Skip to main content

Tá #Dúshlán 2026
THART!
Comhghairdeas le:

  • 🥇Buachaillí Gan Buairt - Coláiste Choilm, Co. Uíbh Fháilí

    🥈Na Fianna - Loreto An Muileann gCearr, Co na hIarmhí

    🥉Banríona Beaufort - Loreto Beaufort, Co. Bhaile Átha Cliath

    4️⃣ Na Gaeilgeoirí Grámhara - Coláiste Ghlór na Mara, Co. Bhaile Átha Cliath

    5️⃣ Na hÉisc Fiáine - Coláiste Iascaigh, Co. Shligigh

    OLLSCOIL :

    🥇Gaeilgáirí - Coláiste na hOllscoile, Co. Bhaile Átha Cliath

     

Na Dúshláin

Céard é #Dúshlán?
Is í aidhm an chomórtais #Dúshlán ná deis a thabhairt do mhic léinn agus daltaí iarbhunscoile úsáid a bhaint as an nGaeilge i slí taitneamhach, nádúrtha, lasmuigh den seomra ranga.

Bíonn triúr ar gach foireann. Bíonn 30 dúshlán (tascanna) le baint amach laistigh de 50 uair chloig. Beidh #Dúshlán 2026 lán le gach saghas dúshláin - cuid acu le déanamh ar scoil agus sa bhaile. 

Beidh duais éagsúil ann don fhoireann mheánscoile agus don fhoireann ollscoile is fearr.

Cad atá i gCeist le #Dúshlán?

    • Seolfar ríomhphost chuig gach foireann cúpla lá roimh an gcomórtas lena n-uimhir foirne agus le treoracha an chomórtais.
    • Tosóidh an comórtas ag 12:00 ar an Máirt, 27 Eanáir 2026, am a sheolfar na dúshláin ar shuíomh Chonradh na Gaeilge. Cuirfear ríomhphost chuig na foirne leis na dúshláin chomh maith.
    • Caithfidh na hiomaitheoirí pictiúr, físeán nó taifead a sheoladh chugainn de gach dúshlán atá curtha i gcrích acu, mar fhianaise go bhfuil an dúshlán déanta.
    • Tá WhatsApp riachtanach le páirt a ghlacadh. Sula dtosaíonn an comórtas, cuirfidh na foirne ár n-uimhir ghutháin +353 83 1624925 mar theagmhálaí ar a gcuid fóin uilig, agus cruthóidh siad grúpa WhatsApp amháin linn féin agus leis na baill eile ón bhfoireann.
    • Bíonn teacht ar chuntais TikTok, Instagram agus WhatsApp ag teastáil ó na daltaí a ghlacann páirt sa chomórtas, dá bhrí sin níl an comórtas oscailte ach do dhaltaí i mBliain a Trí nó níos sine.

Cad iad na Dúshláin?

Beidh ar na rannpháirtithe roinnt mhaith dúshlán éagsúla a bhaint amach, agus beidh cuid acu i bhfad níos deacra ná cinn eile!

Mar shampla, seans go mbeidh oraibh:

    • Bhur mbio mheán sóisialta a aistriú go Gaeilge.   
    • 20 burpees a dhéanamh agus ag an am céanna, Óró Sé Do Bheatha Abhaile a chanadh ach le baill foirne éagsúil ag canadh gach tríú líne.
    • Cúig áit / ghnó a chuireann seirbhís Gaeilge ar fáil a aimsiú agus a ainmniú.

      Na Buaiteoirí:

      • Is iad na buaiteoirí ná an fhoireann a críochnaíonn na tascanna ar fad sa 50 uair. Má éiríonn le níos mó ná foireann amháin na tascanna ar fad a chríochnú, déanfaidh na moltóirí an cinneadh deireanach maidir leis na buaiteoirí a roghnú bunaithe ar chruthaitheacht agus ar chaighdeán. Beidh duais ann don fhoireann iarbhunscoile is fearr agus don fhoireann ollscoile is fearr.

        Seolfar teastas amach chuig gach foireann a ghlacann páirt sa chomórtas.

        Do bhí na buaiteoirí #Dúshlán 2026 fógratha ag 11:00 ar an Aoine 13 Feabhra ar chraoladh beo ó leathanach Instagram Chonradh na Gaeilge @CnaGaeilge !

         

      Conradh na Gaeilge

      66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
      Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.