Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú freagraí ar roinnt ceisteanna éagsúla bainteach le ranganna atá á reachtáil ag Conradh na Gaeilge. Munar freagraítear do cheist thíos, le do thoil déan teagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Céard iad ranganna Chonradh na Gaeilge?

Is ranganna Gaeilge do dhaoine fásta (18+) iad agus iad ar fáil do gach leibhéal idir ghlantosaitheoir agus daoine líofa.

Leanann ranganna an curaclam Teastas Eorpach na Gaeilge curriculum agus an Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha. 

Múineann múinteoirí cáilithe le taithí na ranganna, atá líon beag foghlaimeoirí iontu.

Cá bhfuil na ranganna ar siúl?

Tá na ranganna fisiciúla ar siúl i mBaile Átha Cliath i gCeann-Áras Chonradh na Gaeilge, 66 Sráid Camden Íochtarach, D02 X201 agus i nGaillimh in Áras na nGael, 45 Sráid Dominic Íochtarach, H91 E1NY. Baintear úsáid as an an mbogearra Zoom leis na ranganna ar líne a reachtáil.

Cathain atá na ranganna ar siúl?

I mBaile Átha Cliath tá 4 téarma le linn na bliana, Téarma an Earraigh, a bhíonn ar siúl idir Eanáir & Aibreán; Téarma an tSamhraidh, a bhíonn ar siúl idir Bealtaine & Iúil; an Dianchúrsa Lúnasa, atá ar siúl ar feadh 3 seachtaine i mí Lúnasa, agus Téarma an Fhómhair, a bhíonn ar siúl idir Meán Fómhair agus Nollaig. Is téarmaí 10-seachtaine iad ár dtéarmaí, le rang amháin gach seachtain idir 19.00 - 21.00 (fisiciúil) agus idir 19.00 - 20.30 (ar-líne).

Tá cúpla difríocht idir na ranganna i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, má tá aon mhearbhall ort, déan teagmháil le Gaillimh ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Cén leibhéal Gaeilge atá agam?

Leanann ár ranganna ar fad an chreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Is féidir scrúdú a ghlacadh le do leibhéal a fhiosrú anseo.

Bonnleibhéal 1.1: Tá Bonnleibhéal 1.1 oiriúnach do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge cheana féin. Leibhéal TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge - www.teg.ie) = A1.1.

Bonnleibhéal 1.2: Tá Bonnleibhéal 1.2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Bonnleibhéal 1.1 nó cúrsa tosaitheoirí eile déanta acu agus Gaeilge an-bhunúsach foghlamtha acu. Leibhéal TEG = A1.2.

Bonnleibhéal 2.1: Tá Bonnleibhéal 2.1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG = A2.1.

Bonnleibhéal 2.2: Tá Bonnleibhéal 2.2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Bonnleibhéal 2.1 nó cúrsa athnuachana eile déanta acu. Bíonn beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón scoil, agus iad ag iarraidh cúrsa athnuachana ag leibhéal bunúsach a dhéanamh chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge. Leibhéal TEG = A2.

Meánleibhéal 1: Tá Meánleibhéal 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG = B1.

Meánleibhéal 2: Tá Meánleibhéal 2 oiriúnach do dhaoine a bhfuil tuiscint réasúnta maith acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil muinín acu in úsáid na Gaeilge. Leibhéal TEG = B2.

Ardleibhéal 1: Tá Ardleibhéal 1 oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna cumarsáide, mar shampla foghraíocht, nathanna cainte, gramadach agus stór focal. Leibhéal TEG = C1.

Rang Cruinnis: Tá an Rang Cruinnis oiriúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá compordach ag labhairt as Gaeilge agus iad ag iarraidh níos mó cruinnis a bhaint amach, go háirithe i scríobh na Gaeilge. Tá sé oiriúnach do dhaoine a bhaineann úsáid as an nGaeilge san áit oibre. Leibhéal TEG = C1.

Céard é Teastas Eorpach na Gaeilge?

Cuirtear cúrsaí Chonradh na Gaeilge in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (OÉ Má Nuad). Cé nach reáchtálann Conradh na Gaeilge scrúduithe oifigiúla TEG mar chuid de na cúrsaí, is féidir le mac léinn ar bith ar spéis leo tabhairt faoin teastas teagmháil a dhéanamh le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad, go díreach ag an uimhir thíos.

Is córas scrúdaithe é TEG d'fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge ón mbonnleibhéal (A1/A2) go leibhéal idirmheánach (B1/B2) go dtí an t-ardleibhéal (C1/C2). Forbraíodh an córas tástála seo in Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, chun córas scrúdaithe a chur ar fáil d' fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge in Éirinn agus thar lear gur mhaith leo a gcuid staidéir a phleanáil agus torthaí a gcuid foghlama a fheiceáil ar bhonn pearsanta agus proifisiúnta.

Tá scrúduithe TEG a dtairscint ag cúig leibhéal - A1, A2, B1, B2 agus C1 in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus thar lear, ina measc Má Nuad, Gaoth Dobhair, Leitir Ceanainn, Caisleán an Bharraigh, An Spidéal, Luimneach, Corcaigh, Cill Chainnigh, Cill Airne, agus Béal Feirste in Éirinn agus Nua Eabhrac, Páras, Prág, Ottawa, agus Sydney thar sáile. Cabhraíonn an córas seo le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a struchturú agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Chomh maith leis sin, tugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist.

Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile.

Tá Ionad na dTeangacha ag obair i gcónaí ar ábhar teagaisc a chur ar fáil do theagascóirí/eagraíochtaí ar mhaith leo a gcuid foghlaimeoirí a stiúradh i dtreo TEG. Tá ábhar teagaisc ar fáil ag leibhéil A1, A2, B1, agus B2 cheana féin, agus é ar fáil ar líne. Tá siollabais agus treoracha leagtha amach do na leibhéil eile agus táthar ag obair ar an ábhar teagaisc faoi láthair.

Is féidir tuilleadh eolais (páipéir scrúdaithe shamplacha, siollabais, ábhar teagaisc agus eile) a fháil ag www.teg.ie nó déan teagmháil le:

Aisling Ní Bheacháin,
Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Fón: 01 708 6417
R-phost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cén costas atá ar ranganna?

Tá idir €150 agus €215 ar na ranganna ag brath ar modh an ranga (i bpearsa/ar líne).

Tá lascainí ar fáil i gcásanna áirithe: má tá tú ag filleadh ar na ranganna, má tá tú ar an bpinsean, má tá tú dífhostaithe nó má tá tú i do mhac léinn. Níl gá ach teacht i dteagmháil leis an Ardoifig ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó  ar +353 (0) 1 475 7401 leis an gcód lascaine a fháil.

An reachtálann sibh cúrsaí ullmhúcháin?

Reachtálann muid cúrsaí ullmhúcháin cúpla uair sa bhliain, cúrsaí le hullmhúcháin a dhéanamh i dtreo na n-agallaimh Gaeilge don chúrsa Hibernia agus cúrsaí dóibh siúd atá ag ullmhú i dtreo an scrúdú béil TEG B1. Fógraítear na cúrsaí siúd ar na meáin agus ar an suíomh seo. Más spéis agat a bheith ar an eolas nuair a thagann cúrsa eile chun cinn, tar i dteagmháil leis an Ardoifig ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Tá diancheachtanna phríobháideacha uaim, an bhfuil a leithéid ar fáil libh?

Níl córas oifigiúil againn le glacadh le diancheachtanna ach má chuirtear an t-eolas ar aghaidh (.e. cén leibhéal atá de dhíth ort, cá bhfuil tú lonnaithe agus cé mhéad uaireanta sa tseachtain srl.) chuig an Ardoifig ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., cuirfimid an t-eolas sin chuig ar bpainéal múinteoirí. Má ghlacann múinteoir leo, beidh an socrú idir tú féin agus an múinteoir go príobháideach.

Conas a chláraím do rang?

Is féidir clárú anseo (Ar Líne / Baile Átha Cliath) nó is féidir leat glaoch fóin a chur ar an Ardoifig ar +353 (0) 1 475 7401. Glacann muid le cárta (VISA, Mastercard) ar líne agus thar an bhfóin. I gcásanna eisceachtúla is féidir linn glacadh le hairgead tirim nó seiceanna.

"Bhí taithí mhaith agam le gach múinteoir i gConradh na Gaeilge"

Foghlaimeoir Ardranga, 2024

"Timpeallacht compordach, spreagtar thú le ceisteanna a chuir, agus is íontach an idirghníomhaíocht idir na foghlaimeoirí agus an múinteoir, le béim ar an gcaint"

Foghlaimeoir, 2023

"Tá na ranganna suimiúil agus curtha i láthair i slí shoiléir. Tá cóimheas maith ag struchtúr an ranga idir chaint agus éisteacht. Is slí ana-thaitneamhach í le teanga a fhoghlaim le múinteoir iontach" 

Foghlaimeoir Reatha, 2024
Teistiméireachtaí

Leibhéil ar Fáil

Bonnleibhéal 1 (A1)

  

Bonnleibhéal 1.1 (A1.1) 

Oiriúnach dóibh siúd:
Atá mar ghlantosaitheoirí Gaeilge

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Fuaimniú agus Struchtúr na Teanga
Topaicí Bunúsacha (msh. Beannachtaí, Fút Féin, Áit Chónaithe agus Saol Laethúil)
Gramadach Bhunúsach (msh. Forainmneacha, Aimsir Láithreach, Réamhfhocail, Uimhreacha, Ceisteanna)

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta

  

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A1.1 seo déanta agat

  

----------------------------

  

Bonnleibhéal 1.2 (A1.2)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa A1.1 déanta linn cheana acu

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Fuaimniú agus Struchtúr na Teanga
Topaicí Bunúsacha (msh. Scileanna, Cúrsaí Oibre, Bia agus Deochanna, Laethanta Saoire)
Gramadach Bhunúsach (msh. Aidiachtaí, An Chopail, Aimsir Chaite, Modh Ordaitheach)

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Leanúint ar aghaidh ón gcúrsa A1.1

  

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A1.2 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann frásaí laethúla simplí a thuiscint
Nuair atá tú in ann tú féin a chur in iúl agus ceisteanna pearsanta simplí a fhreagairt

Bonnleibhéal 2 (A2)

  

Bonnleibhéal 2.1 (A2.1)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa tosaitheoirí déanta acu cheana, le leibhéal bunúsach Gaeilge (b’fhéidir ón scoil), agus ag iarraidh na scileanna a athneartú

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Bunúsacha (msh. Teaghlach, Cúrsaí Oibre, Ócáidí Sóisialta)
Gramadach Bhunúsach (msh. An Chopail, Ord Focail, Dobhriathra, An tInfinideach)

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag leibhéal A1

  

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A2.1 seo déanta agat

  

-----------------------------------

   

Bonnleibhéal 2.2 (A2.2)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil cúrsa 2.1 déanta linn cheana acu

   

An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Bunúsacha (msh. Bia agus Deochanna, Cúrsaí Sláinte, Cur Síos, Cúrsaí Siopadóireachta, Laethanta Saoire, Treoracha)
Gramadach Bhunúsach (msh. An tAlt, Ceisteanna, Modh Coinníollach, Aidiachtaí, Aimsir Láithreach)

   

Bí ag súil le:
Atmaisféar comoordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Leanúint ar aghaidh ón gcúrsa A1.1
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag leibhéal A1

   

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa A2.2 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann frásaí a bhaineann leis na topaicí atá clúdaithe a thuiscint
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh ar ghnáthchúrsaí 
Nuair atá tú in ann cur síos a dhéanamh ort féin

Meánleibhéal 1 (B1)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil na bonnleibhéil A1 agus A2 déanta acu, nó atá Gaeilge déanta ar scoil acu le déanaí
A bhfuil tuiscint mhaith acu ar chúrsaí gramadaí agus foclóra, agus atá ag iarraidh cur le scileanna cumarsáide

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Idirmheánacha (msh. Teaghlach agus Áit Chónaithe, Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Taistil, Cúrsaí Oideachais, Cur Síos)
Gramadach Idirmheánach (msh. Uimhreacha, Tuiseal Gairmeach, Uimhir Iolra, Dátaí, Claoninsint, Forainmneacha Réamhfhoclacha, Tuiseal Ginideach)

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil tosaitheoirí
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha níos casta

  

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa B1 seo déanta agat agus tá tú muiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann eolas a thuiscint maidir le gnáthchúrsaí
Nuair atá tú in ann cumarsáid shimplí a dhéanamh ar chúrsaí i.e. suimeanna pearsanta
Nuair atá tú in ann cur síos a dhéanamh ar scéalta/eachtraí a tharla, agus mínithe a thabhairt ar thuairimí



Meánleibhéal 2 (B2)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil tuiscint láidir acu ar an nGaeilge agus ag iarraidh dul i ngleic le gramadach agus struchtúir chasta

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Topaicí Idirmheánacha (msh. Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Oideachais, Na Meáin Shóisialta, Teicneolaíocht, Cúrsaí Polaitíochta)
Gramadach Idirmheánach (msh. Rialacha Neamhrialta, Modh Foshuiteach, Clásail, An Chopail, Tuiseal Ginideach)
An Béarlachas a sheachaint

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil A1-B1
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha níos casta

  

Tá tú réidh le bogadh ar aghaidh:
Nuair atá an cúrsa B2 seo déanta agat agus tá tú an-mhuiníneach faoi do chuid tuisceana
Nuair atá tú in ann coincheapa casta a thuiscint trí Ghaeilge gan mórán stró
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh gan mórán smaoineamh
Nuair atá tú in ann cumarsáid a dhéanamh ar réimse leathan ábhar agus miontuairimí / mionmhínithe a thabhairt

Ardleibhéal (C1)

Oiriúnach dóibh siúd:
A bhfuil tuiscint an-láidir acu ar an nGaeilge
Atá in ann téacsanna agus struchtúir ghramadaí deacra a thuiscint gan mórán stró
Atá ag iarraidh feabhas a chur ar scileanna cumarsáide agus saibhreas teanga

  

An t-ábhar a chlúdófar:
Ardtopaicí (msh. Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Oideachais, Cúrsaí Sláinte, Cúrsaí Siamsaíochta, An tSochaí, Litríocht)
Gramadach Idirmheánach (msh. An Clásal Coibhneasta, Tuiseal Ginideach)

  

Bí ag súil le:
Atmaisféar compordach, le deiseanna ceisteanna a chur
Meascán chleachtaí gramadaí, foclóra, éisteachta, labhartha, léitheoireachta, agus scríbhneoireachta
Cur le topaicí atá clúdaithe cheana ag na leibhéil A1-B2
Léargas níos doimhne ar phointí gramadaí clúdaithe go dtí seo, agus tús le struchtúir agus rialacha ag an ardleibhéal

Ag roghnú do leibhéal

Le do thoil, léigh trí chur síos na leibhéal sula gcuireann tú rang in áirithe.

Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal Gaeilge atá agat, déan an triail socrúcháin TEG seo.

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.