Seachtain na Gaeilge Thar Sáile
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia a bhíonn ar siúl ó 1 - 17 Márta gach bliain.
Cuireann an fhéile úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar sáile.
Bunaithe ag Conradh na Gaeilge sa bhliain 1902, tá an fhéile ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Tá sí anois ar an gceiliúradh idirnáisiúnta is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais.
Tugann Seachtain na Gaeilge le Energia deis do chuile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal.
Chun cabhrú leatsa páirt a ghlacadh i bhféile na bliana seo, seo duit cúpla acmhainn sa bhreis ar na hábhair Cultúr Club féin - bain sult as do chuid Gaeilge i 2019!
Imeachtaí SnaG Thar Sáile
Tá liosta de na himeachtaí atá á reáchtáil thar sáile d'fhéile na bliana seo ar fáil ar-líne ar PEIG.ie ag www.peig.ie/imeachtaitharsaile.
Acmhainní Idirnáisiúnta SnaG
Tá idir smaointe, liostaí de théarmaí úsáideacha, chuardach focal, ábhair thacaíochta, ráiteas nuachta agus thráth na gceist samplach ar fáil sa Lámhleabhar Idirnáisiúnta Sheachtain na Gaeilge le Energia do Phobal na Gaeilge Thar Sáile 2019, arna dhearadh againn go speisialta le cabhrú le grúpaí i gcéin chun imeachtaí Gaeilge a reáchtáil go háitiúil.
Tá dhá leagan den lámhleabhar ar fáil, ceann ar chaighdeán íseal le roinnt ar ríomhphost nó ar-líne, agus ceann ar ardchaighdeán le cóip chrua a chur i gcló:
Lámhleabhar Idirnáisiúnta do Phobal na Gaeilge Thar Sáile (24MB)
Lámhleabhar Idirnáisiúnta do Phobal na Gaeilge Thar Sáile (2MB)
Bain sult as Seachtain na Gaeilge le Energia!