Skip to main content

Ár Logainmneacha Comhroinnte

Posted in Feachtais Reatha.

People and Place icon  Ár Logainmneacha Comhroinnte.    

Is gné ríthábhachtach dár n-oidhreacht chomhroinnte í traidisiún na logainmneacha anseo, toisc go dtugann siad léargas dúinn ar stair agus ar thírdhreach ár gceantar áitiúla. Meastar go dtagann timpeall 95% dár logainmneacha ón Ghaeilge agus amharcaimid orthu mar bhealach chun níos mó a fhoghlaim faoin teanga. Díríonn an tionscadal seo Ár Logainmneacha Comhroinnte ar an stair agus ar an oidhreacht atá faoi cheilt sna logainmneacha anseo ó thuaidh agus muid ag obair i dtreo comhthuisceana agus meas ar chultúr, ar oidhreacht agus ar cheantair chomhroinnte s’againn. Is forbairt í seo ar ár dtionscadal Ár dTeanga Chomhroinnte, agus i mbliana tá muid fíorbhuíoch as an tacaíocht ónár maoinitheoir, An Roinn Gnóthaí, Eachtracha agus Trádala.

Tá ceithre phríomhghné ag croílár an tionscadail seo:Leabhar

  • Leabhar dátheangach a mhíníonn traidisiún na logainmneacha ó thuaidh agus a thugann samplaí de réir seacht dtéama éagsúil;
  • Ardú feasachta i measc daoine óga, go háirithe an t-aois-ghrúpa 9-14 trí cheardlanna i scoileanna fud fad Chúige Uladh;
  • Ardú feasachta i measc dhaoine fásta, go háirithe trí cheardlanna le grúpaí pobail fud fad Chúige Uladh;
  • Sraith phodchraolta a phléann traidisiún na logainmneacha anseo le saineolaithe éagsúla. 

 

Leabhar Ár Logainmneacha, Ár gCeantair Chomhroinnte:

Is féidir leabhar an tionscadail: Ár Logainmneacha, Ár gCeantair Chomhroinnte a íoslódáil anseo.

 Sraith Físeán ar Ár Logainmneacha Comhroinnte:

Físeán Ár Logainmneacha

Físeán 1: Ár Logainmneacha Comhroinnte i nDoire

Ceardlanna:

Ghlac níos mó ná 2,000 dalta páirt sa scéim seo idir mhí Eanáir agus mí an Mheitheamh 2022, agus tá muid ag clarú bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus grúpaí pobail arís don téarma seo (Mí Mheán an Fhómhair - Nollaig 2022). Déan teagmháil le Lauren Ní Néill ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar 07752372624 le clárú. 

 

People and Place logo Full Colour

 

Sraith Phodchraolta: Ár Logainmneacha, Ár gCeantair Chomhroinnte: 

Is féidir éisteacht lenár sraith phodchraolta nua ar na naisc thíos:              

 

 Eagrán  Achoimre  Nasc
 

Episode: 1: Your Place, Your Space with Prof. Mícheál Ó Mainnín

In this episode Professor Mícheál Ó Mainnín gives us an overview of the place-names tradition, describes the various languages hidden within our local place-names and highlights the link between a person and their place.  https://bit.ly/3pH1DVy
 

Eagrán 2: Bealach an Chlocháin: Ó Dhoire go Dún Sobhairce leis an Dr. Niall Comer

San eagrán seo, téimid ar thuras thart ar Bhealach an Chlocháin leis an Dr. Niall Comer. Tugann sé léargas dúinn ar stair agus ar thábhacht na logainmneacha ó Dhoire go Dún Sobhairce.  https://bit.ly/3CtoQCr 
 Episode 3: Naming the North Coast: Antrim and the Glens  In this episode, Dr. Frances Kane tells us about the importance of ‘home’, mythical places found on the North Coast, and the linguistic diversity seen in our local place-names. https://bit.ly/3IGNL6C 
 Eagrán 4: Logainmneacha Lár Uladh San eagrán seo, beidh muid ag caint le Déaglán Ó Doibhlin faoi logainmneacha Lár Uladh, tábhacht na nguthanna áitiúla agus scéalta sna logainmneacha.   https://bit.ly/3aUWLbJ
 Episode 5: Townlands and the Oral Tradition In this episode, Úna Walsh tells us about the importance of using our local townland names, and how they hold stories of the people, landscape and mythology within them.  https://bit.ly/3vh0kQu
Eagrán 6: Logainmneacha agus Sloinnte na hÉireann  

San eagrán seo, labhraíonn Dr. Kay Muhr, údar an leabhair ‘The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland’ faoin taithí atá aici ag déanamh taighde ar thraidisiún na logainmneacha anseo, agus an nasc láidir idir sloinnte agus logainmneacha na hÉireann.

 https://bit.ly/3cQP6f1
Episode 7: Shared Space: The Role of Place-Names in Ulster In this episode, we listen to Linda Ervine, Úna Walsh, Dr. Niall Comer and Dr. Frances Kane as they discuss the value and importance of celebrating our place-names tradition, as well as the future role of place-names in uniting communities here.   https://bit.ly/3ChSnhZ

 

Teagmháil

Beidh an tionscadal seo ar siúl arís i mbliana. Má tá spéis agat sa tionscadal seo, déan teagmháil le Lauren Ní Néill ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó ar 07752372624.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.