Ranganna i bpearsa
Fáilte go ranganna Chonradh na Gaeilge.
Níl clárúchán ar oscailt faoi láthair toisc go bhfuil Téarma an Earraigh ar siúl.
Cuirfear tús le Téarma an tSamhraidh i mí Bealtaine. Is féidir do shuim a léiriú thíos. Trí sin, tiocfar i dteagmháil leat nuair atá clárúchán ar oscailt do Théarma an tSamhraidh.
Tabhaire do d'aire, ní hionann clárúchán don liosta léiriú spéise agus spás ar cúrsa. Is gá spás a chur in áirithe ar cúrsa nuair a fhaightear an cuireadh.
Déan teagmháil linn
Ríomphost:
Fón: +353 (0)1 475 7401
Téarmaí
Téarma an Earraigh: Eanair-Aibreán
Téarma an tSamhraidh: Bealtaine-Iúil
Dianchúrsa Lúnasa: Lúnasa
Téarma an Fhómhair: Meán Fhomhair-Samhain
Leibhéil ar Fáil
Bonnleibhéal 1.1 (A1.1)
Oiriúnach dóibh siúd:
Atá mar ghlantosaitheoirí Gaeilge
An t-ábhar a chlúdófar:
Fuaimniú agus Struchtúr na Teanga
Topaicí Bunúsacha (msh. Beannachtaí, Fút Féin, Áit Chónaithe agus Saol Laethúil)
Gramadach Bhunúsach (msh. Forainmneacha, Aimsir Láithreach, Réamhfhocail, Uimhreacha, Ceisteanna)
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A1.1 seo déanta agat
----------------------------
Bonnleibhéal 1.2 (A1.2)
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa A1.1 déanta linn cheana acu
An t-ábhar a chlúdófar:
Fuaimniú agus Struchtúr na Teanga
Topaicí Bunúsacha (msh. Scileanna, Cúrsaí Oibre, Bia agus Deochanna, Laethanta Saoire)
Gramadach Bhunúsach (msh. Aidiachtaí, An Chopail, Aimsir Chaite, Modh Ordaitheach)
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Leanúint ar aghaidh ón gcúrsa A1.1
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A1.2 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann frásaí laethúla simplí a thuiscint
Nuair atá tú in ann tú féin a chur in iúl agus ceisteanna pearsanta simplí a fhreagairt
Bonnleibhéal 2.1 (A2.1)
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa tosaitheoirí déanta acu cheana, le leibhéal bunúsach Gaeilge (b’fhéidir ón scoil), agus ag iarraidh na scileanna a athneartú
An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Bunúsacha (msh. Teaghlach, Cúrsaí Oibre, Ócáidí Sóisialta)
Gramadach Bhunúsach (msh. An Chopail, Ord Focail, Dobhriathra, An tInfinideach)
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag leibhéal A1
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A2.1 seo déanta agat
-----------------------------------
Bonnleibhéal 2.2 (A2.2)
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa 2.1 déanta linn cheana acu
An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Bunúsacha (msh. Bia agus Deochanna, Cúrsaí Sláinte, Cur Síos, Cúrsaí Siopadóireachta, Laethanta Saoire, Treoracha)
Gramadach Bhunúsach (msh. An tAlt, Ceisteanna, Modh Coinníollach, Aidiachtaí, Aimsir Láithreach)
Bí ag súil le:
Atmaisféar comoordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Leanúint ar aghaidh ón gcúrsa A1.1
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag leibhéal A1
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A2.2 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann frásaí a bhaineann leis na topaicí atá clúdaithe a thuiscint
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh ar ghnáthchúrsaí
Nuair atá tú in ann cur síos a dhéanamh ort féin
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil na bonnleibhéil A1 agus A2 déanta acu, nó atá Gaeilge déanta ar scoil acu le déanaí
A bhfuil tuiscint mhaith acu ar chúrsaí gramadaí agus foclóra, agus atá ag iarraidh cur le scileanna cumarsáide
An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Idirmheánacha (msh. Teaghlach agus Áit Chónaithe, Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Taistil, Cúrsaí Oideachais, Cur Síos)
Gramadach Idirmheánach (msh. Uimhreacha, Tuiseal Gairmeach, Uimhir Iolra, Dátaí, Claoninsint, Forainmneacha Réamhfhoclacha, Tuiseal Ginideach)
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil tosaitheoirí
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha níos casta
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa B1 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann eolas a thuiscint maidir le gnáthchúrsaí
Nuair atá tú in ann cumarsáid shimplí a dhéanamh ar chúrsaí i.e. suimeanna pearsanta
Nuair atá tú in ann cur síos a dhéanamh ar scéalta/eachtraí a tharla, agus mínithe a thabhairt ar thuairimí
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil tuiscint láidir acu ar an nGaeilge agus ag iarraidh dul i ngleic le gramadach agus struchtúir chasta
An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Idirmheánacha (msh. Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Oideachais, Na Meáin Shóisialta, Teicneolaíocht, Cúrsaí Polaitíochta)
Gramadach Idirmheánach (msh. Rialacha Neamhrialta, Modh Foshuiteach, Clásail, An Chopail, Tuiseal Ginideach)
An Béarlachas a sheachaint
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil A1-B1
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha níos casta
Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa B2 seo déanta agat agus tá tú an-mhuiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann coincheapa casta a thuiscint trí Ghaeilge gan mórán stró
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh gan mórán smaoineamh
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh ar réimse leathan ábhar agus miontuairimí / mionmhínithe a thabhairt
Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil tuiscint an-láidir acu ar an nGaeilge
Atá in ann téacsanna agus struchtúir ghramadaí deacra a thuiscint gan mórán stró
Atá ag iarraidh feabhas a chur ar scileanna cumarsáide agus saibhreas teanga
An t-ábhar a chlúdófar:
Ardtopaicí (msh. Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Oideachais, Cúrsaí Sláinte, Cúrsaí Siamsaíochta, An tSochaí, Litríocht)
Gramadach Idirmheánach (msh. An Clásal Coibhneasta, Tuiseal Ginideach)
Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil A1-B2
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha ag an ardleibhéal
Ag roghnú do leibhéal
Le do thoil, léigh trí chur síos na leibhéal sula gcuireann tú rang in áirithe.
Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal Gaeilge atá agat, déan an triail socrúcháin TEG seo.
Eolas na gCúrsaí
Gnáth-théarma
- Deich seachtaine
- Rang amháin in aghaidh na seachtaine
- Dhá uair an chloig in aghaidh an ranga
- Sos amháin lár-théarma
Dianchúrsa Lúnasa
- Trí seachtaine
- Dhá rang in aghaidh na seachtaine
- Trí uair an chloig in aghaidh an ranga
Clárúchán
Beidh clárúchán don chéad téarma eile ag oscailt go luath.
Léirigh suim anseo.
