Ceardlanna sna Stáit
Buíochas le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (REOGRTG) agus ó Choimisiún Fulbright na hÉireann, chuaigh Cultúr Club go Meiriceá i 2016.
Chuaigh Conradh na Gaeilge i gcomhairle le pobal Gaeilge na Stát Aontaithe chun eolas agus comhairle maidir le cúrsaí poiblíochta, oideachais, abhcóideachta, airgeadais, agus eile a roinnt le grúpaí eile atá ag obair ar son na teanga ar an talamh i rith an gheimhridh.
Dátaí na gCeardlann
D'éascaigh muid sraith d’ocht gceardlann um chumasú pobail i gcomhar le grúpaí pobail Gaeilge agus cultúir in áiteanna éagsúla ar fud Mheiriceá idir 29 Samhain – 11 Nollaig 2016. Bhí muid ag iarraidh díriú ar chomhairle phraiticiúil agus acmhainní ar leith a chur ar fáil do ghrúpaí pobail Gaeilge agus cultúir in Éirinn agus thar sáile, ina measc sraith de cheardlanna um chumasú pobail agus leabhrán tacaíochta.
Bhí na ceardlanna oscailte don phobal ar fad, agus fearadh fáilte roimh dhuine ar bith le spéis i gcur chun cinn na Gaeilge freastal ar aon cheann acu:
- Chicago, Illinois: 29 Samhain 2016
- Wayne, New Jersey: 30 Samhain 2016
- Albany, Nua Eabhrac: 3 Nollaig 2016
- Phoenix, Arizona: 4 Nollaig 2016
- Memphis, Tennessee: 6 Nollaig 2016
- Pittsburgh, Pennsylvania: 7 Nollaig 2016
- Knoxville, Tennessee: 8 Nollaig 2016
- Los Angeles: 11 Nollaig 2016
Ábhar na gCeardlann
Phléamar téamaí amhlaidh conas imeachtaí Gaeilge a mhaoiniú agus a phoibliú, conas múinteoirí teanga a aimsiú agus ranganna Gaeilge a reáchtáil, agus conas feachtas um chearta teanga a rith ag na ceardlanna Cultúr Club mar aon le smaointí d’imeachtaí sóisialta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, agus pleananna gnímh chun an pobal teanga áitiúil a neartú agus a bhuanú.
Chuireamar leabhrán agus ábhar tacaíochta eile Cultúr Club ar fáil in aisce anseo freisin.
Sonraí Uile na gCeardlann
CHICAGO, ILLINOIS
6.00in, Dé Máirt, 29 Samhain 2016
Chief O’Neill Pub, 3471 N Elston Avenue, Chicago, IL 60618
Teagmhálaí: Cuan Ó Seireadáin /
WAYNE, NEW JERSEY
7.00in, Dé Céadaoin, 30 Samhain 2016
Ollscoil William Paterson, Seomra 327, University Commons, 300 Pompton Road, Wayne, NJ 07470
Teagmhálaí: An tOllamh Brian Ó Broin, Ollscoil William Paterson 00 1 973 7202641 /
ALBANY, NUA EABHRAC
3.00in, Dé Sathairn, 3 Nollaig 2016
Celtic Hall, 430 New Karner Road, Albany, NY, 12205
Imeacht: www.facebook.com/events/588188948038240/
Teagmhálaí: Craobh Chumar an Dá Uisce, Conradh na Gaeilge | Cuan Ó Seireadáin /
PHOENIX, ARIZONA
11.00rn, Dé Domhnaigh, 4 Nollaig 2016
Ag bualadh le chéile ag Seamus McCaffrey's, 18 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003
Reáchtálfar an cheardlann féin ag 111 W Monroe Street, Phoenix, AZ 85003 ag meánlae ar a mhoille
Imeacht: www.facebook.com/events/358741914476884/
Teagmhálaí: Vicki Champion, Aiséirí
MEMPHIS, TENNESSEE
6.00in, Dé Máirt, 6 Nollaig 2016
Celtic Crossing Irish Pub, 903 Cooper Street, Memphis, TN 38104
Teagmhálaí: Mary Ann Lucas, Cumann Gaelach Memphis
PITTSBURGH, PENNSYLVANIA
10.00rn, Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2016
Posvar Hall 4217, Ollscoil Bhaile Phitt, Oakland, 230 South Bouquet Street, Pittsburgh, PA 15260
Teagmhálaí: Cuan Ó Seireadáin |
KNOXVILLE, TENNESSEE
5.30in, Déardaoin, 8 Nollaig 2016
Seomra 130, Foirgneamh Eolaíochtaí Ainmhithe C.E. Brehm, Ollscoil Tennessee, 2506 River Drive, Knoxville, TN 37996
Teagmhálaí: Chris King, Cumann Gaelach Knoxville
LOS ANGELES, CALIFORNIA
11.00rn, Dé Domhnaigh, 11 Nollaig 2016
3807 Wilshire Boulevard, 6F Suite 600, Los Angeles, CA 90010
Teagmhálaí: Craobh na nAingeal, Conradh na Gaeilge | Síne Nic an Ailí 00353 87 6546673 /