Skip to main content

2016 Gaeltacht Weekend


Tionól Gaeltachta 2016Saoire Gaeltachta 2016 á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i Ros Muc & in Iorras Aithneach na Gaillimhe ag tús Iúil

Tabharfar léargas faoi leith ar an bPiarsach, ar Ros Muc, agus ar Chogadh na Saoirse le linn Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2016, saoire bliantúil an Chonartha a bheidh ar siúl i Ros Muc agus Iorrais Aithneach na Gaillimhe ó 30 Meitheamh - 3 Iúil 2016 i mbliana.

Tá pacáiste speisialta curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin go dtí an Domhnach le béilí tráthnóna, seimineár, ceolchoirm agus imeachtaí sóisialta san áireamh ar €240, nó ar €190 ón Aoine go dtí an Domhnach.

Is féidir clárú don Tionól Gaeltachta tríd an bpost, ar ríomhphost ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó tríd An Siopa Leabhar ag na naisc thíos:

Pacáiste 1: €240 Déardaoin - Domhnach
Cláraigh anseo

Pacáiste 2: €190 Aoine - Domhnach
Cláraigh anseo

Cuirfear tús leis an Tionól Gaeltachta le fáiltiú in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh ar 9.00in tráthnóna Déardaoin (30 Meitheamh 2016) agus tabharfar cuairt ar na hionaid éagsúla sa pharóiste a raibh baint acu le Pádraig Mac Piarais agus Éirí Amach na Cásca sa turas staire dar teideal An Piarsach, Ros Muc agus Cogadh na Saoirse ar an Aoine (1 Iúil 2016).

Ros Muc

Beidh an Piarsach faoi chaibidil fosta ag an seimineár oscailte Plé 16: An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge ag Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh ar 8.00in oíche Aoine, seimineár atá á reáchtáil mar chuid de shraith de chainteanna arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i mbliana mar chomóradh ar an ról lárnach a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge san Athbheochan Chultúrtha agus san Éirí Amach ag tús an chéid seo caite.

Is é Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bheidh mar chathaoirleach ar Sheimineár an Tionóil agus áireofar Daithí Mac Cárthaigh, abhcóide agus iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge; Seosamh Ó Cuaig, iarbhall de Chearta Sibhialta na Gaeltachta; Edel Ní Churraoin, láithreoir le Raidió Fáilte i mBéal Feirste; agus Caitríona Ó Torna, údar Cruthú na Gaeltachta 1893-1922, i measc na gcainteoirí ar an ardán.

Cladhnach, Ros MucBeidh imeachtaí an Tionóil dírithe ar cheantar Chill Chiaráin agus Iorras Aithneach Dé Sathairn (2 Iúil 2016), áit a mbeidh Féile Chill Chiaráin faoi lánseol. Déanfaidh Micheál Ó Cadhain agus Colm Ó Neasa cur i láthair ar stair agus ar sheanchas Chill Chiaráin i gcomhar le Jackie Mac Donnchadha, file agus scríbhneoir áitiúil, agus Seán Ó Cualáin, de cháil an chomhlachta teilifíse a dhéanann cláracha faisnéise do TG4, ar 1.00in. Beidh deis ag lucht freastail Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge sult a bhaint as comórtas caitheamh cruife móide rásaí gleoiteogaí beaga agus móra um thráthnóna roimh Cheiliúradh Iorrais Aithneach istoíche.

Ní bheidh aon ghanntanas ceoil ná easpa chomhluadair ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana, agus tabharfar aird go háirithe ar shaibhreas cultúrtha an cheantair sa cheolchoirm agus oíche airneáin a reáchtálfar i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Áras na hOllscoile ar Roisín na Mainiach i gCarna oíche Shathairn (2 Iúil 2016), áit a mbeidh ceol, rince agus amhráin ó thrí ghlúin d'ealaíontóirí na háite ar an stáitse.

Is féidir áit a chur in áirithint ar Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2016 tríd An Siopa Leabhar, trí ríomhphost a sheoladh chuig Alma Ní Bhroin ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it., nó trí ghlaoch ar Ard-Oifig an Chonartha ar 00 353 (0)1 4757401 faoin Aoine, 17 Meitheamh 2016.

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.