Skip to main content
An Dream Dearg

#AchtAnois

Cad é an Lá Dearg?

Beidh an Lá Dearg 2022 ag titim amach i mBéal Feirste. Beidh Gaeil fud fad na tíre agus fud fad na cruinne ag bailiú le chéile. Iarrtar ar phobal na Gaeilge #dearg a chaitheamh don lá chun dlúthpháirtíocht a léiriú don fheachtas ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Bhí an Lá Dearg deireannach ann in 2017, cúig bliana ó shin cothrom an deireadh seachtaine céanna. Beidh mórshiúl ó Chultúrlann McAdam Ó Fiach go Halla na Cathrach i mBéal Feirste, áit a mbeidh ceol, óráidí agus craic. Is ócáid teaghlaigh é an Lá Dearg agus tá fáilte mhór roimh chách. Le haghaidh tuilleadh eolais, pictiúir agus uasdátithe is féidir cuairt a thabhairt ar FacebookTwitter An Dream Dearg fosta.

Mórshiúl

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach, Béal Feirste
21.05.2022

An bhfuil busanna ag dul?

Tá neart neart busanna ag dul ó aiteanna éagsúla fud fad na tíre. Tá cuid mhór de na busanna agus na sonraí teagmhála le feiceáil san íomhá thíos anseo. Níl le déanamh ach teagmháil leis an ghrúpa áitiúil chun d'áit féin a chur in áirithe - ach déan go gásta é nó tá na spásanna ag líonadh cheana féin.

Má tá plean agat tiomáint tú féin: Beidh parcáil Caranna ar fáil saor in aisce i gcomhar leis An Dream Dearg ag Carrchlós ar chúl Choláiste Mhuire in Ard na bhFeá & i gcarrchlós Scoil Naomh Doiminic ó 10:30-4:30.

Cad é clár-ama an lae?

  • 1.00pm - 1.30pm.
    Teacht le chéile taobh amuigh den Chultúrlann don Lá Dearg
  • 1.30pm - 2.30pm.
    Mórshiúl go Halla na Cathrach
  • 2.30pm - 3.30pm.
    Ceol, Óráidí agus Siamsaíocht ag an Ardán Dearg taobh amuigh de Halla na Cathrach
  • 4.00pm - 4.15pm
    Críoch

Cá háit a mbeidh muid ag bailiú le chéile?

Beidh na mílte Gael ag teacht le chéile don lá agus is ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheas muid ag bailiú le chéile. Chun cuidiú leis na maoir an méid sin daoine a bhainistiú agus a choinneáil slán ar an lá iarrtar ar ghrúpa / scoileanna / eagraíochtaí / páirtithe seasamh le chéile sa tsráid cuí a luaitear leat san íomhá mhór thíos anseo. Má bhíonn aon cheisteanna agat is féidir labhairt le maor ar an lá nó rphost a chur chuig This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. roimhe sin.

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.