Skip to main content

Craobhacha Eagraíochta

Posted in Ballraíocht.

Cad is Craobh Eagraíochta ann? 
Is í an sprioc phraiticiúil atá ag craobh eagraíochta ná an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar nó i réimse na craoibhe sin. Tá Craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge suite ar fud an domhain. Bíonn vóta ag gach craobh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge chuile bhliain. Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do chraobhacha, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin n-imeachtaí a scaipeadh.  

Céard atá de dhíth le Craobh Eagraíochta a chlárú?

Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin, nó ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gcóras daonlathach na heagraíochta. Caithfidh cathaoirleach, runaí, cisteoir agus oifigeach caidrimh phoiblí a bheith ar gach coiste.

Conas Clárú

Is féidir anois do chraobh a athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm SEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.

Déan docxFoirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta cuí (€50 ar bhliain amháin, €150 ar 3 bhliana agus €250 ar 5 bhliana).

*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2023 le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.
*Tá sé ríthábhachtach go bhfuil sonraí reatha ag an Ard-Oifig ionas go bhfaighfidh gach craobh comhfhreagras rialta*

Craobhacha Nua (Eagraíochta amháin)

Déan an fhoirm do docxClárúchán Craoibhe Eagraíochta 23/24 a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Caithfidh an fhoirm seo dul faoi bhráid Choiste Gnó an Chonartha roimh go mbeidh an Chraobh deimhnithe agus ballraíocht le Conradh na Gaeilge bailí.

Teagmháil: 

Pádraig Ó Foghlú, Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachas
Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cláraighanseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.