Moltaí do Pholasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht


 

 26DF2020 Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht Dátheangach

 

Moltaí do Pholasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht

Cén fáth a bhfuil Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht ag teastáil?

Titim i líon na gcainteoirí laethúil sa Ghaeltacht:
• Léirigh Daonáireamh na bliana 2016 gur tharla titim thubaisteach 11% i líon na gcainteoirí laethúla
Gaeltachta sa tréimhse 2011 – 2016
• Tá gá le gníomh dearfach eisceachtúil chun an Ghaeltacht a chosaint

Cosaint a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais:
• Faoi láthair tá ar a lán daoine óga bogadh amach as an nGaeltacht mar nach bhfuil siad in ann cead
pleanála a fháil ar a dtalamh féin
• Tá glúin daoine óga sa Ghaeltacht nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar
féin agus atá orthu imeacht ón nGaeltacht
• Tá daoine sa Ghaeltacht atá i dteideal tithe sóisialta á mbrú amach as a bpobal féin mar nach bhfuil
dóthain tithe sóisialta á dtógáil sa Ghaeltacht

Cinntiú nach maraítear an Ghaeltacht trí líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí sa cheantar:
• Léiríonn gach taighde go ndéantar dochar do labhairt na Gaeilge nuair a thagann grúpa mór daoine
aonair agus teaghlaigh gan Ghaeilge chun cónaí sa Ghaeltacht
• Lagaítear an Ghaeilge sa phobal, sa chóras oideachais, in imeachtaí pobail agus mar ghnáththeanga labhartha



Cén buntáiste a bheadh le Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht?

Cinnteacht do phobal na Gaeltachta
• An cur chuige céanna in úsáid i ngach contae Gaeltachta

Cinnteacht do na hÚdaráis áitiúla
• Polasaí comónta i ngach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta lonnaithe ann
• Riachtanais na Gaeltachta aitheanta go foirmiúil i bpolasaí pleanála an chontae
• Polasaí a bheidh ag tacú leis na pleananna teanga i ngach limistéar Gaeltachta

Cinnteacht d’fhorbróirí
• Eolas cruinn ag forbróirí i ngach limistéar Gaeltachta
• Sábháil airgid agus ama d’fhorbróirí trí gan a bheith ag plé le scéimeanna nach bhfuil ag teacht leis an
bpolasaí náisiúnta, i gcomparáid leis an gcóras reatha ad hoc gur minic a chríochnaíonn sé os comhar
an Bhoird Pleanála nó sna cúirteanna

Deis cur le pobal na Gaeltachta agus stop a chur leis an mbánú tuatha Gaeltachta
• Cuirfear in athuair leis an líon de phobal na Gaeltachta atá ina gcónaí ina bpobal féin
• Tabharfar deis do chainteoirí líofa Gaeilge bogadh chun cónaí sa Ghaeltacht
• Cuirfear leis an eacnamaíocht áitiúil agus le forbairt gheilleagar na Gaeltachta


Is féidir an doiciméid ina iomlán in éineacht leis an bPolasaí féin a léamh ANSEO.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.