bliain na gaeilge 2018

Ardaíonn Conradh na Gaeilge ceist na reachtaíochta Gaeilge le coiste saineolaithe na hEorpa (COMEX)

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte fosta roimh Straitéis Teangacha Chomhairle Bhéal Feirste ach gá le Straitéis & Reachtaíocht ag leibhéal stáit

COE COMEX 

Agus Coiste na Saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa (COMEX) ar a dturas monatóireachta ó thuaidh inniu (14 Bealtaine 2018), bhuail Conradh na Gaeilge leo chun teip Rialtas na Breataine agus an Fheidhmeannais ó thuaidh a ardú i leith na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Is é seo an 6ú babhta agus turas monatóireachta atá déanta ag COMEX i leith na Cairte sa Ríocht Aontaithe ó daingnigh Rialtas na Breataine an Cháirt in 2001.

Tagann an chuairt seo sna sála ar an dian-cháineadh a rinneadh sa Tuarascáil a d’fhoilsigh Comhairle na hEorpa (21 Feabhra 2018) maidir le cur i bhfeidhm an Chreat-Choinbhinsiúin um Chosaint na Mionlach Náisiúnta ag an Ríocht Aontaithe, inar moladh:

- go nglacfaí isteach reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus go nglacfaí gníomhartha  a chinntíonn dul chun cinn maidir le cearta Gaeilgeoirí;

- go mbeadh Rialtas na Breataine rannpháirteach sa chomhphlé chun comhaontú polaitiúil a chruthú a bheadh de dhíth le go nglacfaí le reachtaíocht.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

Chuir Conradh na Gaeilge in iúl go soiléir inniu do Choiste na Saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil ag teip go hiomlán ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas i dtaobh na Cairte Eorpaí a chur i bhfeidhm, mar aon leis na dualgais shoiléire atá orthu ó Chomhaontú Chill Rímhinn, 2006. Le gach babhta agus tuarascáil mhonatóireachta a rinneadh ar chur i bhfeidhm na Cairte seo le beagnach fiche bliain anuas, rinneadh dian-cháineadh ar Rialtas na Breataine agus luadh arís agus arís eile an géarghá le reachtaíocht láidir, cheart-bhunaithe don Ghaeilge anseo. Beidh muid ag súil leis an toradh ceanna sa tuarascáil seo, agus don chéad uair, go dtabharfaidh Rialtas na Breataine aird ar na moltaí sin agus faoi dheireadh, go ndéanfaidh siad gníomh diongbháilte i dtreo Achta Gaeilge.

Tá aighneacht scríofa le seoladh ag Conradh na Gaeilge chuig an Choiste Saineolaithe seo fosta agus is féidir le grúpaí pobail agus daoine aonair aighneachtaí a chur chucu fosta. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge chun tuilleadh eolais a fháil.

Ag an am céanna ar maidin (Luan 14 Bealtaine 2018) bhí Conradh na Gaeilge i láthair i Halla na Cathrach, Béal Feirste, áit ar seoladh Straitéis Teangacha Chomhairle Chathair Bhéal Feirste, an chéad straitéis dá cineál sa chomhairle seo.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an Straitéis Teangacha a d’fhoilsigh an Chomhairle inniu agus roimhe na forálacha Gaeilge a luaitear inti. Is eiseamláir aitheanta é Béal Feirste don athbheochan phobal-bhunaithe i dtaobh na Gaeilge fud fad na tíre. Tá céatadán suntasach ard ann sa cathair atá ag dul fríd an Ghaelscolaíocht sa chathair, taobh le hearnáil láidir pobail, ealaín agus ceoil atá ag fás i rith ama. Ach le blianta anuas bhí Béal Feirste ag titim siar maidir leis an easpa soláthair agus aitheantais don Ghaeilge sa chomhairle, i gcomparáid le cuid de na comhairlí eile anseo.

Leanann foilsiú na Straitéise seo inniu céimeanna stairiúla eile atá á nglacadh ag Comhairle Bhéal Feirste; ar nós polasaí ilchineálachta teangacha a foilsíodh anuraidh, agus le déanaí, an fógra poist don oifigeach Gaeilge sa chomhairle.

Is ábhar díomá do Chonradh na Gaeilge é, áfach, mar a luaigh aoichainteoir na hócáide inniu ag Halla na Cathrach, An tOllamh Janice Carruthers ó Ollscoil na Banríona, gurb í seo an t-aon áit ar na hoileáin seo nach bhfuil polasaí teangacha ag leibhéal an stáit againn, faoi mar atá ó dheas, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Is é an t-aon réiteach sásúil ar an cheist sin ó thaobh na Gaeilge de ná reachtaíocht láidir don Ghaeilge mar aon le Straitéis le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a chur chun cinn.

TUILLEADH EOLAIS:

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge

00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na GaeilgePEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Is féidir teacht ar eolas maidir le Comhairle na hEorpa agus babhtaí monatóireachta i dtaobh na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh ag:

https://www.coe.int/en/web/european-charter-regional-or-minority-languages/reports-and-recommendations#{"28993157":[24]}  

Is féidir teacht fosta ar eolas maidir le Tuarascáil Chreat-Choinbhinsiúin um Chosaint na Mionlach Náisiúnta ag an Ríocht Aontaithe (21/2/2018):

https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectID=0900001680787538

http://www.coe.int/en/web/minorities/united-kingdom

http://www.coe.int/en/web/minorities/home

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge