Skip to main content

Glac Ballraíocht Linn

Cabhraigh linn ionadaíocht a dhéanamh ar 2,102,597+ cainteoir Gaeilge.

Glac páirt sa ghluaiseacht.  Tá do ghlór ag teastáil. Glac ballraíocht linn.                                      

Is féidir leatsa páirt a ghlacadh san eagraíocht Gaeilge is sine sa tír agus tionchar a bheith agat ar thodhchaí na teanga. Mar bhall aonair nó mar bhall craoibhe, beidh tú ag neartú glór agus pobal na Gaeilge ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Glac Páirt sa Ghluaiseacht

Tá 3 Shaghas Ballraíochta againn

Ballraíocht Aonair

Freastalaíonn an córas ballraíochta seo ar dhaoine aonair ar mhaith leo a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. Is féidir le héinne ballraíocht aonair a ghlacadh.

Cláraighanseo Tuilleadh Eolais

Craobh Eagraíochta

Is í seo an craobh thraidisiúnta, dheonach a bhí agus atá fós mar chroílár na heagraíochta. Tá sé mar sprioc phraiticiúil ag craobhacha eagraíochta an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar na craoibhe.

CláraighanseoTuilleadh Eolais

Craobh Chomhpháirteach

Is í Craobh Chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge lena stádas dlí fhéin ach atá fós ag iarraidh a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge, agus mar sin atá beartas comhpháirteachais acu linn.

CláraighanseoTuilleadh Eolais

    Saghasanna Ballraíochta

    Teidlíocht Ballraíochta

    Ballraíocht Aonair

    Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;

    Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena c(h)uid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta.

    Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh le toghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge;

    Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.

    Craobh Eagraíochta

    Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin nó/agus a bheith gníomhach i gcóras daonlathach na heagraíochta.

    Bíonn vóta ag gach ball de Chraobh Eagraíochta ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge gach bliain.

    Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do bhaill chraobhacha, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin a n-imeachtaí a scaipeadh.

    Feidhmeoidh an Craobh Eagraíochta de réir bhunreacht na heagraíochta ó thaobh rialachais de

    Craobh Chomhpháirteach

    Leanfaidh an Chraobh Comhpháirteach, áfach, lena freagrachtaí rialachais fhéin a bhaineann lena stádas mar chuideachta nó eile agus ní faoin rialachas a bhaineann leis an stádas iontaobhais atá ag an gConradh.

    Beidh vóta ag gach ball de Chraobh Comhpháirteach ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge gach bliain.

    Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do theagmhálaithe ainmnithe ag an gCraobh Comhpháirteach, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin a n-imeachtaí a scaipeadh.


    Teidlíocht mar Bhall

    Teagmháil

    Má tá ceist agat faoi bhallraíocht a ghlacadh linn, le do thoil déan teagmháil le Caoimhe Ní Mhaolaí, ár bhFeidhmeannach Ballraíochta agus Oideachais. 

    Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

    Guthán: +353 (0)85 883 8113

    Teagmháil

    Conradh na Gaeilge

    6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
    Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.