Uasdátú 23/10/25: Cé go bhfuil clárúchán thart táimid fós ag glacadh le clárúchán déanach. Líon an fhoirm clárúcháin agus beimid ar ais i dteagmháil leat
300 Scoil
30,000 Dalta
Lá Amháin
Gaeilge Gan Stad
30,000 Dalta
Lá Amháin
Gaeilge Gan Stad
An mbeidh do scoil páirteach?
Tá ár bpríomhimeacht den chéad téarma, Gaeilge24, ar ais arís! Dúshlán iontach don rang, don bhliain nó don scoil ar fad.
Cláraigh go luath le cártaí urraíochta a fháil ag tús an téarma.
22/10/25
Spriocdháta le clárú
(ach b'fhearr clárú go luath le cártaí a fháil)
06/11/25
Pacáistí ag teacht
Ba chóir go mbeidh gach pacáiste sna scoileanna idir 5-7 Samhain
11/11/2025
Lá Gaeilge24
(nó lá eile a oireann don scoil)
fágtha le clárú déanach a dhéanamh
ba chóir go mbeimid in ann glacadh le clárúchán déanach ach tiocfaimid ar ais chugat le deimhniú
Céard í an aidhm?
Eispéireas Dearfach
Cuideofar le haigne na ndaoine óga a spreagadh agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin.
Dúshlán
Tá fás agus forbairt i gcónaí ag teacht ar Gaeilge24 & anois tá sé ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla ar bhonn náisiúnta le linn an chéad téarma. Beidh na mílte ag glacadh páirte ann arís i mbliana. Le go leor scoileanna cláraithe cheana féin i mbliana, táimid ag tnúth le breis is 300 scoil agus 30,000 dalta i 2025.
Cén fáth ar chóir
dúinn páirt a ghlacadh?
An Scrúdú Béil - béim faoi leith ar labhairt na Gaeilge
Teanga Bheo Bhríomhar - lasmuigh den seomra ranga
Normalú a dhéanamh ar an nGaeilge - lasmuigh den scoil
Grianghraif ón lá:
Gaelcholáiste Dáibhís
Gairmscoil na Mainistreach
Coláiste Dhúlaigh CDCFE
Coláiste Ghobnait
Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe
Scoil Chuimsitheach Lios Mór
Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin
Gaelcholáiste an Chláir
Gaelscoil Ó Doghair
Laurel Hill Coláiste FCJ
Laurel Hill Coláiste FCJ
Meánscoil Gharman
Meánscoil Iognáid Rís
Pobalscoil Bhreandáin Naofa
Pobalscoil Bhreandáin Naofa
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Scoil Naomh Lughaidh
Bun Chlóidí
An Pacáiste
Tá 2 rogha pacáiste ann arís i mbliana: pacáiste le t-léine nó pacáiste níos saoire le buidéal (as stoc).
Iarrfar ar gach dalta €12 (£10) a bhailiú don phacáiste le T-léine nó €7 (£6) don phacáiste le buidéal, ar son an charthanais.
Gheobhaidh gach dalta atá ag bailiú airgid an pacáiste a roghnaíonn siad.
Seo thíos cairt le tuilleadh eolais faoi tomhas na t-léinte ón gcomhlacht t-léinte.
| Tomhas | Mná (tomhas UK) | Brollach |
|---|---|---|
| 5-6 bliain | 28” / 72cm | |
| 7-8 bliain | 30” / 77cm | |
| 9-11 bliain (S) | 8-10 | 32” / 82cm |
| 12-13 bliain (M) | 10-12 | 34”-36" / 87-93cm |
| Mór (L) | 14-16 | 41”-43" / 104-109cm |
| An-mhór (XL) | 18-20 | 44”-46" / 112-117cm |
| An-an-mhór (XXL) | 22-24 | 47”-49" / 119-124cm |
Molann muid iarradh ar na daltaí féin cén tomhas t-léine gur fearr leo a chaitheamh - tá spás ar an gcárta urraíochta gur féidir leo féin t-léine a roghnú.
Uaireanta, bíonn ar na daltaí na t-léinte a chaitheamh thar éadaí scoile, is fiú sin a thabhairt san áireamh más é sin an chás i do scoil féin.
Tá gach corp éagsúil, dar ndóigh, ach den chuid is mó, nuair atá foireann Chonradh na Gaeilge féin ag glacadh páirte bíonn siad ag caitheamh idir na t-léinte 12-13 (M) nó t-léinte móra (L) agus cúpla XL.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na tomhasanna t-léinte sa rannóg Ceisteanna Coitianta thíos.
Amlíne - Conas Clárú
Tiocfaidh pacáiste sa phost le cártaí urraíochta cúpla lá tar éis clárú. Tabhair na cártaí amach do na daltaí a léirigh spéis nó don scoil ar fad más maith leat. Tabhair spriocdháta dóibh le teacht ar ais agus le rá cén rogha pacáiste/tomhas t-léine atá ag teastáil ar an gcárta.
N.B. De réir aiseolais ó mhúinteoirí thar na blianta, bíonn sé i bhfad níos deacra airgead a fháil ar ais ó na daltaí nuair atá an lá thart.
Déan cinnte uimhreacha a chinntiú linn roimh 22 Deireadh Fómhair 2025. Ordóimid na t-léinte agus pacáistí ar an lá seo. Is féidir é seo a dhéanamh tríd rphost nó trí ghlaoch a chur orainn.
Ordóimid na pacáistí ag tús bhriseadh an mheántéarma nuair a bheidh an t-ordú deireanach againn. Seolfaimid an pacáiste chuig an scoil le cuiréir seachtain roimh an dúshlán.
Ba chóir go mbeidh gach pacáiste agaibh sa phost idir 5-7 Samhain.
Cuirfear greamáin "Labhair Gaeilge liom inniu" sa phacáiste do mhúinteoirí eile sa scoil.
Téama 2025: Todhchaí na Gaeilge
I mbliana, tá Gaeilge24 ag díriú isteach ar théama Thodhchaí na Gaeilge arís. Is é seo an téama is mó a roghnaigh múinteoirí san fhoirm aiseolais anuraidh.
Beidh clár imeachtaí curtha le chéile againn don lá, a thabharfaidh léargas den réimse leathan bealaí go bhféadfadh leis an nGaeilge cur le do shaol amach anseo, agus a phléann le todhchaí na teanga i gcomhthéacsanna éagsúla - ar scoil, sa bhaile, sa cheantar, mar phost agus mar ghníomhaire teanga.
Seo thíos roinnt de na himeachtaí atá i gceist againn a eagrú don lá. Beidh cuid de na himeachtaí seo réamhthaifeadta ionas gur féidir libh breathnú orthu am ar bith le linn an lae.
Tá an Painéal Cainte BEO thart ach is féidir breathnú ar an taifead ANSEO.
Beidh comórtas TikTok idirnáisiúnta ar siúl againn ar an lá bunaithe ar an téama - Todhchaí na Gaeilge.
Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh, fiú daoine nach bhfuil ag glacadh páirte sa lá.
Bain úsáid as an haischlib #gaeilge24 agus déan clibeáil ar @cnagaeilge.
Fógróimid na buaiteoirí roimh dheireadh na seachtaine sin. Duaiseanna:
Céad áit: €300
Dara háit: €200
Tríú háit: €100
Tá an Tráth na gCeist BEO thart ach is féidir breathnú ar an taifead ANSEO.
Tá an Biongó Craiceáilte BEO thart ach is féidir breathnú ar an taifead ANSEO.
Gairmeacha le Gaeilge:
Plé ar chuid do na hearnálacha gur féidir an Ghaeilge a úsáid, le hagallaimh ó daoine ag obair in earnáil na Meáin Cumarsáide, an Earnáil Phoiblí, san Aontas Eorpach, agus in earnáil na Gaeilge.
Físeáin 17 nóiméad atá ann le réimse físeáin bailithe agus curtha in eagar ó Foras na Gaeilge agus GradIreland.
Nasc: https://youtu.be/UnOV52-gsVU
Gaeilge & Teicneolaíocht:
Conas d'fhón & aipeanna a aistriú go Gaeilge, cén suíomhanna / aipeanna atá ar fáil as Gaeilge.
Tá an ceardlann seo ar fáil mar fhísean 7 nóiméad ag an nasc seo: https://youtu.be/SAm--PlD7Xc
Ceardlanna Folláine ó Gaeilge24 2022:
Seo thíos roinnt acmhainní le cabhrú libh ar lá Gaeilge24
- Tráth na gCeist Samplach | Freagraí
- Gearrscannáin/Físeáin TG4
- Cluichí/Físeáin Cúla4 (bunscoileanna)
- Cluiche Gaeilge24- Cabhraigh le hAdam
- Crossfhocal Gaeilge24
- Cluichí - Suíomh Seachtain na Gaeilge le Energia
- Póstaeir don Seomra Ranga- Saotharlann
An Carthanas
Cá dtéann an brábús?
Cá dtéann an brábús?
Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas: Uimhir Charthanais RCN 20003869.
I mbliana, cabhróidh an brabús ó Gaeilge24 le:
1. Feachtais
CEARTA - Agóid Náisiúnta na nGael: Le 6 mhí anuas, táimid ag obair agus ag pleanáil i treo an chéad agóid náisiúnta ar son ár dteanga le breis agus deich mbliana. Tagann an agóid seo i ndiaidh blianta de ghealltanais bhriste nó neamhchomhlíonta agus gníomhartha easnamhacha chun tacú lenár dteanga agus leis an nGaeltacht. Beidh CEARTA ar siúl ar an 20 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath. Cabhróidh brabús Gaeilge 24 le híoc as an imeacht agus gníomhartha eile ar son na Gaeilge.
2. Imeachtaí
Tá súil againn leathnú amach a dhéanamh ar imeachtaí atá tosaithe againn le daltaí meánscoile a thraenáil agus a chumasú.
Traenáil: I mbliana, beidh 4 Sheisiún Réigiúnach Traenála i gcomhair Oifigigh Ghaeilge á n-eagrú againn i gcomhpháirt le ADIÉ / ISSU.
Bhí Ard-Fheis na nÓg ar siúl don chúigiú uair i mbliana i nGaeltacht Chonamara le breis is 100 dalta ó 20 scoil. Tá súil againn leanúint leis an bhfás & leis an bhforbairt agus muid ag pleanáil don chéad Ard-Fheis na nÓg eile i nGaeltacht na nDéise, Port Láirge, Aibreán 2026.
3. Tacaíocht
Raidió Rí-Rá: Coinneoimid Raidió Rí-Rá beo ar an aer 24/7 againn agus tá muid ag súil le bheith beo ar FM amach anseo.
Mythbusting: Tá uasdátú á dhéanamh againn ar an bhfeachtas Mythbusting le hacmhainní saor in aisce do gach scoil.
Ceisteanna Coitianta
Níl aon chostas le híoc ag an scoil agus sibh ag clárú. Seolfaimid pacáiste amach le cártaí urraíochta agus póstaeir shaor in aisce laistigh de chúpla lá. Tabharfaidh sé breis ama duit fiosrú cé mhéad duine ar mhaith leo páirt a ghlacadh.
Is féidir, cinnte! Bíonn go leor scoileanna ag íoc as lá Gaeilge24 ón mbuiséad Gaeilge atá acu sa scoil. Abair seo linn agus sibh ag clárú sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus, sa chás, seo ní sheolfaimid na cártaí urraíochta chugaibh.
Bíonn go leor scoileanna ag glacadh páirte ar lá eile i Mí na Samhna toisc nach n-oireann lá Gaeilge24 dóibh (11 Samhain). An t-aon difríocht ná nach mbeidh an scoil in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí beo ar líne ar an lá, agus go bhfuil 11 Samhain luaite leis na póstaeir/cártaí.
N.B. Tagann na daltaí ar ais ón mbriseadh meántéarma ar 3 Samhain agus an lá is luaithe go bhféadfaimid cinntiú go mbeidh na pacáistí agaibh in am ná 5 Samhain 2025.
Má tá sé i gceist agaibh tabhairt faoin dúshlán ar lá eile, bí cinnte sin a rá linn sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú.
Ba bhreá linn dá mbeadh na múinteoirí páirteach i lá Gaeilge24 freisin - agus ní na múinteoirí Gaeilge amháin.
Cuirfimid t-léine saor in aisce amháin do gach scoil le breis is 20 dalta cláraithe. Faraor, ní féidir linn buidéil a thabhairt do mhúinteoirí de bharr uimhreacha teoranta. Cuirfear greamáin speisialta "Labhair Gaeilge liom inniu" sa phacáiste le cabhrú leis na múinteoirí eile ar an lá.
Bíonn costas mór ag baint leis na t-léinte, agus faraor, níl sé d’acmhainn againn, mar charthanas, iad a thabhairt amach saor in aisce do gach uile mhúinteoir. Tá 2 rogha eile againn, áfach:
- Is féidir linn t-léinte a ordú don mhúinteoir ar €5 i gcomhair gach 20 dalta cláraithe (Mar shampla le scoil de 200 dalta cláraithe bheadh t-léine amháin ag dul saor in aisce chuig an scoil agus d’fhéadfaimid 9 t-léine eile a chur fáil ar €5 an t-léine). Sa chás seo, coinnigh na huimhreacha do na múinteoirí mar chuid den ghnáth ordú ón scoil agus fág nóta sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú/deimhniú uimhreacha linn.
- Uaireanta bíonn t-léinte fágtha ó bhlianta eile gur féidir linn a ofráil do na múinteoirí saor in aisce. Ní féidir linn cinntiú go mbeadh an tomhas ceart againn agus tá seans go mbeadh dathanna éagsúla ag baint leo. Iarr orainn sa bhosca “Aon rud eile gur mhaith leat a rá?” agus sibh ag clárú/deimhniú uimhreacha linn.
Toisc go mbíonn Gaeilge24 ag plé le bunscoileanna & iar-bhunscoileanna, tá roghanna t-léinte páistí (5-6 bliain, 7-8 bliain, 9-11 bliain, 12-13 bliain) agus roghanna t-léinte daoine fásta ann (L-mór, XL-an mhór, XXL an an mhór). Ní úsáideann muid t-léinte S (beag) nó M (meánach) toisc go bhfuil na t-léinte 12-13 níos mó ná t-léine S agus cruthaíonn seo mearbhall do gach duine.
De bharr seo ar fad, deir muid gurb ionann t-léine 9-11 bliain agus t-léine S (beag) do dhuine fásta. Agus is ionann 12-13 agus t-léine M (meánach) do dhuine fásta. Níl mórán sa difríocht eatarthu.
Molann muid iarradh ar na daltaí féin cén tomhas t-léine gur fearr leo a chaitheamh - tá spás ar an gcárta urraíochta gur féidir leo féin t-léine a roghnú.
Uaireanta bíonn ar na daltaí na t-léinte a chaitheamh thar éadaí scoile - is fiú sin a thabhairt san áireamh más é sin an chás i do scoil féin.
Seo thíos cairt le tuilleadh eolais faoi thomhas na t-léinte ón gcomhlacht t-léinte. Tá grianghraif againn thuas ag taispeáint daoine éagsúla ónár bhfoireann féin ag caitheamh na t-léinte éagsúla.
| Tomhas | Mná (tomhas UK) | Brollach |
|---|---|---|
| 5-6 bliain | 28” / 72cm | |
| 7-8 bliain | 30” / 77cm | |
| 9-11 bliain (S) | 8-10 | 32” / 82cm |
| 12-13 bliain (M) | 10-12 | 34”-36" / 87-93cm |
| Mór (L) | 14-16 | 41”-43" / 104-109cm |
| An-mhór (XL) | 18-20 | 44”-46" / 112-117cm |
| An-an-mhór (XXL) | 22-24 | 47”-49" / 119-124cm |
Tá gach corp éagsúil, dar ndóigh, ach den chuid is mó, nuair atá foireann Chonradh na Gaeilge féin ag glacadh páirte bíonn siad ag caitheamh idir na t-léinte 12-13 (M) nó t-léinte móra (L) agus cúpla XL.
Bíonn nasc ag go leor scoileanna le carthanais éagsúla. Is féidir an lá Gaeilge24 a eagrú ar son an charthanais sin freisin. Sa chás seo, iarrfaimid oraibh costas na bpacáistí a chlúdach - is féidir aon airgead breise a thiomsaíonn sibh a úsáid le tacú leis an gcarthanas eile. Déan teagmháil linn ag
Is féidir aon athrú a dhéanamh ar an líon pacáistí atá orduithe go dtí 22 Deireadh Fómhair 2025. Seolfaimid foirm deimhniú sonraí chugaibh seachtain roimh an spriocdháta seo.
Déanfaimid gach rud a ordú ar an lá sin agus ní féidir aon mhórathrú a dhéanamh ina dhiaidh sin. Má tá géar-ghá mionathrú a dhéanamh tar éis an dáta sin, déan teagmháil le
Faraor, bíonn gach uile phacáiste orduithe go speisialta don scoil ina bhfuil sibh nuair a dheimhníonn muid na huimhreacha libh roimh 22 Deireadh Fómhair. Ní féidir linn glacadh le pacáistí atá seolta ar ais chugainn mar sin.
Bíonn lán fáilte roimh gach scoil/coláiste/gnólacht páirt a ghlacadh gan na pacáistí.
Iarann muid oraibh clárú linn fós agus a rá linn cé mhéad daltaí atá sé i gceist go mbeidh ag glacadh páirte gan na pacáistí. Sa chás seo, coinneoimid ar an eolas thú faoin lá agus seolfaimid acmhainní chugaibh thar ríomhphost, chomh maith le nasc chuig na himeachtaí don lá.
Le 10 mbliain anuas, níor tháinig aon mhéadú ar an airgead a iarann muid ar na daltaí a thiomsú do lá Gaeilge24. Mar gheall ar chostais déantúsaíochta agus postais ardaithe, áfach, bhí orainn an praghas a ardú i mbliana. Is é sin an fáth a chuireamar pacáiste níos saoire ar fáil - ionas gur féidir le níos mó daoine páirt a ghlacadh. Is carthanas é Conradh na Gaeilge agus caithfimid cinntiú nach gcailltear airgead ar fheachtas Gaeilge24.
Bheimis buíoch dá bhféadfá an t-airgead atá bailithe a sheoladh ar aghaidh chugainn faoin Aoine, 28 Samhain 2025. Nuair atá an t-airgead íoctha, seolfaimid admháil chugat. Seolfaimid na teastais Gaeilge24 chugat nuair atá gach rud íoctha más rud éigean gur lorg sibh iad - gheobaidh sibh rphost leis na roghanna teastais éagsúla.
Ní gá na cártaí urraíochta a sheoladh ar ais chugainn.
Tá 3 bealach éagsúil le híoc as na pacáistí
- Aistriú Bainc / Lóisteáil: Bí cinnte Ainm na Scoile agus an uimhir thagartha a lua leis an íocaíocht
| IBAN: | IE44AIBK93208684130070 |
| SWIFT | AIBKIE2D |
| Uimhir Chuntais: | 84130070 |
| Cód Sortála: | 93-20-86 |
| Ainm an Chuntais: | Conradh na Gaeilge |
| Brainse: | AIB, 7 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 |
- Cárta Creidmheasa: Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag ár leathanach tabhartas ag an nasc seo. Bí cinnte Ainm na Scoile agus an uimhir thagartha a lua leis an íocaíocht
- Seic: Déan an Seic amach do “Conradh na Gaeilge”. Seoladh: 66 Sráid Camden, Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge cláraithe mar charthanas – Uimhir Charthanais: RCN 20003869
Cláraigh anseo
Mura bhfuil na sonraí ar fad ar eolas agat, is féidir an fhoirm a líonadh amach agus na sonraí a dheimhniú linn roimh Dé Céadaoin 22/10/25.
Déan teagmháil linn le huimhreacha a dheimhniú nó le ceist ar bith:
+353 (0)1 4757401 |
10 Smaoineamh don Mhúinteoir
-
1. Leag amach clár ama don lá le go leor rudaí éagsúla ag tarlú sa scoil as Gaeilge
-
2. Glac páirt sna himeachtaí "Todhchaí na Gaeilge" atá curtha le chéile againn don lá
-
3. Déan bratfhógra mór & póstaeir don scoil faoin lá
-
4. Tabhair greamáin do gach múinteoir ar féidir leo labhairt as Gaeilge
-
5. Déan seoladh oifigiúil sa scoil le haoichainteoir áitiúil le Gaeilge
-
6. Cuir scéal chuig stáisiúin raidió áitiúla faoin dúshlán sa scoil
-
7. Lá Spóirt as Gaeilge / turas as Gaeilge nó físeán ceoil a thaifead as Gaeilge
-
8. Eagraigh cluichí ar nós Scrabble, Comhaireamh Síos, An Crochadóir as Gaeilge
-
9. Scaip bileoga le frásaí úsáideacha ar shiopaí áitiúla is ar thuismitheoirí. Mínigh go bhfuil ról ag gach duine an dúshlán a chur i gcrích (is féidir le daltaí siopaí a roghnú mar thionscnamh / obair bhaile sna seachtainí roimh ré)
-
10. Nasc le scoileanna eile atá ag tabhairt faoin dúshlán don lá - Zoom as Gaeilge
Bunscoileanna
I mbliana, cuirfear pacáiste éagsúil ar fáil do bhunscoileanna & tacaíocht bhreise don mhúinteoir bunscoile le:
- Leabhrán frásaí & póstaeir nua dírithe ar dhaltaí bunscoile amháin
- 3 phlean shamplacha don lá scoile iomlán
- Tráth na gCeist samplach don lá
- Litir shamplach le seoladh chuig tuismitheoirí faoin lá
- Frásaí úsáideacha don fhoireann scoile, tuismitheoirí sa bhaile & siopaí áitiúla
- Naisc chuig scannáin, ceol & treoracha don chéilí agus áiseanna úsáideacha eile
Acmhainní breise...
Bileog Eolais 8 Leathanach
Cárta Urraíochta
Póstaer na Múinteoirí
Póstaer na nDaltaí
Leabhrán frásaí Meánscoileanna
Frásaí agus Leideanna don Lá (Bunscoileanna)
Gníomhaíochtaí Samplacha don Lá (Bunscoileanna)
Tráth na gCeist Samplach
