Skip to main content

An tOifigeach Gaeilge

Posted in Tríú Leibhéal.

An tOifigeach Gaeilge Header

Is ról thar a bheith tábhachtach atá ag an tOifigeach Gaeilge ar an Aontas Mac Léinn. Is iad atá freagrach de ghnáth as cur chuige an Aontais i leith na Gaeilge, agus mar gheall go bhfuil an Aontas ag déanamh ionadaíocht ar na mílte mic léinn, b’iad an tOifigeach Gaeilge atá freagrach as cearta Gaeilge ar champas a chinntiú do na mílte daoine seo, chomh maith le seasamh ar a son le cúis na Gaeilge agus na nGael a bhrú ar aghaidh sa choláiste. 

Tá an t-alt seo scríofa ar mhaithe le Oifigigh Ghaeilge, le ionchur ó Oifigigh Ghaeilge. Tá sé i gceist go mbeadh sé mar threoir bhunúsach le duine tofa sa ról a chur sa treo ceart. 

Briseadh síos ar do Ról

Tá tú tofa mar Oifigeach Gaeilge, fairplé duit! Ar dtús báire caithfimid súil ar an méid atá i gceist sa ról. 

Ar dtús, ní achan choláiste agus ollscoil atá Oifigeach Gaeilge mar oifigeach Aontais acu. Fá láthair tá mic léinn thiománta i gcoláistí éagsúla ag troid le sin a bhaint amach, ionas go mbeidh glór ag Gaeil ar Aontais Mac Léinn, agus go mbeidh rochtain acu ar fhoinse údaráis lena mianta a bhaint amach. Mar sin, más Oifigeach Gaeilge thú cheana, tá buntáiste ar leith agat sa dóigh go bhfuil an cumhacht sin bainte amach ag daoine a chuaigh romhat cheana féin.

Má tá bunreacht ag an Aontas, gach seans go bhfuil sé luaite ann caidé atá tusa in ainm is a bheith freagrach as. Gach seans fosta go bhfuil reachtaíocht bainteach leis an Ghaeilge curtha fríd ag comhairle an Aontais nó a mhacasamhail de chóras i do choláiste. Má tá leabhar polasaí ag an Aontas, amharc caidé na seasaithe atá glactha ó thaobh na Gaeilge de thar na blianta. Ag brath ar an choláiste, thiocfadh le seo a bheith eagraithe go néata san aon áit amháin agus é furasta le theacht air. Thiocfadh leis fosta a bheith scaptha idir cháipéisí éagsúla ó bhlianta difriúla gan ord nó eagar. Beidh ort an taighde seo a dhéanamh cibé, is cuirfidh sé cruth ar na rudaí atá curtha chun tosaigh ag na baill le blianta anuas. 

Beidh tú ag obair i rith na bliana leis na hoifigigh eile ar fad ar an Aontas, mar sin is fiú dea-chaidreamh a bheith agat leo. Beidh seo mar chuidiú nuair atá ort brú a chur orthu nó rudaí a iarraidh uathu amach anseo. Cur aithne orthu, bí cairdiúil agus cur ar an eolas iad faoi na dualgais atá orthu ó thaobh na Gaeilge de agus iad ar an Aontas. 

Má tá Cumann Gaelach sa choláiste, beidh tú ag obair go dlúth leosan chomh maith. Cur aithne ar an chathaoirleach agus na hoifigigh eile luath sa bhliain, ofráil do chuid cabhair dóibh agus déan do dhícheall caidreamh chomh maith is gur féidir a chothú leo i rith na bliana. Beidh rochtain níos fearr acusan ar dhaoine le Gaeilge atá lasmuigh de chiorcail an Aontais, agus beidh sé de chumas acusan imeachtaí sóisialta agus araile a reáchtáil níos éifeachtaí ná an Aontas go minic. Má tá deá chaidreamh eataraibh, beidh seo mar chuidiú duitse agus tú ag iarraidh rudaí a bhaint amach i do ról féin. 

Bainistiú Ama

Níl ach méid áirithe ama dul a bheith agat i gcaitheamh na bliana, agus beidh ort smaoineadh ar an dóigh ina bhfuil tú chun an am sin a úsáid. Beidh idir léachtaí, staidéar, scrúduithe agus obair acadúil eile agat, beidh saol sóisialta agat, thiocfadh post páirtaimseartha a bheith agat agus beidh go leor eile. Smaoinigh ar cé mhéad ama a féidir leat a chur i dtreo d’obair mar oifigeach gach seachtain. 

San am sin, go príomhach ba mhaith leat go mbeidh tú ag obair ar son pobal na Gaeilge sa choláiste. Ansin má tá am fágtha, is féidir smaoineadh ar na rudaí a féidir déanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaigh eile, ar nós a bheith ag plé le foghlaimeoirí agus foghlaim na Gaeilge. Go deireanach ansin, is cosúil go mbeidh rudaí eile ar siúl san Aontas a bheidh daoine ag lorg cabhair leo, agus is fiú in amanna tacú leo, ach cinnte a dhéanamh go bhfuil do chuid tosaíochtaí féin in ord. 

Tacaíochtaí

Chomh fada is atá tú i do ról mar Oifigeach Gaeilge, beidh tacaíochtaí i gcónaí ar fáil duit le do chuid aidhmeanna agus spriocanna a bhaint amach. Tá Conradh na Gaeilge i gcónaí sásta cuidiú a thabhairt, agus tá Comhordaitheoir Tríú Leibhéal lánaimseartha fostaithe againn leis an chuidiú sin a chur ar fáil duit. Is í Eímear Nig Oireachtaigh an Comhordaitheoir reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Déanann Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ nó USI) ionadaíocht ar mhic léinn sa mhórchuid de na coláistí agus ollscoileanna tríú leibhéal, agus tá Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar a bhfoireann acu le ionadaíocht a dhéanamh ar mhuintir na Gaeilge ag an tríú leibhéal. I measc a gcuid oibre, cuireann siad béim ar leith ar a bheith ag cuidiú le Oifigigh Ghaeilge sna hAontais Mac Léinn, mar sin is foinse mhaith chuidithe iad fá do choinne. Is í Bláithín Nic a t-Síthigh an Leas-Uachtarán reatha, agus is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.