá foireann Chonradh na Gaeilge féin ag glacadh páirte bíonn siad ag caitheamh idir na t-léinte 12-13 (M) nó t-léinte móra (L) agus cúpla XL

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na tomhasanna t-léinte sa rannóg Ceisteanna Coitianta thíos

An Pacáiste

Amlíne- Conas Clárú

1- Cláraigh luath

Chomh luath is atá tú cláraithe seolfaimid pacáiste chugat le cártaí urraíochta agus póstaer don scoil. Tabharfaidh sé breis ama duit fiosrú cé mhéad duine ar mhaith leo páirt a ghlacadh. Ná bí buartha mura bhfuil na sonraí ar fad agat anois, cinnteoimid gach rud leat roimh an spriocdháta; 25 Deireadh Fómhair 2023.

Is féidir clárú anseo

2- Cé mhéad dalta?
B’fhearr an iomarca cártaí urraíochta a lorg ar eagla go ritheann tú amach. Is féidir le scoileanna idir bheag agus mhór páirt a ghlacadh - chláraigh roinnt scoileanna le 500+ dalta anuraidh, agus ghlac scoileanna eile le 30 dalta páirt. D’fhéadfadh rang amháin clárú le Gaeilge24, nó an scoil ar fad más fearr libh!
3- Scaip na cártaí urraíochta.

Tiocfaidh pacáiste sa phost le cártaí urraíochta cúpla lá tar éis clárú. Tabhair na cártaí amach do na daltaí a léirigh spéis nó don scoil ar fad más maith leat. Tabhair spriocdháta dóibh le teacht ar ais agus le rá cén tomhas t-léine atá ag teastáil ar an gcárta.

N.B. De réir aiseolais ó mhúinteoirí thar na blianta bíonn sé i bhfad níos deacra airgead a fháil ar ais ó na daltaí nuair atá an lá thart.

4. Cinntigh uimhreacha linn.

Déan cinnte uimhreacha a chinntiú linn roimh 25 Deireadh Fómhair 2023. Ordóimid na t-léinte agus pacáistí ar an lá seo. Is féidir é seo a dhéanamh tríd rphost nó trí ghlaoch a chur orainn.

5. Cathain a thiocfaidh na t-léinte / pacáistí?

Ordóimid na pacáistí ag tús bhriseadh an mheántéarma nuair a bheidh an t-ordú deireanach againn. Seolfaimid an pacáiste chuig an scoil le cuiréir seachtain roimh an dúshlán.

Ba chóir go mbeidh gach pacáiste agaibh sa phost idir 8-10 Samhain.

Cuirfear greamáin "Labhair Gaeilge liom inniu" sa phacáiste do mhúinteoirí eile sa scoil.

6. Íocaíocht agus Teastais
Ní gá an t-airgead atá bailithe a sheoladh ar aghaidh go dtí deireadh Mhí na Samhna. Nuair atá an t-airgead íoctha seolfaimid admháil chugat leis na teastais don lá.
Amlíne

Téama 2023:
Todhchaí na Gaeilge:

I mbliana, tá Gaeilge24 ag díriú isteach ar théama Thodhchaí na Gaeilge.

Beidh clár imeachtaí curtha le chéile againn don lá, a thabharfaidh léargas den réimse leathan bealaí go bhféadfadh leis an nGaeilge cur le do shaol amach anseo, agus a phléann le todhchaí na teanga i gcomhthéacsanna éagsúla - ar scoil, sa bhaile, sa cheantar, mar phost agus mar ghníomhaire teanga.

Is é seo an téama is mó a roghnaigh múinteoirí san fhoirm aiseolais anuraidh.

Seo thíos roinnt de na himeachtaí atá i gceist againn a eagrú don lá. Beidh cuid de na himeachtaí seo réamhthaifeadta ionas gur féidir libh breathnú orthu am ar bith le linn an lae.

1. Painéal Cainte le hAíonna speisialta BEO ag 14:00

Tá an Painéal Cainte thart anois ach is féidir teacht ar taifead don phlé ag an nasc seo 

_________________________

Beidh Painéal Cainte againn beo ar Zoom le haoichainteoirí ag 14:00

Cláraigh anseo

Séaghan Ó Suilleabháin- @KerryCowboy, Réalt Tiktok
Niamh Ní Chróinín- Cúla4 & TG4
Conchúr Ó Muadaigh- An Dream Dearg, Laochra Loch Lao, Glór na Móna

Bean an Tí- Síomha Ní Ruairc: Conradh na Gaeilge, TG4, Grá ar an Trá

An téama don phainéal ná - "Todhchaí na Gaeilge"

Cuirfimid fáilte roimh cheisteanna ón bpobal. Mairfidh an painéal 40 nóiméad ar iomlán. Is gá don mhúinteoir amháin clárú don webinar roimh ré le taispeáint ós comhair an ranga. Is feidir clárú don phainéal cainte anois ag an nasc seo.

2. Gaeilge & Teicneolaíocht - Físean

Tá an ceardlann seo ar fáil mar fhísean 7 nóiméad ag an nasc seo: https://youtu.be/SAm--PlD7Xc

Conas d'fhón & aipeanna a aistriú go Gaeilge, cén suíomhanna / aipeanna atá ar fáil as Gaeilge.

3. Gairmeacha le Gaeilge- Físeán

Ceardlann curtha le chéile don lá Gaeilge24.

Plé ar chuid do na hearnálacha gur féidir an Ghaeilge a úsáid, le hagallaimh ó daoine ag obair in earnáil na Meáin Cumarsáide, an Earnáil Phoiblí, san Aontas Eorpach, agus in earnáil na Gaeilge.

Físeáin 17 nóiméad atá ann le réimse físeáin bailithe agus curtha in eagar ó Foras na Gaeilge agus GradIreland.

Nasc: https://youtu.be/UnOV52-gsVU

4. Tráth na gCeist BEO ag 11:30

11:30 ar an lá, cláraigh anseo.

Beidh Tráth na gCeist beo & idirghníomhach do mhéanscoileanna ar siúl ag 11.30 a mhairfidh leath uair an chloig. Eagrófar an Tráth na gCeist BEO trí sheimineár gréasáin (Webinar idirghníomhach ag úsáid menti.com) agus beidh duaiseanna le buachaint. Ciallaíonn sé seo go mbeidh sibhse in ann muid a fheiceáil agus a chloisteáil sa rang fhad is atá na ceisteanna á gcur againn ach ní bheimid in ann sibh a fheiceáil nó a chloisteáil. 

Anuraidh ghlac breis is 1500 dalta páirt sa tráth na gCeist beo. Is gá don mhúinteoir amháin clárú don tráth na gceist roimh ré le taispeáint os comhair an ranga. Ní gá do na daltaí clárú ach beidh ar gach dalta a ngléas féin (taibléad, ríomhaire nó fón póca) a bheith acu le ceisteanna a fhreagairt ar an lá.  Is feidir clárú don tráth na gceist meánscoile anois ag an nasc seo.

Más fearr libh Tráth na gCeist a eagrú sibh féin ag am éigean eile tá ceisteanna ar fáil ag bun an leathanach seo faoin rannóg Acmhainní Breise

6. An Ghaeilge i do cheantar

is féidir linn aoichainteoirí áitiúla a mholadh le labhairt faoin nGaeilge i do cheantar féin.

Déan teagmháil linn má tá duine á lorg agaibh

Téama 2023

An Carthanas
Cá dTéann an brabús?

Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas: Uimhir Charthanais RCN 20003869.

I mbliana, cabhróidh an brabús ó Gaeilge24 le:

  • 1. Feachtais

    Gaeilge4All: Feachtas a thosnaíomar cúpla bliain ó shin leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais ionas go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Go dtí seo, tá 12,000 síniú faighte againn agus muid ag súil le leanúint leis an mbrú ar an rialtas. www.Gaeilge4all.ie

    Dúshlán: Comórtas spraíúil a thosaigh muid le 30 dúshlán le baint amach laistigh de 50 uair an chloig. Bíonn an-chomórtas gach bliain le breis is 200 foireann páirteach i 2023. Cabhraigh brabús Gaeilge24 linn breis duaiseanna a chur ar fáil. www.cnag.ie/dushlan

  • 2. Imeachtaí:

    Tá súil againn leathnú amach a dhéanamh ar imeachtaí atá tosaithe againn le daltaí meánscoile a thraenáil agus a chumasú.

    Traenáil: I mbliana beidh 4 Sheisiún Réigiúnach Traenála i gcomhair Oifigigh Ghaeilge á n-eagrú againn i gcomhpháirt le ADIÉ / ISSU.

    Bhí Ard-Fheis na nÓg ar siúl don tríú uair i mbliana i nGaoth Dobhair le breis is 100 dalta ó 20 scoil. Tá súil againn leanúint leis an bhfás & leis an bhforbairt agus muid ag pleanáil don chéad Ard-Fheis na nÓg eile i gCorca Dhuibhne in Aibreán 2023.

  • 3. Tacaíocht:

    Raidió Rí-Rá: Coinneoimid Raidió Rí-Rá beo ar an aer 24/7 againn agus tá muid ag súil le bheith beo ar FM amach anseo.

    Mythbusting: Tá uasdátú á dhéanamh againn ar an an bhfeachtas Mythbusting le hacmhainní saor in aisce do gach scoil

Carthanas

Ceisteanna Coitianta

An bhfuil aon costas le híoc agus muid ag clárú?

Níl aon costas le híoc ag an scoil agus sibh ag clárú. Seolfaimid pacáiste amach le cártaí urraíochta agus póstaeir shaor in aisce laistigh de chúpla lá. Tabharfaidh sé breis ama duit fiosrú cé mhéad duine ar mhaith leo páirt a ghlacadh

An féidir leis an scoil íoc as na pacáistí, in áit na ndaltaí?

Is féidir cinnte, bíonn go leor scoileanna ag íoc as an lá Gaeilge24 ón mbuiséad Gaeilge atá acu sa scoil. Abair seo linn agus sibh ag clárú sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sa chás seo ní sheolfaimid na cártaí urraíochta chugaibh.

An féidir linn páirt a ghlacadh ar lá eile?

Bíonn go leor scoileanna ag glacadh páirte ar lá eile i Mí na Samhna toisc nach n-oireann lá Gaeilge24 dóibh (14 Samhain). An t-aon difríocht ná nach mbeidh an scoil in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí beo ar líne ar an lá, agus go bhfuil 14 Samhain luaite leis na póstaeir / cártaí

N.B. Tagann na daltaí ar ais ón mbriseadh meántéarma ar 6 Samhain agus an lá is luaithe go bhféadfaimid cinntiú go mbeidh na pacáistí agaibh in am ná 9 Samhain 2023. 

Má tá sé i gceist agaibh tabhairt faoin dúshlán ar lá eile bí cinnte sin a rá linn sa bhosca  “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú.

An féidir le múinteoirí t-léinte a fháil?

Ba bhreá linn go mbeadh na múinteoirí páirteach sa lá Gaeilge24 freisin - agus ní na múinteoirí Gaeilge amháin. 

I mbliana den chéad uair cuirfimid t-léine saor in aisce amháin do gach scoil le breis is 20 dalta cláraithe. Cuirfear greamáin speisialta "Labhair Gaeilge liom inniu" sa phacáiste le cabhrú leis na múinteoirí eile ar an lá.

Bíonn costas mór ag baint leis na t-léinte, agus faraor, níl sé d’acmhainn againn mar charthanas iad a thabhairt amach saor in aisce do gach uile mhúinteoir. Tá 2 rogha eile againn áfach.

  1. Is féidir linn t-léinte a ordú don mhúinteoir ar €5 i gcomhair gach 20 dalta cláraithe (Mar shampla le scoil de 200 dalta cláraithe bheadh t-léine amháin ag dul saor in aisce chuig an scoil agus d’fhéadfaimid 9 t-léine eile a chur fáil ar €5 an t-léine). Sa chás seo coinnigh na huimhreacha do na múinteoirí mar chuid den gnáth ordú ón scoil agus fág nóta sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú / deimhniú uimhreacha linn.
  2. Uaireanta bíonn t-léinte fágtha ó bhlianta eile gur féidir linn a ofráil do na múinteoirí saor in aisce. Ní féidir linn cinntiú go mbeidh an tomhas ceart againn agus tá seans go mbeidh dathanna éagsúla ag baint leo. Iarr orainn sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú / deimhniú uimhreacha linn.
Cén tomhas t-léinte is fearr dul leis?

Toisc go mbíonn Gaeilge24 ag plé le bunscoileanna & iar-bhunscoileanna tá roghanna t-léinte páistí (5-6 bliain, 7-8 bliain, 9-11 bliain, 12-13 bliain) agus roghanna t-léinte daoine fásta ann (L-mór, XL-an mhór, XXL an an mhór). Ní úsáideann muid t-léinte S (beag) nó M (meánach) toisc go bhfuil na t-léinte 12-13 níos mó ná t-léine S agus cruthaíonn seo mearbhall do gach duine.  

De bharr seo ar fad deir muid gurb ionann t-léine 9-11 bliain agus t-léine S (beag) do dhuine fásta. Agus is ionann 12-13 agus t-léine M (meánach) do dhuine fásta. Níl mórán sa difríocht eatarthu. 

Molann muid iarradh ar na daltaí féin cén tomhas t-léine gur fearr leo a chaitheamh- tá spás ar an gcárta urraíochta gur féidir leo féin t-léine a roghnú.

Uaireanta bíonn ar na daltaí na t-léinte a chaitheamh thar éadaí scoile, is fiú sin a thabhairt san áireamh más é sin an chás i do scoil féin.

Seo thíos cairt le tuilleadh eolais faoi tomhas na t-léinte ón gcomhlacht t-léinte. Tá grianghraif againn thuas ag  taispeáint daoine éagsúla ónár bhfoireann féin ag caitheamh na t-léinte éagsúla.

 

Tomhas Mná (tomhas UK) Brollach
5-6 bliain   28” / 72cm
7-8 bliain   30” / 77cm
9-11 bliain (S) 8-10 32” / 82cm
12-13 bliain (M) 10-12 34”-36" / 87-93cm
Mór (L) 14-16 41”-43" / 104-109cm
An-mhór (XL) 18-20 44”-46" / 112-117cm
An-an-mhór (XXL) 22-24 47”-49" / 119-124cm

Tá gach corp éagsúil dar ndóigh ach den chuid is mó nuair atá foireann Chonradh na Gaeilge féin ag glacadh páirte bíonn siad ag caitheamh idir na t-léinte 12-13 (M) nó t-léinte móra (L) agus cúpla XL

An féidir linn bailiú ar son carthanais eile?

Bíonn nasc ag go leor scoileanna le carthanais éagsúla. Is féidir an lá Gaeilge24 a eagrú ar son an charthanais sin freisin. Sa chás seo iarrfaimid oraibh costas na bpacáistí a chlúdach - is féidir aon airgead breise a thiomsaíonn sibh a úsáid le tacú leis an gcarthanas eile. Déan teagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. más maith libh an rogha seo a phlé linn.

An féidir an líon pacáistí atá ordaithe a athrú níos giorra den lá?

Is féidir aon athrú a dhéanamh ar an líon pacáistí atá orduithe go dtí 25 Deireadh Fómhair 2023. Seolfaimid foirm deimhniú sonraí chugaibh seachtain roimh an spriocdháta seo.


Déanfaimid gach rud a ordú ar an lá sin agus ní féidir aon mhórathrú a dhéanamh ina dhiaidh sin. Má tá géar-ghá mionathrú a dhéanamh ina dhiaidh an dáta sin déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus déanfaimid iarracht cabhrú libh mura bhfuil an bosca pacáilte cheana féin, b’fhearr an teagmháil seo a dhéanamh chomh luath is gur féidir, agus roimh na dátaí pacála (6-7 Samhain).

An féidir linn pacáistí a sheoladh ar ais mura úsáideann muid iad?

Faraor bíonn gach uile phacáiste orduithe go speisialta don scoil ina bhfuil sibh nuair a dheimhníonn muid na huimhreacha libh roimh 25 Deireadh Fómhair. Ní féidir linn glacadh le pacáistí atá seolta ar ais chugainn mar sin.

An féidir linn páirt a ghlacadh gan na pacáistí?

Bíonn lán fáilte roimh gach scoil/ coláiste / gnólacht páirt a ghlacadh gan na pacáistí.

Iarann muid oraibh clárú linn fós agus a rá linn cé mhéad daltaí atá sé i gceist go mbeidh ag glacadh páirte gan na pacáistí. Sa chás seo coinneoimid ar an eolas thú faoin lá agus seolfaimid acmhainní chugaibh thar ríomhphost, chomh maith le nasc chuig na himeachtaí don lá.

Cathain gur gá dúinn íoc as na pacáistí?

Bheinn buíoch más féidir an tairgead ata bailithe a sheoladh ar aghaidh chugainn faoin Aoine, 1 Nollaig 2023.  Nuair atá an t-airgead íoctha seolfaimid admháil chugat. Seolfaimid na teastais Gaeilge24 chugat nuair atá gach rud íoctha más rud éigean gur lorg sibh iad- gheobaidh sibh rphost leis na roghanna teastais éagsúla.

Ní gá na cártaí urraíochta a sheoladh ar ais chugainn.

Cén bealach is fearr íoc as na pacáistí?

Tá 3 bealach éagsúil le híoc as na pacáistí

  1. Aistriú Bainc / Lóisteáil:  Bí cinnte Ainm na Scoile agus an uimhir thagartha a lua leis an íocaíocht
IBAN: IE44AIBK93208684130070  
SWIFT AIBKIE2D 
Uimhir Chuntais: 84130070
Cód Sortála: 93-20-86
Ainm an Chuntais: Conradh na Gaeilge
Brainse: AIB, 7 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
  1. Cárta Creidmheasa: Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag ár leathanach tabhartas ag an nasc seo. Bí cinnte Ainm na Scoile agus an uimhir thagartha a lua leis an íocaíocht

  2. Seic: Déan an Seic amach do “Conradh na Gaeilge”. Seoladh: 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas – Uimhir Charthanais: RCN 20003869

Ceisteanna Coitianta

Cláraigh anseo

Mura bhfuil na sonraí ar fad ar eolas agat is féidir an fhoirm a líonadh amach agus na sonraí a dheimhniú linn roimh Dé Céadaoin 25/10/23

Déan teagmháil linn le huimhreacha a dheimhniú nó le ceist ar bith:
+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

10 Smaoineamh don Mhúinteoir

  • 1. Leag amach clár ama don lá le go leor rudaí éagsúla ag tarlú sa scoil as Gaeilge

  • 2. Glac páirt sna himeachtaí "Todhchaí na Gaeilge" atá curtha le chéile againn don lá

  • 3. Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil faoin lá

  • 4. Tabhair greamáin do gach múinteoir ar féidir leo labhairt as Gaeilge

  • 5. Déan seoladh oifigiúil sa scoil le haoichainteoir áitiúil le Gaeilge

  • 6. Cuir scéal chuig stáisiúin raidió áitiúla faoin dúshlán sa scoil

  • 7. Lá Spóirt as Gaeilge / turas as Gaeilge nó físeán ceoil a thaifead as Gaeilge

  • 8. Eagraigh cluichí ar nós Scrabble, Comhaireamh Síos, An Crochadóir as Gaeilge

  • 9. Scaip bileoga le frásaí úsáideacha ar shiopaí áitiúla is ar thuismitheoirí. Mínigh go bhfuil ról ag gach duine an dúshlán a chur i gcrích (is féidir le daltaí siopaí a roghnú mar thionscnamh / obair bhaile sna seachtainí roimh ré)

  • 10. Nasc le scoileanna eile atá ag tabhairt faoin dúshlán don lá - Zoom as Gaeilge 

Bunscoileanna

I mbliana cuirfear pacáiste éagsúil ar fáil do bhunscoileanna & tacaíocht bhreise don mhúinteoir bunscoile le:

  1. Leabhrán frásaí & Póstaeir nua dírithe ar dhaltaí bunscoile amháin
  2. 3 phlean shamplacha don lá scoile iomlán
  3. Tráth na gCeist samplach don lá
  4. Litir shamplach le seoladh chuig tuismitheoirí faoin lá
  5. Frásaí úsáideacha don fhoireann scoile, tuisimitheoirí sa bhaile & siopaí áitiúla
  6. Naisc chuig scannáin, ceol & treoracha don chéilí agus áiseanna úsáideacha eile
Smaointe

Déan teagmháil le foireann Gaeilge24...

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.