Skip to main content

An ócáid Ghaeilge teaghlaigh is fearr le fada an lá i lár Bhéal Feirste, ‘Spraoi Cois Lao’, le titim amach an Satharn beag seo ag Cearnóg Theach an Chustaim

 

Na céadtaí le teacht go croílár Bhéal Feirste chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge le Energia mar chuid de phairtnéireacht úrnua idir Conradh na Gaeilge agus Féile an Phobail 

 

Spraoi_1.jpeg

 

Beidh an ócáid úrnua teaghlaigh, Spraoi Cois Lao, ag titim amach an Satharn beag seo 4 Márta 2023 ag Cearnóg Theach an Chustaim i lár Bhéal Feirste. Tá an ócáid á reachtáil don chéad uair riamh mar thoradh ar mhaoiniú nua atá curtha ar fáil ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste do Seachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Tagann an fhorbairt úrnua seo mar chuid de phairtnéireacht nua idir Conradh na Gaeilge agus Féile an Phobail, a nascann Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile an Earraigh le chéile go hoifigiúil don chéad uair sa chathair. Seoladh Spraoi Cois Lao maidin inniu ag Cearnóg Theach an Custaim le hArd-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Tina Black. Mar chuid den lá beidh siamsaíocht, ceol, cluichí, gníomhaíochtaí agus spraoi do pháistí agus roghanna bia ar fáil. 

 

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga, Conradh na Gaeilge:

 

“Tá lúcháir an domhain orainn Spraoi Cois Lao a sheoladh inniu, cúpla lá roimh an lá mór féin Dé Sathairn. Tá sé mar aidhm againn pobal na Gaeilge a spreagadh agus a mhealladh isteach go lár na cathrach anseo i mBéal Feirste chun céiliúradh a dhéanamh ar an teanga ag ócáid mhór teaghlaigh trí Ghaeilge. Cuidíonn imeachtaí mar seo go mór le normálú na teanga i spásanna comhroinnte, agus níl aon spás níos fearr chun sin a dhéanamh ná i lár na cathrach. Tráth a bhfuil athbheochan na Gaeilge ar fud Bhéal Feirste faoi lán seoil, ba mhaith linn deiseanna úsáide Gaeilge a mhéadú agus a chur chun cinn i gcroílár na cathrach fosta. Tá gach seans go mbeidh seo ar an ócáid Ghaeilge teaghlaigh is mó a bhí againn i lár Bhéal Feirste le fada fada an lá. Is cuma más foghlaimeoir tú, mura bhfuil agat ach cúpla focal, nó más tuismitheoir nó dálta Gaelscoile thú, nó cainteoir líofa, tá rud ann do chách ag Spraoi Cois Lao. Buail síos agus bain triail as.”

 

Dúirt Kevin Gamble, Stiúrthóir, Féile an Phobail:

 

“Tá muid fíor shásta pairtnéireacht úrnua a sheoladh le Conradh na Gaeilge chun Féile an Earraigh agus Seachtain na Gaeilge le Energai a thabhairt le chéile. Tá muid ag súil le lá ollmhór Dé Sathairn ag Spraoi Cois Lao, áit a mbeidh deis ag teaghlaigh agus daoine ó achan chearn den chathair teacht isteach go Cearnóg Theach an Chustaim chun an Ghaeilge a chéiliúradh agus úsáid. Tá sí fíor-thábhachtach dúinn imeachtaí Gaeilge mar seo a thabhairt go croílár na cathrach agus ba mhaith linn go mbeadh deis ag daoine sult a bhaint as an teanga trí shiamsaíocht, cluichí, spórt agus spraoi ar an lá. Is í sin bunaidhm Fhéile an Phobail agus Fhéile an Earraigh, daoine a thabhairt le chéile chun céiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr. Leis an nasc nua atá againn anois le Conradh na Gaeilge tá deis iontach againn tógáil ar an obair iontach atá faoi lán seoil fud fad Bhéal Feirste. Is le gach duine í an Ghaeilge agus ba mhaith linn na sluaite a fheiceáil Dé Sathairn ag Spraoi Cois Lao. Céad míle fáilte roimhe chách.”

 

Beidh Spraoi Cois Lao ag titim amach an Satharn beag seo 4 Márta 2023 ag Cearnóg Theach an Chustaim, Béal Feirste, idir 1-5pm mar chuid de Seachtain na Gaeilge le Energia. Tá sé maoinithe ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, agus á réachtaíl ag Féile an Phobail i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge.

 

Facebook & Instagram: @CnaGaeilge

Twitter: @cnag #SnaG23 #FAE2023

 

[Pic: Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Comhairleoir Tina Black; Cuisle Nic Liam, Conradh na Gaeilge; Joe Herald, Féile an Phobail, ag Cearnóg Theach an Chustaim inniu].

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.