Skip to main content

Imeachtaí Sóisialta

Posted in Cultúr Club.

Deiseanna Labhartha & Conas Imeachtaí A Eagrú
Príomhsprioc na n-imeachtaí ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar bhealach oscailte, taitneamhach. Ba chóir go mbeadh béim ar labhairt na teanga, agus go mbeidh córas i bhfeidhm le cabhrú le foghlaimeoirí nó baill nua. Ba chóir go mbeadh a dhóthain ama agus foirne chun an t-imeacht a phleanáil agus a eagrú:
• Áit
• Fearas
• Poiblíocht (féach an rannóg POIBLÍOCHT)
• Cúrsaí airgid
Is gá an t-ionad a chur in áirithe roimh an imeacht. Is fiú smaoineamh ar líon na ndaoine a bheidh ag freastal ar an imeacht agus seomra nó láthair á  roghnú. 
Amhlaidh láthair na ranganna, fiosraigh an bhfuil árachas nó cúrsaí slándála le socrú.
An bhfuil uaslíon daoine ceadaithe ann?
An bhfuil maoir de dhíth? 
*****
An mbeidh ceol nó micreafón ag teastáil? 
An bhfuil córas fuaime chuige sin? 
Céard faoi teilifíseán nó scáileán, cábla HDMi nó riachtanais teicneolaíochta eile? 
Más gá cathaoireacha a shocrú, déan iad a leagan amach roimh ré. 
An mbeidh uisce ón aoichainteoir?
*****
Smaoinigh faoi chostas an imeachta. 
An gá táille a ghearradh ar an lucht freastail? 
An íocfar an t-airgead ag an doras? 
An mbeidh córas réamhchlárúcháin i bhfeidhm? 
Bain leas as leithéidí Eventbrite más gá ticéid a chur in áirithe.
Billeog a dhéanamh amach le frásaí atá oiriúnach le scaipeadh ag an ócáid.

Féilire Bliana
Cosúil leis na pleananna gnímh gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmach, cinnteoidh féilire bliana go bhfuil spriocanna réalaíocha á leagan amach ag an ngrúpa agus go mbeidh a dhóthain ama tabhairt faoi na himeachtaí uile. 

Imeachtaí Féideartha - Cad ar chóir dúinn samoineamh ar?

Imeachtaí Beaga

• Ciorcal comhrá - Is Leor Beirt
Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú – níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile ar bhonn rialta i gcaifé áitiúil, sa cheaintín san ionad oibre, sa pháirc ag am lóin nó ar shiúlóid sa tráthnóna mar shampla.
Cad eile atá de dhíth? Ionad le suíocháin, áit le caife/tae a dhéanamh agus málaí tae/caife/brioscaí/bainne a fháil, póstaeir a dhéanamh is a scaipeadh, ríomhphoist is téacsanna, am oiriúnach, daoine a mhealladh - raidió le ceol Gaeilge, é a dhéanamh go seachtainiúil is fearr ag an am is áit chéanna.  Cuirfear pacáistí tacaíochta do ghrúpaí a chuirfidh isteach orthu trí am, áit agus sonraí teagmhála an chiorcail Is Leor Beirt a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

• Tráth na gCeist
Pinn, páipéar, clár bán agus marcéirí buana, ceartaitheoirí na mbabhtaí, 7 nó 8 mbabhta do 8 go 10 gceist. Babhta amháin céard iad focail éagsúla as/ i  nGaeilge? Ba chóir babhtaí ceoil agus pictiúir a bheith ann(le húsáid iFón a sheachaint!), duaiseanna; airgead/ceisteanna a chur ar shiopaí ar in aice libh dóibh, leathanaigh phriontáilte, ionad, ar nós tí tábhairne nó eile, suíocháin agus boird. Is féidir tráth na gceist a chur ar siúl do chúis faoi leith; carthanacht, cuid de Sheachtain na Gaeilge. Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil.

• Díospóireacht
Dhá fhoireann de triúr a bhfuil taithí acu, más féidir, is fearr, rún spéisiúil/greannmhar/conspóideach a roghnú, ionad ar nós léachtlainne, moltóir le daoine a chur i láthair, duine leis an am a thomhais, cloigín nó díreach cnag ar an mbord ag am faoi leith. Uisce do na cainteoirí, póstaeir/ríomhphost le daoine a spreagadh le teacht. Is féidir seo a dhéanamh níos feiceálaí/tarraingtí trí chainteoiri mór le rá a fháil ann la caint ar na hábhair chomh maith.

• Maidin chaife
Mar atá luaite thuas le scónaí nó croissants chomh maith b'fhéidir? D'fhéadfáí airgead a bhailiú do chúis faoi leith. Billeog a dhéanamh amach le frásaí is a scaipeadh chomh maith.

• Aoichainteoirí 
Duine mór le rá/spéisiúil/léachtóir ó choláiste áitiúil gur féidir leo caint faoi ábhar faoi leith, ionad-seomra ranga, léachtlann, roinnt bia agus deochanna ina dhiaidh agus bronntanas mar bhuíochas don chainteoir. 

Léamha filíochta
File nó cúpla file a fháil le filíocht a reic 's a roinnt, ionad-seomra ranga, léachtlann, roinnt bia agus deochanna ina dhiaidh agus bronntanas mar bhuíochas don fhile/fhilí. 

Imeachtaí Meánacha

• Scóráil Sciobtha

Éiríonn an-mhaith leis an imeacht seo. Tá gá le slua éigin daoine, é a bheith in áit le ceol/deoch más féidir. Cuirtear dhá chiorcal chathaoireacha ag breathnú ar a chéile. Tugtar uimhir do gach bean agus gach fear, gach 2 nóiméad séidtear feadóg/ deirtear os ard gur gá bogadh ar aghaidh. Is iontach an rud leathanaigh le línte cliúsaíochta/greannmhara a dhéanamh amach roimh ré agus póstaeir leo a chrochadh. Scríobhann gach duine uimhreacha na ndaoine a thaitníonn leo is ansin ag an deireadh cuirtear na daoine seo le chéile ag damhsa/faoi agallamh ar stáitse nó mar sin de. Spreagann duaiseanna/béile do bheirt daoine a bheith níos cairdiúla lena chéile! Is fiú duine le taithí ag caint os comhair slua a fháil.

• Lá spóirt
Is féidir lá spóirt a eagrú idir grúpaí/gnólachtaí/eagraíochtaí éagsúla; cluiche peile/sacair nó spórt éagsúla. Bíodh réiteoirí le Gaeilge ann. Gaeilge amháin ar an bpáirc imeartha, is cic pionóis i gcoinne aon duine a úsáideann Béarla. Lón do na hiomaitheoirí. Bronnadh na nduaiseanna ina dhiaidh. Is gá smaoineamh ar chúrsaí sláinte is sábháilteachta. D’fhéadfaí sraith a chruthú de chluichí. Billeog a dhéanamh amach le frásaí is a scaipeadh chomh maith.

• Ceolchoirm
Banna mór le rá le Gaeilge/ ceann a chanann amhráin Ghaeilge ar na halbaim Ceol nó ceoltóirí le Gaeilge. Póstaeir. Cinntiú go labhraíonn an banna Gaeilge leis an slua/ amhráin as Gaeilge a chanadh má tá siad acu. Bannaí le hamhráin Ghaeilge a chur ar siúl roimh réidh. Is gá ionad, slua, slándáil, córas fuaime, is fearr seo a shocrú in ionad a bhfuil siad seo ann cheana.

• Curiarracht #Comhrá
Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Tá físeán le blaisín de dhúshlán Comhrá ’15 na bliana seo caite ar fáil ar YouTube Chonradh na Gaeilge ag http://bit.ly/comhra15 . Mar chuid den churiarracht domhanda #Comhrá16 d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Tuilleadh eolais anseo.

Imeachtaí Móra

• Seachtain na Gaeilge

Cuirtear réimse leathan imeachtaí ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge ar fud an domhain is déantar iarracht an teanga a bheith an-fheiceálach bríomhar don tréimhse seo ach go háirithe. D'fhéadfaí imeachtaí ar leith a eagrú idir 1-17 Márta. Féach suíomh Sheachtain na Gaeilge anseo nó cuir r-phost go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

• Gaeilge 24 
Feachtas lae ina spreagtar daoine le Gaeilge a labhairt san áit oibre/sa bhaile/go ginearálta don lá. Bunaithe ar bheith ag staonadh ó aon theanga eile a labhairt seachas an Ghaeilge ar feadh lae. Cláraíonn daoine agus faigheann said síntiúis airgid ó ghaolta/chairde leo leis an éacht a bhaint amach. Téann an t-airgead ar chostas an fheachtais agus chuig carthanacht éigin. Is maith an rud geansaí/t-léine a thabhairt do na rannpháirtithe le gur féidir leo a chéile a aithint. Téigh i dteagmháil le comhlachtaí/siopaí srl áitiúla le Gaeilge a spreagadh uathu sin.

• Bál na nGael 
Ócáid fhoirmiúil don chraobh/ghrúpa. B'fhiú é a eagrú in óstán nó mar sin le béile agus deochanna is banna ceoil agus dj ina dhiaidh. Ba chóir póstaeir, ticéid a dhéanamh amach, cinntiú go bhfuil na biachláir 's fógraí eile aistrithe/ar fáil as Gaeilge. Is deas duaiseanna bliana a bhronnadh ann chomh maith.  

• Dráma Gaeilge 
Is féidir dráma atá ann cheana, ceann úr a scríobh nó ceann i dteanga eile a aistriú. Caithfear stiúrthóir a bhfuil taithí acu le drámaíocht a fháil agus cúntóir. Is fearr líon na gcarachtar a choinneáil íseal don chéad iarracht. Áit leis an seó a chur ar siúl. Stáitse/cúlra. 

Liosta de thuilleadh imeachtaí samplacha ar fáil anseo.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.