Tá clárúchán don scoilbhliain 21/22 oscailte anois. Cláraigh do scoil anseo.
Céard é an Seó Bóthair?
Is ceardlann idirghníomhach í an Seó Bóthair a spreagann daltaí chun smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh maidir lena dtuairimí i leith na teanga. Déanfar plé leis na daltaí faoi na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, faoina gcearta teanga, faoi na deiseanna fostaíochta agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil agus bíonn neart duaiseanna le dáileadh freisin. Eagraíodh breis is 240 ceardlann Seó Bóthair anuraidh agus bíonn forbairt á déanamh againn ar an gceardlann an t-am ar fad le heispéireas níos fearr a chur ar fáil do na daltaí.
Cé dóibh atá sé?
Tá an cheardlann seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana. Tá an cheardlann oiriúnach do ghach cineál scoile - scoileanna lán-Béarla nó Gaelcholáistí, lasmuigh de nó laistigh den Ghaeltacht. Ní gá a bheith buartha faoi chaighdeán Gaeilge na ndaltaí, is féidir an cheardlann a dhéanamh go dátheangach nó as Gaeilge amháin.
Is féidir ceardlann Seó Bóthair a reáchtáil le suas go 50 dalta ag aon am amháin. Dá bharr sin, uaireanta bíonn níos mó ná ceardlann amháin ag teastáil - bíonn ceardlanna á reachtáil againn idir 09:00-10:30, 11:00-12:30 agus 14:00-15:30 de ghnáth, ag brath ar am lóin agus uaireanta scoile.
Céard í an sprioc?
Is í sprioc na ceardlanna ná daltaí na tíre a chumasú agus a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid níos minicí. Eolas mar gheall ar na buntáistí agus na deiseanna atá ann leis an nGaeilge, le gluaiseacht na Gaeilge, agus le feachtais na Gaeilge a chur os a gcomhair.
Cén costas atá ar an Seó Bóthair?
Bíonn costas €100/£90 ar cheardlann amháin, €150/£140 ar dhá cheardlann agus €200/£180 ar thrí cheardlann. Clúdaíonn an praghas seo costais an tSeó Bóthair, ar nós taisteal, trealamh, agus eile.
Tá lascaine 20% ar fáil má chláraítear luath sa scoilbhliain.
Céard atá pléite mar chuid den cheardlann?
- Firicí agus staitisticí faoin nGaeilge
- Deiseanna fostaíochta & cúrsaí 3ú leibhéal le Gaeilge
- Deiseanna úsáide: cén áit le tosú, seirbhísí & cearta teanga
- An Ghaeilge ar líne: na meáin shóisialta & céard atá ar fáil as Gaeilge
- An Ghaeilge sa bhaile: an Ghaeilge i do cheantar & sa todhchaí
- An Ghaeilge ar scoil: tábhacht na Gaeilge mar ábhar scoile
- Obair Chonradh na Gaeilge agus na feachtais Ghaeilge éagsúla ar féidir páirt a ghlacadh iontu: SnaG / Gaeilge24 / An Fáinne / #Dúshlán srl.
- Mythbusting: 10 miotas faoin nGaeilge (fágfar pacáiste 10 gceacht leis na múinteoirí)
- Raidió Rí-Rá agus CEOL
Téama na bliana 2020/21: An Ghaeilge i do thodhchaí
Tá go leor post ar fáil leis an nGaeilge in Éirinn agus san Eoraip le blianta beaga anuas. Ba mhaith linn eolas a roinnt faoi na poist seo agus faoi na cúrsaí tríú leibhéal a bheidh go mór ina gcabhair dóibh siúd atá ag iarraidh post leis an nGaeilge a bhaint amach. Táimid ag súil leis na buntáistí eile a bhaineann leis an nGaeilge a chur faoi bhráid na ndaltaí chomh maith sula leanann siad ar aghaidh chuig an chéad chéim eile sa saol.
An Scoilbhliain 2021/2022
Beidh beirt Chomhordaitheoirí ar an mbóthair i mbliana leis an Seó Bóthair a reáchtáil ar fud na tíre. Róisín Ní Chinnéide (Iarthar 7 Deisceart) agus Devin Ó Cuinn (Oirthear 7 Tuaisceart).
RÓISÍN NÍ CHINNÉIDE Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. +353 83 406 2131 |
DEVIN Ó CUINN Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. +353 86 249 9111 |
Ciarraí | Aontroim |
An Clár | Ard Mhacha |
Corcaigh | Baile Átha Cliath |
Dún na nGall | Cabhán |
Gaillimh | Ceatharlach |
An Iarmhí | Cill Chainnigh |
Liatroim | Cill Dara |
An Longfort | Cill Mhantáin |
Luimneach | Doire |
Maigh Eo | An Dún |
Ros Comáin | Fear Manach |
Sligeach | Laois |
Tiobraid Árann | Loch Gorman |
Uíbh Fhailí | An Lú |
An Mhí | |
Muineachán | |
Port Láirge | |
Tír Eoghain |
Sceideal na Bliana
Róisín Ní Chinnéide | Dátaí | Devin Ó Cuinn |
Gaillimh | 10 - 15 Eanáir | Ard Mhacha / Muineachán / Cabhán |
Corcaigh | 17 - 21 Eanáir | Cill Mhantáin / Loch Garman |
Luimneach / An Clár | 24 - 28 Eanáir | Cill Dara / Baile Átha Cliath |
Maigh Eo / Sligeach | 31 Eanáir - 4 Feabhra | Port Láirge / Cill Chainnigh / Laois |
Ros Comáin / Liatroim | 7 - 11 Feabhra | Baile Átha Cliath |
An Longfort / An Iarmhí | 14 - 18 Feabhra | Fear Manach / Doire / Tír Eoghain |
Briseadh Lár Téarma | 21 - 25 Feabhra | Briseadh Lár Téarma |
Corcaigh | 28 Feabhra - 4 Márta | Cill Dara / Ceatharlach |
Ciarraí | 7 - 11 Márta | An Dún / Aontroim / An Lú |
Gaillimh | 14 - 18 Márta | Aontroim / Ard Mhacha / Doire |
Tiobraid Árann / Uíbh Fhailí | 21 - 25 Márta | Muineachán / Cabhán / Fear Manach |
Maigh Eo / Sligeach | 28 Márta - 1 Aibreán | Laois / Ceatharlach / Cill Chainnigh |
Dún na nGall | 4 - 8 Aibreán | Port Láirge / Cill Mhantáin / Loch Garman |
Briseadh na Cásca | 11 - 22 Aibreán | Briseadh na Cásca |
Is féidir linn teacht chuig an scoil sa dara téarma chomh maith. Socrófar sceideal an dara téarma níos déanaí sa bhliain.
Aiseolas faoin Seó Bóthair:
Tugadh suirbhéanna digiteacha amach do mhúinteoirí agus daltaí a bhí páirteach le linn na bliana. Tá rogha de cheisteanna agus freagraí anseo a léiríonn aiseolas na múinteoirí go cothrom:
Aiseolas ó Mhúinteoirí:
Aiseolas ó dhaltaí:
Céard í Gluaiseacht?
Tá an Seó Bóthair mar chuid den fheachtas Gluaiseacht. Is í aidhm an fheachtais Gluaiseacht ná daoine óga a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid nuair a fhágann siad an scoil.
Léirítear dóibh na bealaí éagsúla ar féidir an Ghaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga, bíodh sé sin lena ngairm amach anseo, ina ceantair féin, lena dteaghlaigh nó fiú amháin sa ghnáthshaol.
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Gluaiseacht, téigh i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Tá Gluaiseacht maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán