Skip to main content

Ceardlanna Raidió Rí-Rá

Posted in Scoileanna.

Céard é Raidió Rí-Rá?

Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge. Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí! Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne ag www.rrr.ie, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce.

Untitled-1.jpg

Céard í Ceardlann Raidió Rí-Rá?

Tugann Ceardlann Raidió Rí-Rá deis do dhaltaí scileanna raidió a fhoghlaim. Eagraíonn Raidió Rí-Rá ceardlanna raidió do dhaltaí bunscoile & iarbhunscoile. Foghlaimíonn rannphairtithe scileanna cumarsáide, eagarthóireachta agus léiriúcháin. Beidh cláir raidió á n-ullmhú agus á dtaifead ag na daltaí. Craolfar na cláir raidió is fearr ar Raidió Rí-Rá nó cuirfear iad ar ár suíomh greasáin www.rrr.ieIs deis iontach iad na ceardlanna do dhaltaí taithí a fháil ar ghairm na craoltóireachta agus cuireann siad buntáiste na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga ina luí orthu. Gach eolas faoi na ceardlanna ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.. 

Cathain? 

Beidh Ceardlann Raidió Rí-Rá ar fáil d’iar-bhunscoileanna don bhliain acadúil 2022/2023. Maireann an cheardlann 90 nóiméad agus níl uainn ach seomra ciúin sa scoil. Má tá dhá cheardlann á gcur in áirithe agat, is féidir seisiún amháin a eagrú roimh lón agus seisiún eile a eagrú tar éis lóin, ag brath ar amchlár na scoile. 

Cé mhéad dalta? 

Is féidir le 15 dalta ar a mhéad freastal ar an gceardlann. Tá an spás teoranta toisc go bhfuil béim faoi leith ar obair phraiticiúil.

Cén teanga? 

Is féidir Ceardlann Raidió Rí-Rá a dhéanamh as Gaeilge amháin nó go dátheangach ag brath ar leibhéal Gaeilge na ndaltaí. Déanfar an taifead ar fad as Gaeilge.

Cén costas? 

Tá síntiús €100 / £90 i gceist leis an gCeardlann (15 dalta, 90 nóiméad) a chur ar siúl i do scoil féin. Tá síntiús €150 / £140 i gceist le dhá cheardlann a chur ar siúl (30 dalta, 3 uair a chloig). Clúdaíonn an táille seo an seisiún agus costais taistil.

An Sceideal

45 nóiméad – Clár raidió a ullmhú, cleachtadh & taifeadadh

45 nóiméad – Míreanna vox pop & agallaimh a thaifeadadh 

90 nóiméad san iomlán

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó +353 (0)1 4757401

Bileog do cheardlann RRR 20182019

 Déan íoslódáil ar an mbileog duit féin anseo

3. A5 Bileog RRR ceardlanna 20212022 rp

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.