Skip to main content

Fíricí agus Figiúirí

Posted in An Ghaeilge.

Daonáireamh 2016 ó Dheas

Eolas ón bPríomh-Oifig Staidrimh

An bhfuil tú in ann Gaeilge a labhairt?

B’ionann an líon daoine (d’aois 3 bliana agus níos sine) a bhí in ann Gaeilge a labhairt i mí Aibreáin 2016 agus 1,761,420. Bhí níos mó baineannaigh (968,777) ná fireannaigh (792,643) in ann Gaeilge a labhairt.

Lucht scoile agus an Ghaeilge

Idir aois 5 bliana agus 18 mbliana go heisiatach labhair díreach faoi bhun 560,00 páiste Gaeilge ar bhonn laethúil agus iad ar scoil.

Cainteoirí laethúla

Bhí 73,803 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil lasmuigh den chóras oideachais i mí Aibreáin 2016. Bhí níos mó mná (40,361) ná fir (33,442).

Cainteoirí seachtainiúil

Bhí 111,473 duine a dúirt gur labhair siad Gaeilge ar bhonn seachtainiúil lasmuigh den oideachas. Bhí líon sách níos mó baineannaigh a labhair Gaeilge go seachtainiúil san aoisghrúpa 35-44 ná mar a bhí sna haoisghrúpaí neamh-scoile eile.

Na ceantair Ghaeltachta

Tá na ceantair Ghaeltachta sna seacht gcontaetha Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, an Mí, Maigh Eo agus Port Láirge. Dúirt líon iomlán 63,664 duine (d’aois 3 bliana agus níos sine) nó 66.3 faoin gcéad de dhaoine i gceantair Ghaeltachta go rabhadar in ann Gaeilge a labhairt in 2016.

B’ionann líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i réigiúin Ghaeltachta agus 20,586 duine nó 21.4 faoin gcéad den líon iomlán daoine d’aois 3 bliana agus níos sine sna réigiúin sin. Bhí 6,284 breise a labhair Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Níor léirigh an 36,794 eile cé chomh minic a úsaidéann siad an Ghaeilge, nó fiú an raibh sé acu.


Daonáireamh 2011 ó Thuaidh

Eolas ón nGníomhaireacht um Staitisticí agus Taighde Tuaisceart Éireann

De réir staitisticí nua foilsithe ag an Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidrimh agus um Thaighde, deir 29% de Chaitlicigh agus 2% de Phrotastúnaigh go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 13% de mhuintir Thuaisceart Éireann ina iomlán.

Ghlac 3,686 duine páirt sa Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh 2011/12 a raibh bunaithe go hiomlán ar chumas agus úsáid na Gaeilge agus na hUltaise i dTuaisceart Éireann.

De réir Dhaonáirimh 2011, deir 11% (184,898) de mhuintir Thuaisceart Éireann go bhfuil cumas éigin acu sa Ghaeilge, 1% níos airde ná Daonáireamh na bliana 2001.

Ach ní ionann staitisticí an tsuirbhé agus staitisticí an Daonáirimh, mar gheall gur daoine os cionn 16 bhliain d’aois amháin a ghlac páirt sa suirbhé agus is orthu siúd os cionn 3 bhliain d’aois a bhunaítear torthaí an Daonáirimh.

Tugann an Suirbhé Leanúnach Teaghlaigh le fios go bhfuil tuiscint ar an nGaeilge ag 11%. Is féidir 6% í a labhairt, 5% í a léamh agus tá cumas scríobh na Gaeilge ag 5%.

Is i gceantair tuaithe ba mhó a léiríodh cumas sa Ghaeilge agus i measc daoine san aoisghrúpa 16-44.

Dúirt 1% de Chaitlicigh agus 0.5% de Phrotastúnaigh gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga sa bhaile agus úsáideann 4% de mhuintir Thuaisceart Éireann go sóisialta ó am go chéile í.

Léirigh 29% de Chaitlicigh agus 8% de Phrotastúnaigh, 18% san iomlán, spéis i bhfoghlaim na Gaeilge.

An raibh sé seo ar eolas agat...?

Cén aois atá ag an nGaeilge?

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha scríofa is sine agus is stairiúla ar domhan. Chonacthas í den chéad uair i bhfoirm Oghaim sa 5ú haois. Sa lá atá inniu ann is féidir teacht uirthi i suas le 4,500 leabhar, ar an teilifís, ar an raidió, i nuachtáin, in irisí, agus ar an idirlíon.

Cén saghas teanga í an Ghaeilge?

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, a shíolraigh ón tSean-Ghaeilge. Is cosúil gur shíolraigh na teangacha Ceilteacha ar fad ón gComh-Cheiltis agus gur shíolraigh sí sin ón Ind-Eorpais.

Cathain ar tháinig an Ghaeilge go hÉirinn?

Ní féidir bheith cinnte ach meastar go bhfuil sí anseo le 2500 bliain. Bhí teangacha eile in Éirinn roimpi ach faoi 500AD, bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na hÉireann agus ag leathnú trí Albain, cósta thiar na Breataine agus Oileán Mhanann.

Cathain ar tosaíodh ar scríobh na Gaeilge?

Is iad na hiarsmaí is sine dá bhfuil againn den Ghaeilge scríofa ná clocha Oghaim ón 5ú agus 6ú haois. Cuireadh tús le scríobh na Gaeilge san aibítir Rómhánach roimh thús na 7ú haois. Fágann sin gurb í an Ghaeilge an teanga scríofa is sine dá bhfuil fós á labhairt lastuaidh de na hAlpa.

An raibh tionchar ag teangacha eile ar an nGaeilge?

Idir 900 agus 1200AD, fuarthas roinnt iasachtaí ón Lochlannais, mar shampla ‘pingin’ agus ‘margadh’; agus ó Fhraincis na Normannach ina dhiaidh sin, mar shampla ‘cúirt’ agus ‘garsún’. De réir a chéile, ghlac na hAngla-Normannaigh leis an nGaeilge agus faoi thús an 16ú aois, ba chainteoirí Gaeilge formhór phobal na hÉireann arís.

Cathain ar thosaigh meath na Gaeilge?

In ainneoin go raibh Gaeilge ag formhór na ndaoine idir 1200 agus 1600AD, níor theanga riaracháin í riamh agus bhí Béarla ag teastáil le haghaidh gnóthaí riaracháin agus dlí. Bualadh buillí troma ar an nGaeilge le linn an 16ú agus 17ú céad mar gheall ar na plandálacha, Cogadh an Dá Rí agus achtú na bpéindlíthe. Bhí stádas na Gaeilge mar mhórtheanga caillte cé go raibh an Ghaeilge ag formhór phobal na tuaithe; agus thosaigh an pobal ag tarraingt an Bhéarla chucu féin, go háirithe i rith agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.

Cathain ar thosaigh gluaiseacht athbheochan na Gaeilge?

I measc fhorbairtí eile, bunaíodh Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in 1876 agus d’éirigh leis aitheantas a ghnóthú don Ghaeilge sa chóras oideachais. In 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge ar eascair gluaiseacht mór tacaíochta don teanga labhartha as. Tá go leor dul chun cinn déanta sa 120 bliain uaidh sin ar aghaidh.

Tógtha ó shuíomh Sheachtain na Gaeilge. Tuilleadh eolais: www.snag.ie

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.