‘Lá stairiúil’ do phobal na Gaeilge agus Acht Gaeilge á thabhairt isteach i Westminster faoi dheireadh thiar thall- ach rabhadh tugtha Beidh ceapadh an Choimisinéara Gaeilge ag an Rúnaí Stáit ar an chéad scrúdú litmis don dlí úr

Thug Conradh na Gaeilge freagra ar an nuacht inniu go mbeidh an reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ á thabhairt isteach amárach (Dé Céadaoin, 25ú Bealtaine 2022) i Westminster. Cruthóidh an bille oifig úr do Choimisinéir Gaeilge, a mbeidh sé mar dhualgas air caighdeáin dhea-chleachtais a fhorbairt d’údáráis phoiblí, mar aon le haisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar an Cheartais 1737, reachtaíocht a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna anseo. 

Ag labhairt inniu, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin:

“Tá pobal na Gaeilge ag troid ar son na gceart seo le blianta fada agus chuige sin, tá sé stairiúil go mbeidh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge anseo don chéad uair. Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt do na gníomhaithe agus na ceannródaithe pobail sin a throid go dúthrachtach ar son chearta teanga i gcaitheamh na mblianta. Is leosan an lá seo. Ach, bímis soiléir anseo, ní hionann an lá inniu ach tús den aistear achtaithe atá le sárú ag an bhille seo. Léirigh an taithí phianmhar atá againn le Rialtas na Breataine nár ceart dúinn talamh slán a dhéanamh de seo fós - níl muid ann fós. Go dtí go bhfeiceann muid achtú agus cur i bhfeidhm iomlán an bhille seo, leanfaidh muid orainn leis an fheachtas mhór ar son chearta teanga.” 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Dé Sathairn, d’fhreastail beagnach 20,000 duine ar an mhórshiúl Gaeilge is mó ariamh. Dúirt muid leo go mbainfeadh muid ár gcearta teanga amach agus tá muid beagnach ann. Beidh Acht Gaeilge againn. Sin ráite, titfidh an reachtaíocht sin go mór faoi na coimitmintí a tugadh dúinn i gComhaontú Chill Rímhinn, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid le múnla na Breatnaise í. Ach, is dul chun cinn stairiúil é seo inár bhfeachtas ar son chearta teanga agus aithníonn muid seo mar chlochmhíle shuntasach inár n-aistear i dtreo comhionannais anseo. 

Tuigeann Rialtas na Breataine iad féin go bhfuil bunús na reachtaíochta seo ag brath ar thoil pholaitiúil chun go mbeidh feidhm ar bith leis. De bhrí gur chúlaigh an DUP óna gcoimitmintí an reachtaíocht seo a thabhairt isteach faoi mar a gealladh i Ré Nua Cur Chuige Nua, agus nach bhfuil aon Chéad Aire nó Leas-Chéad Aire againn anseo chun an reachtaíocht seo a chur i bhfeidhm, is gá do Rialtas na Breataine Coimisinéir a cheapadh láithreach ar féidir leo na caighdeáin a fhorbairt. Beidh sin mar an chéad scrúdú litmis do Rialtas na Breataine. Is rud amháin é reachtaíocht a bheith agat, ach is ceist iomlán eile é an reachtaíocht sin a fheidhmiú. Gan an gníomh láithreach sin, ní fiú faic í an reachtaíocht seo. 

D’fhás athbheochan na Gaeilge anseo go hiomlán ón bhun aníos, gluaiseacht a tharraing aitheantas agus cáil fud fad na cruinne; le pobail áitiúla ag roghnú a saolta a chaitheamh trí Ghaeilge agus fíorú na físe sin trína scoileanna féin a bhunú agus trí sheirbhísí agus tionscadail cheannródaíochta a chur ar bun iad féin. Anois an t-am don stát páirt s’acu a dhéanamh fosta.”

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

Ar líne: #AchtAnois

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge