Skip to main content

SEAS

Posted in Feachtais Eile.

#SEAS17

SEAS: Seisiún Eolais agus Spreagtha

Cad é #SEAS?

Lá Stocaireachta Chonradh na Gaeilge le Teachtaí Dála agus Séanadóirí maidir le tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. 

Bíonn #SEAS Clinic na Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge á eagrú ó thuaidh agus ó dheas gach bliain chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun tosaigh le polaiteoirí ar fud an oileáin.

Bíonn ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus phobal na teanga ó thoghcheantair ar fud na hÉireann i mBaile Átha Cliath / i mBéal Feirste (nó ar líne) chun cruinnithe a dhéanamh le polaiteoirí áitiúla s’acu chun maoiniú breise a éileamh don teanga mar aon le polasaithe nua teanga agus breis tacaíochta trí chéile go háitiúil agus go náisiúnta a lorg. Buíochas ó chroí le gach baill Craoibhe agus le hionadaithe na comharchumainn Ghaeltachta a thacaíonn le #SEAS gach bliain. 

“Spreagann SEAS guthanna Gaeilge agus Gaeltachta chun dúshlán polaiteoirí a thabhairt san Ardchathair, áit ar féidir leo na ceisteanna is tábhachtaí dóibh féin a ardú”

“Tá sé in am don Rialtas infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.”

Is féidir le gach ball agus le gach Craobh cabhrú. Déan teagmháil le d’ionadaithe áitiúla agus na Teachtaí Dála. Le chéile, éireoidh linn tionchar a imirt ar na húdarais chun cothrom na féinne a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile! Tuilleadh eolais: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Seo roinnt pictiúr ó #SEAS sna blianta a chuaigh romhainn:

 

AM4Z2823copy
AM4Z2844copy
AM4Z2888Copy
AM4Z2919copy
AM4Z2970copy
AM4Z2858copy
AM4Z3029copy
AM4Z3080copy
AM4Z3152copy

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.