Skip to main content

Traenáil na nOifigeach Gaeilge 2025

Is lá traenála é Traenáil na nOifigeach Gaeilge, curtha ar siúl ag Conradh na Gaeilge agus Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann le deis a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile freastal ar cheardlanna idirghníomhacha a bhaineann le conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil agus go leor eile.

Cad atá i gceist leis?

Is deis iontach iad na seisiúin traenála le bualadh le daoine eile a bhfuil suim acu i gcúrsaí na Gaeilge. Reáchtálfar ceardlanna éagsúla ar an lá atá bainteach le réimsí éagsúla den teanga:

 Conas an Ghaeilge a chur chun cinn ar scoil agus imeachtaí a eagrú.

Conas deileáil le tuairimí diúltacha i dtaobh na Gaeilge de.

Eolas ar chúrsaí tríú leibhéal agus gairmeacha le Gaeilge.

Deis bualadh le daoine nua trí Ghaeilge!

Scoláirí i mbun traenáil í BLÁC & Corcaigh .

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.