Clár Oibre Chonradh na Gaeilge
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus timpeall an domhain.
Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Ó shin i leith, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, ó Charn Tóchair go Cúil Aodha agus ó Hong Cong go Ceanada. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go háitiúil ina gceantar féin.
Músclaíonn an eagraíocht uile-Éireann seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht uathúil teanga, agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach luachmhar atá againn.
Ráiteas Misin na hEagraíochta
Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann.
Príomh-Réimsí Oibre
- Abhcóideacht
- Oideachas
- Cumasú pobail
- Siamsaíocht / Féilte
- Ardú feasachta
- Ionadaíocht
Abhcóideacht
Bíonn Conradh na Gaeilge chun tosaigh i bhfeachtais chun an Ghaeilge agus chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chosaint agus a leathnú.
Bíonn idir chruinnithe le polaiteoirí, stáit seirbhísigh agus daoine ábhartha eile; stocaireacht; chomhfhreagras; cheisteanna parlaiminte; leasuithe á moladh ar reachtaíocht; aighneachtaí; thacaíocht páirtithe polaitiúla á lorg; thacaíocht á lorg ón bpobal; laethanta eolais do pholaiteoirí agus chomhdhálacha á n-eagrú; agus eile ar bonn go leanúnach ag Conradh na Gaeilge chun na haidhmeanna abhcóideachta thíosluaite a bhaint amach:
- An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas a chur i bhfeidhm ina hiomlán agus struchtúr le hionchur ón bpobal a chinntiú le tacú leis an gcur i bhfeidhm
- Acht Gaeilge ceartbhunaithe, neamhspleách a reachtú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ó thuaidh
- Institiúidí na Gaeilge a chosaint agus a láidriú
- An Ghaeilge sa chóras oideachais a chosaint agus a fhorbairt thuaidh agus theas
- An Ghaeilge i reachtaíocht na tíre a chosaint, a fhorbairt nó/agus a chur chun cinn
- An Ghaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach agus fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge ann
- Ainmneacha ar chuideachtaí nua stáit a lorg as Gaeilge amháin
- Seasamh na Gaeilge sa chóras códphoist nua ó dheas a chinntiú
- Seasamh na Gaeilge san athchóiriú ar an earnáil phoiblí a chinntiú
- RTÉ agus cuideachtaí stáit eile a bhrú lena ndualgais i leith na Gaeilge a chur i gcrích
- Feiceálacht na Gaeilge ar chomharthaí bóthair na hÉireann a láidriú
- Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta a leathnú agus a fhorbairt i gcomhar le FLAC
Oideachas
Tá Gaeilge á múineadh ag Conradh na Gaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta ó bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1893 agus tá taithí na mblianta ag ár múinteoirí ag spreagadh grá don teanga agus á teagasc ar fud an domhain. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre sa lá atá inniu ann. Cloíonn ranganna Chonradh na Gaeilge le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus cuireann Ard-Oifig an Chonartha tacaíocht ar fáil do chraobhacha a bhíonn ranganna áitiúla a reáchtáil acu. Tá córas clárúcháin lárnach do ranganna na heagraíochta ar-líne ag: www.cnag.ie/courses
Cumasú Pobail
Chomh maith leis an bpobal a chumasú chun an Ghaeilge a labhairt áfach, bíonn Conradh na Gaeilge ag obair chun an pobal labhartha sin a chumasú agus a spreagadh chun í a úsáid. Déanann muid seo fríd An Seó Bóthair, Gluaiseacht, ceardlanna pobail agus óige, i rith an ama.
D'eagraigh Conradh na Gaeilge sraith de cheardlanna um chumasú pobail i gcomhar le grúpa Gaeilge agus cultúir sna Stáit Aontaithe mar chuid den togra idirnáisiúnta Cultúr Club idir na blianta 2016-2019 freisin. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/CulturClub
Cuireann Conradh na Gaeilge tacaíocht leanúnach ar fáil do bhallraíocht na heagraíochta, idir chraobhacha agus bhaill aonair, agus tá líon ballraíochta an Chonartha ag fás le blianta beaga anuas.
Bíonn an pobal á chumasú agus á spreagadh chun cainte i nGaeilge tríd an ngréasán de chiorcail chomhrá Is Leor Beirt atá ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre freisin, agus go deimhin ar fud an domhain. Tá an gréasán idirnáisiúnta seo á fhorbairt i gcónaí agus déanann muid gach iarracht tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do na grúpaí i mbun ciorcail a eagrú bliain i ndiaidh bliana, trí phóstaeir, trí chomhairle agus trí leabhráin de théamaí cainte a sholáthar mar shampla.
Siamsaíocht / Féilte
Eagraíonn Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1 - 17 Márta gach bliain. Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í seo atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain. Ghlac beagnach milliúin daoine páirt sna céadta imeachtaí fud fad an domhain anuraidh. Tuilleadh eolais: www.snag.ie
Ardú Feasachta
Déanann an Conradh an scéim Ár dTeanga Chomhroinnte a reáchtáil i scoileanna sna Sé Chontae mar léiriú ar an oidhreacht chomhroinnte atá againn sa Ghaeilge. Is scéim feasachta í seo a mhíníonn an nasc idir logainmneacha áitiúla agus an Ghaeilge; an nasc idir sloinnte agus an Ghaeilge; an ceangal idir an Ghaeilge agus teangacha eile; stádas na Gaeilge; agus an borradh atá tagtha ar an Ghaeilge le blianta anuas. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/ardteangaroinnte