Skip to main content

Aontaithe ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2024 go bhfuil “teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr chun maoiniú sásúil a chur ar fáil”

Paula Melvin tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don triú bliain as a chéile i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath

Rúin rite ag Conradh na Gaeilge ar lorg pholasaí náisiúnta do thithíochta sa Ghaeltacht, ag éileamh “sos cogaidh buan láithreach” sa Phailistín, agus rún maidir leis an Phlean Fáis, i measc go leor eile

Thit mór-imeachtaí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge amach Dé hAoine, 23 Feabhra agus Dé Sathairn, 24 Feabhra in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath. Thug an tAire Stáit Jack Chambers TD Óráid an Taoisigh, Leo Varadkar, mar chuid d’imeachtaí na hArd-Fheise.

Bhí breis agus 40 rún le plé a bhí curtha i láthair agus molta ag craobhacha agus ag baill de Chonradh na Gaeilge. I measc na mór-rún a ritheadh, glacadh le:

  • Rún a éilíonn gníomh ón Aire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, ar pholasaí náisiúnta do thithíocht Ghaeltachta;
  • Rún a aithníonn go bhfuil “teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr chun maoiniú sásúil a chur ar fáil” do chur chun cinn na Gaeilge le 20 bliain; aontaíonn an Ard-Fheis bliain amháin eile a thabhairt don iarracht maoiniú Fhoras na Gaeilge a dheisiú. Ag an pointe sin, sa chás nach bhfuil ceist an mhaoinithe socruithe mar is ceart, déanfar cinneadh arbh fhearr éileamh le deireadh a chur leis an áisíneacht tras-teorann mar atá agus múnla eile a chur ina háit;
  • Rún a dhearbhaíonn go bhfuil Conradh na Gaeilge “ag éileamh sos cogaidh buan láithreach sa Phailistín”;
  • Rún a éilíonn gníomh ó pháirtithe polaitiúla ar an Phlean Fáis - Plean Infheistíochta don Gaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029;
  • Rúin maidir le géarchéim san oideachas thuaidh agus theas & feachtas #Gaeilge4All;
  • Rúin maidir le cearta teanga ó thuaidh, idir An Coimisinéir Gaeilge agus an Straitéis 20 Bliain;
  • …agus go leor, leor eile nach iad *(Tá tuilleadh eolais ar na rúin ag bun an ráitis seo).

Tuilleadh eolais ar fhriotal na rúin ag bun an ráitis.

Mar chuid den Ard-Fheis, bíonn deis ag teachtaí vóta chaitheamh ar son Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus ar son ionadaithe (12) ar an Choiste Gnó. Toghadh Paula Melvin in athuair mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus toghadh Coiste Gnó úrnua a bheidh ag feidhmiú go Feabhra 2025.

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Tá lúchair orm a bheith atofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mo cheantar dúchais féin i mBaile Átha Cliath 15. Le bliain anuas, tá ionadaíocht déanta agam go forleathan ar son na Gaeilge, ó Ollscoil Harvard go Halla na Cathrach, Béal Feirste. Táim ag súil go mór le leanúint lenár gcuid oibre ach go háirithe chun córas na ndíolúintí a athrú ó dheas, le Plean Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta a bhaint amach don Ghaeltacht faoi dheireadh agus na cearta a baineadh amach ó thuaidh le blianta beaga anuas a cur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.”

“Ar ndóigh, ní bheadh ann don gConradh gan na craobhacha, gan na baill agus gan an obair dhochreidte a dhéanann siad, go deonach, ó bhliain go bliain. Tá muid beo ar fad ar fhuinneamh, ar fhís agus ar thiomántas ár mball. Tugann an Ard-Fheis deis dúinne, mar sin, na baill sin, agus an obair cheannródaíoch a dhéanann siad, a aithint agus a chéiliúradh. I bliana bhí deis againn gníomhaithe na bliana a aithint i ngach Cúige, mar aon le haitheantas náisiúnta orthu siúd a d’imir tionchar mór ar chúrsaí teanga le linn na bliana. Gabhann muid buíochas lenár mball agus lenár gcraobhacha ar fad as ucht na hoibre don teanga atá bainte amach acu le bliain anuas.”

Sa bhreis ar na rúin, bhí plé phainéal aréir le ceist na tithíochta agus ceist an oideachais go mór i mbéal an tslua. Mar chuid den díospóireacht, labhair Aengus Ó Snodaigh, TD (Sinn Féin); Éamon Ó Cuív, TD (Fianna Fáil) agus Marie Sherlock, Seanadóir (Páirtí an Lucht Oibre). Is Máirín Ní Ghadhra, Raidió na Gaeltachta, a bhí mar Chathaoirleach ar an phlé.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Tá clár oibre Chonradh na Gaeilge dearbhaithe trí phróiseas daonlathach na hArd-Fheise ag ár mballraíocht don chéad bhliain eile. Anois, rachaimid i mbun oibre leis na rúin a aontaíodh leo a chur i bhfeidhm. D’aontaigh na teachtaí go bhfuil sé in am againn gníomhú ar Pholasaí Náisiúnta don Tithíocht Ghaeltachta, gníomhú ar an Phlean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge & don Ghaeltacht 2024-2029, agus gníomhú ar ghealtanais ón Chlár Rialtais maidir le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán i 2020, a fhorbairt láithreach bonn. Ritheadh rún dlúthpháirtíochta thar a bheith suntasach maidir leis an Phailistín agus mar thoradh ar ghuth ár gcraobhacha tá Conradh na Gaeilge anois ag éileamh sos cogaidh buan láithreach sa Phailistín.”

“Ritheadh rún thar a bheith cinniúnach maidir le todhchaí Fhoras na Gaeilge. Caithfidh muid a bheith ionraic. Is é tuairim Chonradh na Gaeilge ná go bhfuil Foras na Gaeilge agus an struchtúr maoinithe briste. Nuair atá rud éigin briste is gá amharc air, é a leasú, é a athrú nó rud éigin eile a chur ina áit. Sin atá molta againn sa chás seo, go mbeidh bliain eile againn chun iarracht a dhéanamh an infheistíocht chuí a mhealladh. Sa chás nach bhfuil na polaiteoirí thuaidh theas i ndiaidh sin a shocrú, beidh muid ag amharc ar an rogha an Foras a athrú nó ag éileamh le deireadh a chur leis agus múnla eile a mholadh ina áit. Beidh dualgas ar Chonradh na Gaeilge, roimh an Ard-Fheis in 2025, moltaí maidir le múnlaí eile a ullmhú agus iad a phlé leis an phobal trí chéile. Rud amháin atá iontach soiléir, ní féidir linn leanúint ar aghaidh leis an status quo.”

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Mháirín Ní Ghadhra (Raidió na Gaeltachta & TG4) agus bronnadh Gradam Oibrí Deonach Náisiúnta ar Bhreandán Ó Cathasaigh (Ógras), oíche Shathairn 24 Feabhra ag 9:00i.n.

FRIOTAL NA RÚN

Rún 1a. Tithíocht:
Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien TD, gníomhú chun spriocanna an Pholasaí Náisiúnta don Tithíocht Ghaeltachta atá comhordaithe ag Conradh na Gaeilge a fheidhmiú gan a thuilleadh moille. Ba chóir na moltaí atá ag éirí as an bpolasaí a chur san áireamh sna dréacht-treoirlínte don phleanáil sa Ghaeltacht, ar chóir a fhoilsiú gan aon mhoill eile, agus sa Bhille um Pleanáil agus Forbairt, 2023 atá ag dul trí Thithe an Oireachtais faoi láthair.

Rún 2a. Oideachas:
Cáineann an Ard-Fheis seo cinneadh an Aire Oideachais, Norma Foley TD, leis an líon ama do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó dheas a laghdú 30 nóiméad sa tseachtain ó rang a 1 go dtí rang a 6. Éilíonn an Ard-Fheis uirthi an cinneadh seo a tharraingt siar agus polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar a gheall Fianna Fáil san olltoghchán i 2020 dúinn agus atá luaite sa Chlár Rialtais reatha, a fhorbairt láithreach bonn. Is í an chéad chéim leis an bpolasaí seo a fhorbairt ná Coiste Saineolais a bhunú leis an ‘Moladh Chun Tosaigh’, cáipéis a chuir an Coiste Oideachais comhordaithe ag Conradh na Gaeilge le chéile, agus a bronnadh ar an Aire i mí Iúil a fhorbairt.

Rún ar Fhoras na Gaeilge:
Aithníonn an Ard-Fheis go bhfuil ag teip ar Fhoras na Gaeilge mar struchtúr chun maoiniú sásúil a chur ar fáil do chur chun cinn na Gaeilge ar feadh breis is 20 bliain, agus go bhfuil an obair phobail thuaidh agus theas chun an Ghaeilge a chur chun cinn thíos leis dá bharr. Dá mbeadh an ráta fáis céanna ag an bhForas is a bhí ag an gComhairle Ealaíon ó dheas le 20 bliain anuas bheadh buiséad de breis is €50 milliúin sa bhliain ag an áisíneacht anois in ionad an buiséad reatha de €17 milliúin.

Aontaíonn an Conradh gur chóir bliain amháin eile a thabhairt don iarracht chun maoiniú Fhoras na Gaeilge a dheisiú, i gcomhthéacs an Phlean Fáis ó thaobh leibhéal maoinithe de, agus sa tréimhse bhliana sin go bhfiosrófar múnlaí maoinithe nua don teanga lasmuigh den Ghaeltacht ar eagla nach féidir an struchtúr tras-teorann a dheisiú.

Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur chóir breithiúnas agus cinneadh a dhéanamh ag Ard-Fheis 2025 arbh fhearr deireadh a chur leis an áisíneacht tras-teorann mar atá agus múnla eile a chur ina háit mura bhfuil na polaiteoirí tar éis gníomhú idir an dá linn le maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge don tréimhse 2025-2030.

Rún 30. faoin Phalaistín:
Aontaíonn an Ard-Fheis seo leis an rún a ghlac an Coiste Gnó leis ar 2 Nollaig 2023: ‘Aithníonn agus molann Conradh na Gaeilge an ról ceannasaíoch atá á imirt ag Gaeil, craobhacha agus baill ar fud na tíre, ag agóidí agus i ngluaiseachtaí dlúthpháirtíochta le muintir na Palaistíne agus iad ag éileamh sos cogaidh buan láithreach’ agus aontaítear go mbeimid mar eagraíocht réamhghníomhach chun craobh a bhunú sa Phalaistín nuair is féidir amach anseo agus ag éirí as an rún, éilíonn Conradh na Gaeilge sos cogaidh buan láithreach.

MEÁIN

Tá tuairisc ar na rúin ar fad a pléadh anseo.

Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin agus tuairiscí ón eagraíocht anseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.