Gailearaí
Baile Átha Cliath 2023
Agus mí an Bhróid linn, déanaimis an phobal aiteach a cheiliúradh agus aithnímis an obair atá le déanamh againn uilig le tacú le pobal aiteach na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
Is mór an onóir dúinn a bheith ábalta a rá nach bhfuil gá rogha a dhéanamh idir a bheith aiteach agus a bheith i do Ghael - is pobal fáiltiúil muid do chách.
Ráiteas Chonradh na Gaeilge - 24 Meitheamh 2023
I mí Feabhra 2023, ghlac teachtaí Ard-Fheise le rún ó Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge a d’aithin grúpaí as an obair atá déanta acu do phobal aiteach na Gaeilge, is a thug bunús oifigiúil don Chonradh le grúpa oibre bróid a chur ar bun, le freastal ar mhórshiúlta bróid is le tacú leis an bpobal aiteach agus Gaelach i gcoitinne.
Rún 10. ón Ard-Chraobh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2023 san Aonach, Tiobraid Árann:
Molann an Ard-Fheis an obair dheonach a bhíonn ar bun ag leithéidí Queercal Comhrá, Aerach Aiteach Gaelach agus dreamanna eile LADT+ fud fad na tíre, i leith chur chun cinn na Gaeilge i measc na bpobal siúd. Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfreastalófar ar mhórshiúl amháin de chuid Bród in aghaidh na bliana ar a laghad, ar bhonn oifigiúil, le tacaíocht a léiriú don phobal céanna. Chomh maith leis sin, iarrann an Ard-Fheis ar an gCoiste Gnó grúpa oibre a chur le chéile leis an obair seo a chur i gcrích, i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile.
An Ard-Chraobh
Is bliain chomórtha í 2023 d’imeachtaí tábhachtacha i stair an Bhróid agus cearta LADTA+ i mBaile Átha Cliath. Caoga bliain ó shin, bunaíodh an chéad ghrúpa LADTA+ i mBaile Átha Cliath, an Ghluaiseacht Shaoirse Gnéasach i gColáiste na Tríonóide. Tá comóradh freisin ar cheathracha bliain ó mhórshiúl cáiliúil Pháirc Fhionnradhairc, an chéad pharáid do Bhród Átha Cliath, agus tá comóradh tríocha bliain ar dhíchoiriúlú na homaighnéasachta in Éirinn.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
"An mhí seo agus mí an Bhróid linn, déanaimis an phobal aiteach a cheiliúradh agus aithnímis an obair atá le déanamh againn uilig le tacú le pobal aiteach na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain. Táimid thar a bheith sásta a bheith ag glacadh páirte i bhféile Bród Átha Cliath inniu - coinnigí súil amach funár gcoinne agus go n-éirí go geal le gach duine a bheidh i láthair is atá ag ceiliúradh inniu!"
Dúirt Erin Mac an tSaoir, Cathaoirleach ar Ghrúpa Oibre Bróid de Chonradh na Gaeilge:
"Is é seo an chéad uair do Chonradh na Gaeilge a bheith ag glacadh páirte sa mhórshiúl i mBaile Átha Cliath, is tá an Ard-Chraobh le moladh as an rún ag an Ard-Fheis a thug deis dúinn a bheith i láthair ag Bród Bhaile Átha Cliath mar eagraíocht inniu, is le doirse a oscailt d’obair níos leithne ar son phobal aiteach na Gaeilge sa Chonradh.
Is mór an onóir dúinn a bheith ábalta ár dtacaíocht a léiriú dár mbaill agus a rá leis an bpobal nach bhfuil gá rogha a dhéanamh idir a bheith aiteach agus a bheith i do Ghael - is pobal fáiltiúil muid do chách!"