Clárúchán 2022 dúnta
Déan teagmháil linn ag
________________________________
300 Scoil- 30,000 Dalta
Lá amháin - Gaeilge gan stad
An mbeidh do scoil páirteach???
Tá ár bpríomhimeacht den chéad téarma Gaeilge24 ar ais arís! Dúshlán iontach don rang, don bhliain nó don scoil ar fad. Cláraigh go luath le cártaí urraíochta a fháil laistigh de cúpla lá.
Céard í an aidhm?
Cuideofar le haigne na ndaoine óga a spreagadh agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin.
Tá fás agus forbairt i gcónaí ag teacht ar Gaeilge24 & anois tá sé ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla ar bhonn náisiúnta le linn an chéad téarma. Beidh na mílte ag glacadh páirte ann arís i mbliana. Le go leor scoileanna cláraithe cheana féin i mbliana táimid ag tnúth le breis is 300 scoil agus 30,000 dalta in 2022.
Cén fáth gur chóir dúinn páirt a ghlacadh?
Céard a fhaigheann na daltaí le cabhrú leo ar an lá?
Iarrfar ar gach dalta €10 / £9 a bhailiú don charthanas.
Gheobhaidh gach dalta atá ag bailiú airgid an pacáiste thíos.
1- Cláraigh luath anseo!
Chomh luath is atá tú cláraithe seolfaimid pacáiste chugat le cártaí urraíochta agus póstaer don scoil. Tabharfaidh sé breis ama duit fiosrú cé mhéad duine ar mhaith leo páirt a ghlacadh. Ná bí buartha mura bhfuil na sonraí ar fad agat anois, cinnteoimid gach rud leat roimh an spriocdháta; 26 Deireadh Fómhair 2022.
2- Cé mhéad dalta?
B’fhearr an iomarca cártaí urraíochta a lorg ar eagla go ritheann tú amach. Is féidir le scoileanna idir bheag agus mhór páirt a ghlacadh - chláraigh roinnt scoileanna le 500+ dalta anuraidh, agus ghlac scoileanna eile le 30 dalta páirt. D’fhéadfadh rang amháin clárú le Gaeilge24, nó an scoil ar fad más fearr libh!
3- Scaip na cártaí urraíochta.
Tiocfaidh pacáiste sa phost le cártaí urraíochta cúpla lá tar éis clárú. Tabhair na cártaí amach do na daltaí a léirigh spéis nó don scoil ar fad más maith leat. Tabhair spriocdháta dóibh le teacht ar ais agus le rá cén tomhas t-léine atá ag teastáil ar an gcárta.
N.B. Bíonn sé i bhfad níos deacra airgead a fháil ar ais ó na daltaí nuair atá an lá thart.
4. Cinntigh uimhreacha linn.
Déan cinnte uimhreacha a chinntiú linn roimh 26 Deireadh Fómhair. Ordóimid na t-léinte agus pacáistí ar an lá seo. Is féidir é seo a dhéanamh tríd rphost nó trí ghlaoch a chur orainn.
5. Cathain a thiocfaidh na t-léinte / pacáistí?
Ordóimid na pacáistí ag tús bhriseadh an mheántéarma nuair a bheidh an t-ordú deireanach againn. Seolfaimid an pacáiste chuig an scoil le cuiréir seachtain roimh an dúshlán. Ba chóir go mbeidh gach pacáiste agaibh sa phost idir 9-11 Samhain. Cuirfear greamáin "Labhair Gaeilge liom inniu" sa phacáiste do mhúinteoirí eile sa scoil.
6. Íocaíocht agus Teastais
Ní gá an t-airgead atá bailithe a sheoladh ar aghaidh go dtí deireadh Mhí na Samhna. Nuair atá an t-airgead íoctha seolfaimid admháil chugat leis na teastais don lá.
FolláineI mbliana, tá Gaeilge24 ag diriú isteach ar an bhfolláine. Tá an-tábhacht ag baint le haire a thabhairt duit féin, go háirithe do dhaoine óga, ó chleachtadh chorp go haireachas, chun ardchaighdeán sláinte a chinntiú.
Tá clár imeachtaí curtha le chéile againn don lá - fiséain theagaisc cruthaithe go speisialta don imeacht, ar féidir libh breathnú orthu le bhur ranganna. Toisc gur seisiúin réamhthaifeadta a bheidh ann, tá an saoirse agaibh pé am a oireann daoibh a roghnú. Tá roinnt moltaí eile ó thaobh cluichí agus gníomhaíochtaí ar féidir libh tabhairt fúthu le linn an lae sibh féin.
Beidh Tráth na gCeist beo & idirghníomhach do mhéanscoileanna ar siúl ag 11.30 a mhairfidh leath uair a chloig. Eagrófar an Tráth na gCeist BEO trí sheimineár gréasáin (Webinar idirghníomhach ag úsáid menti.com) agus beidh duaiseanna le buachan. Ciallaíonn sé seo go mbeidh sibhse in ann muid a fheiceáil agus a chloisteáil sa rang fhad is atá na ceisteanna á gcur againn ach ní bheimid in ann sibh a fheiceáil nó a chloisteáil. Is gá don mhúinteoir amháin clárú don tráth na gceist roimh ré le taispeáint ós comhair an ranga, is féidir le níos mó ná múinteoir clárú ó aon scoil amháin leis an tráth na gceist a thaispeáint ar scáileáin éagsúl sa scoil.
Ní gá do na daltaí clárú ach beidh ar gach dalta a ngléas féin (taibléad, ríomhaire nó fón póca) a bheith acu le ceisteanna a fhreagairt ar an lá. Beidh na daltaí ag glacadh páirt mar dhaoine aonair (ní mar fhoireann). Is feidir le múinteoirí clárú don tráth na gceist meánscoile anois ag an nasc seo.
Más fearr libh Tráth na gCeist a eagrú sibh féin ag am éigean eile beidh ceisteanna ar fáil ar shuíomh Gaeilge24 anseo maidin Luain 14 Samhain:
Am Lóin - Ióga (9 nóim), 13:00 nó am eile a oireann daoibh
https://cnag.ie/ga/rang-ioga-G24
Éist le do chorp. Tabhair faoi rang ióga as Gaeilge - deirtear go laghdaíonn ióga strus, fadhbanna codlata agus imní, agus go gcuireann sé le leibhéil fuinnimh an duine. Bí cinnte bia folláin a ithe chomh maith, le ham lóin iomlán sláintiúil a bheith agat. Toisc gur seisiúin réamhthaifeadta a bheidh ann, tá an saoirse agaibh pé am a oireann daoibh a roghnú.
Lig bhur scíth agus scaoil le strus nó brú ar bith le seisiún suaimhneach - Rang Machnaimh, ar feadh 12 nóiméad. Ceol séimh, análú, comhaireamh - is seisiún é seo a bheidh oiriúnach do chách.
Toisc gur seisiúin réamhthaifeadta a bheidh ann, tá an saoirse agaibh pé am a oireann daoibh a roghnú.Mar aon le himeachtaí Gaeilge24, beidh Raidió Rí-Rá ag craoladh beo go speisialta ar FM ó cheann ceann na tíre ón 14-16 Samhain - ar an raidió i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Gaillimh agus Corcaigh, agus ar rrr.ie/player/ áit ar bith! Ba bhreá linn go nglacfadh sibh páirt sa gcraoladh trí theachtaireachtaí agus iarratais a sheoladh chugainn ar na meáin shóislata leis an #RRRfm agus léifear amach do theachtaireacht agus ainm na scoile nó na ranga ar an aer!
Aiseolas ó 2021
Scaipeadh suirbhé ar gach scoil a bhí páirteach i Gaeilge24 anuraidh. Seo thíos cuid de na freagraí:
(Is féidir gliogáil ar an íomhá thíos le leagan níos mó a fheiceáil)
Ar mhaith leat cúpla focal a rá faoi Gaeilge24?
An Carthanas - Cá dTéann an brabús?
Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas: Uimhir Charthanais RCN 20003869. I mbliana, cabhróidh an brabús ó Gaeilge24 le:
Feachtais:
Gaeilge4All: Feachtas a thosnaíomar cúpla bliain ó shin leis an nGaeilge a chosaint agus a láidriú sa chóras oideachais ionas go mbeidh eispéireas sásúil foghlama Gaeilge ag gach dalta sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Go dtí seo, tá 12,000 síniú faighte againn agus muid ag súil le leanúint leis an mbrú ar an rialtas.
Dúshlán: Comórtas spraíúil a thosaigh muid le 30 dúshlán le baint amach laistigh de 50 uair an chloig. Tá an comórtas ag méadú gach bliain le breis is 400 foireann páirteach i 2022. Cabhraigh brabús Gaeilge24 linn breis duaiseanna
Imeachtaí:
Tá súil againn leathnú amach a dhéanamh ar imeachtaí atá tosaithe againn le daltaí meánscoile a chur faoi oiliúint agus a chumasú. Den chéad uair i mbliana beidh 4 Sheisiún Réigiúnach Traenála i gcomhair Oifigigh Ghaeilge á n-eagrú againn i gcomhpháirt le ADIÉ / ISSU.
Bhí Ard-Fheis na nÓg ar siúl don dara huair i 2020 i Ros Muc díreach roimh Covid-19. Tá súil againn leanúint leis an bhfás & leis an bhforbairt agus muid ag pleanáil don chéad Ard-Fheis na nÓg eile in Aibreán 2023.
Tacaíocht:
Tá Conradh na Gaeilge ag leanúint leis an bhfeachtas le breis ceoltóirí a mhealladh le canadh trí Ghaeilge. Táimid ag obair ar an gcéad leagan eile den Albam CEOL , tá Raidió Rí-Rá á choinneáil beo ar an aer 24/7 againn agus tá muid ag súil le bheith beo ar FM amach anseo.
Tá nasc againn le carthanas eile; an féidir linn páirt a ghlacadh fós?
Bíonn nasc ag go leor scoileanna le carthanais éagsúla. Is féidir an lá Gaeilge24 eagrú ar son an charthanais sin freisin. Sa chás seo iarrfaimid oraibh costas na bpacáistí a chlúdach - is féidir aon airgead breise a thiomsaíonn sibh a úsáid le tacú leis an gcarthanas eile. Déan teagmháil linn ag
10 Smaoineamh don Mhúinteoir:
1. Leag amach clár ama don lá le go leor rudaí éagsúla ag tarlú sa scoil as Gaeilge
2. Glac páirt sna himeachtaí Folláine atá curtha le chéile againn don lá
3. Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil faoin lá
4. Tabhair greamáin do gach múinteoir ar féidir leo labhairt as Gaeilge
5. Déan seoladh oifigiúil sa scoil le haoichainteoir áitiúil le Gaeilge
6. Cuir scéal chuig stáisiúin raidió áitiúla faoin dúshlán sa scoil
7. Lá Spóirt as Gaeilge / turas as Gaeilge nó físeán ceoil a thaifead as Gaeilge
8. Eagraigh cluichí ar nós Scrabble, Comhaireamh Síos, An Crochadóir as Gaeilge
9. Scaip bileoga le frásaí úsáideacha ar shiopaí áitiúla is ar thuismitheoirí. Mínigh go bhfuil ról ag gach duine an dúshlán a chur i gcrích (is féidir le daltaí siopaí a roghnú mar thionscnamh / obair bhaile sna seachtainí roimh ré)
10. Nasc le scoileanna eile atá ag tabhairt faoin dúshlán don lá - Zoom as Gaeilge
Bunscoileanna
Cuirfear pacáiste éagsúil ar fáil do bhunscoileanna & tacaíocht bhreise don mhúinteoir bunscoile le:
1. Leabhrán frásaí nua dírithe ar dhaltaí bunscoile amháin
2. 3 phlean shamplacha don lá scoile iomlán
3. Tráth na gCeist samplach don lá
4. Litir shamplach le seoladh chuig tuismitheoirí faoin lá
5. Frásaí úsáideacha don fhoireann scoile, tuisimitheoirí sa bhaile & siopaí áitiúla
6. Naisc chuig scannáin, ceol & treoracha don chéilí agus áiseanna úsáideacha eile
Conas gur féidir liom clárú
Is féidir clárú ag an nasc seo....
Mura bhfuil na sonraí ar fad ar eolas agat is féidir an fhoirm a líonadh amach agus na sonraí a dheimhniú linn roimh Dhéardaoin 26/10/22
Déan teagmháil linn le huimhreacha a dheimhniú nó le ceist ar bith:
+353 (0)1 4757401 |
6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: