Skip to main content

Gradaim Chonradh na Gaeilge

Posted in Tríú Leibhéal.

Is fóram daonlathach é Conradh na Gaeilge, déanta suas de chraobhacha agus baill aonair uilig ag obair ar son na teanga mar chuid de ghluaiseacht phobail amháin. Tá os cionn 200 craobh ar fud na cruinne ag plé le grúpaí, mianta agus spriocanna éagsúla, ach iad ar fad leis an Ghaeilge mar thosaíocht san obair sin. 

I measc na gcraobhacha sin tá Cumainn Ghaelacha ar bun i mórchuid na gcoláistí agus ollscoileanna in Éirinn, agus roinnt thar lear chomh maith. Oibríonn na craobhacha seo ar son na teanga ag leibhéal na mac léinn, ag cruthú pobail cibé áit ina bhfuil siad. 

Le aitheantas a thabhairt ar an obair mhaith uilig atá á dhéanamh ag craobhacha ar son na cúise, bronntar gradaim orthu gach bliain ag Ard Fheis CnaG i gcatagóirí éagsúla, le rannóg don tríú leibhéal san áireamh. 

Déantar craobhacha a mharcáil ar ghnéithe difriúla atá an eagraíocht den tuairim a chuireann le spiorad na hoibre atá ar siúl againn, agus a bhrúnn cúis na Gaeilge ar aghaidh. Lena chois sin, tagann na critéir a leanas faoin córas marcála úd:

  • Deiseanna úsáide Gaeilge rialta a chur ar fáil 
  • Ionadaíocht agus feasacht
  • Comhoibriú le grúpaí eile
  • Páirt i ngníomhartha náisiúnta
  • Poiblíocht agud feiceálacht
  • Litríocht na Gaeilge a chur chun chinn
  • Dul chun cinn ón bhliain roimhe sin

Déanann Buanchoiste an Chonartha moltóireacht ar na craobhacha san iomaíocht, agus bronntar na duaiseanna ag an Ard Fheis go bliantúil. 

Bhí Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2020 ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe idir an 21ú agus 23ú Feabhra. Bhí Tionól 3ú Leibhéal ar siúl le linn an ama céanna, agus tháinig coistí na gCumann Gaelach agus na gCuallachtaí ó choláistí na tíre le bheith i láthair don deireadh seachtaine. 

Bhí iomaíocht láidir idir na craobhacha, le scoth na hoibre déanta ag go leor acu i rith na bliana. Sa deireadh, tháinig trí chraobh chun cinn le duaiseanna 2020 a bhaint amach. 

Sa chéad áit: An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 

Sa darna háit: An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Sa Tríú háit: An Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste

1ú áit - Cumann Gaelach OÉ Gaillimh

2ú háit - Cuallacht Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

3ú háit - Cumann Gaelach Ollscoil na Ríona

Tá fáilte roimh aon chumann tríú leibheál atá cláraithe le Conradh na Gaeilge páirt a ghlacadh sa chomórtas. Tá níos mó eolais ar fáil trí teagmháil a dhéanamh le Eímear ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.