Skip to main content

Céard é an Scéal?

Posted in Eolas.

Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge

Cuireadh tús le ‘Céard é an Scéal? – Tuairimí an phobail i leith na Gaeilge’ sa bhliain 2015.

Tá an taighde seo coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge agus dírithe ar thuiscint níos fearr a fháil ar dhearcadh agus ar thuairimí phobal na hÉireann i leith saincheisteanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge. Go príomha, tá an taighde seo á dhéanamh ar mhaithe le:

  • Aitheantas agus aird a tharraingt ar mhianta agus ar aidhmeanna phobal labhartha na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Tuairimí an phobail i gcoitinne ar roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge a mheas.
  • Eolas a fháil ar cad iad na príomhchonstaicí, mar a shamhlaítear iad do phobal labhartha na Gaeilge, i gcoinne fhás na teanga.
  • Úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bailíodh chun cabhrú le heagraíochtaí, pobail agus gníomhaithe Gaeilge ina gcuid oibre reatha agus sa todhchaí.

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2015

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2016

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2017

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2018

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2019

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2020

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2021

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2022

Céard é an scéal? Tuairimí an Phobail i leith na Gaeilge 2023

Le tuilleadh eolais a fháil faoin taighde seo, déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.