Skip to main content

An Bailiúchán Náisiúnta

Posted in Glac Páirt.

An Bailiúchán NáisiúntaTá An Bailiúchán Náisiúnta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge fud fad na tíre ar Lá Fhéile Pádraig le breis 's céad bliain anuas. Deis iontach atá sa Bhailiúchán airgead a thiomsú don chraobh nó don ghrúpa áitiúil s'agat féin chomh maith le deis bualadh le daoine nua le Gaeilge sa cheantar agus labhairt leo faoi na himeachtaí Gaeilge a bhíonn ag tarlú go háitiúil.

Eagraíonn Conradh na Gaeilge ceadúnais um bailiúchán ar fud na tíre agus cuireann buicéid, greamáin, agus póstaeir ar fáil le cabhrú ar an lá. Coinníonn grúpaí áitiúla roinnt den airgead le cabhrú leis an obair ar an talamh nó le himeachtaí áitiúla, agus tugtar sciar den airgead do Chonradh na Gaeilge go náisiúnta. Tá an méadú sa Bhailiúchán Náisiúnta le cúpla bliain anuas ag cabhrú linn breis teagmhála a dhéanamh le scoileanna agus le daoine óga faoin nGaeilge, le breis stocaireachta a dhéanamh ar pholaiteoirí ar ghnólachtaí, le breis taighde agus feachtas a reáchtáil, agus le breis tacaíochta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Éirinn agus thar sáile.

Ábhar Tacaíochta don Bhailiúchán NáisiúntaMás spéis leat Bailiúchán a eagrú i do cheantar féin ar Lá Fhéile Pádraig 2023, déan teagmháil linn ag na sonraí thíos le hábhar tacaíochta a ordú.

Teagmháil & Clárúchán:

Aodhán Ó Deá
Stiúrthóir Forbartha
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 4757401

http://bit.ly/bailiuchan

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.