Skip to main content

Scéimeanna Píolótacha

Posted in Cultúr Club.

Scéimeanna Píolótacha 2019Cultúr Club @ Vancouver

Chuireamar críoch leis an tsraith is déanaí de scéimeanna píolótacha Cultúr Club i gCeanada, sna hOileáin Mhuir nIocht, agus in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha san fhómhar.

Buíochas le tacaíocht ó Chumann Éireann Gheirsí,  ó Ard-Chonsalacht na hÉireann in Vancouver, ó Ambasáid na hÉireann chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus ón Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas i mbliana:Cultúr Club 2019: Cur i láthair na scéimeanna píolótacha

Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2019 ar fáil pdfanseo.

Scéimeanna Píolótacha 2018

Chuireamar scéimeanna píolótacha Cultúr Club ar bun san Astráil, sa Nua Shéalainn agus sa Bhreatain Mhór i 2018.

Buíochas le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann in Canberra, ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, Albain, agus ó Chonradh na Gaeilge i Londain, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas an bhliain seo caite:Sydney 2018

Bhí stiúrthóir an togra ar an láthair le ceardlann ghinearálta um chumasú pobail a éascú agus chun na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • ceardlanna oiliúna ar an gcuraclam Cultúr Club
  • treoir d'éascaitheoirí féideartha na gceardlann áitiúil
  • deis ghréasánaíochta do bhaill éagsúla ón bpobal Gaeilge
  • comhairliúchán le grúpaí Éireannacha, idir ghrúpaí Gaeilge, cultúir, spóirt agus eile
  • seó bóthair for-rochtana ar theanga agus ar chultúr na hÉireann do scoileanna áitiúla

Tá an cur i láthair ó cheardlann oiliúna 2018 ar fáil pdfanseo.

Ghlac níos mó ná 176 duine páirt sna scéimeanna píolótacha go dtí seo agus gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a d'fhreastail ar na ceardlanna oiliúna nó a chabhraigh linn chun cuairteanna scoile agus cruinnithe le grúpaí pobail áitiúla a eagrú in 2018 agus in 2019.

Ar mhaith leatsa scéim phíolótach a óstáil i do cheantar féin?

Seol teachtaireacht chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun do shonraí a chlárú linn agus fiosróimid an féidir scéim phíolótach Cultúr Club a eagrú sa tír ina bhfuil cónaí ortsa.

Ní neart go cur le chéile!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.