Skip to main content

Pop Up Gaeltacht

Posted in Cultúr Club.

Pop Up GaeltachtBuíochas le hOsgur Ó Ciardha agus Peadar Ó Caomhánaigh, tá ábhar le Pop Up Gaeltacht a eagrú ar fáil le híoslódáil in aisce anseo chun cabhrú leatsa an Ghaeilge a spreagadh ar fud na cruinne!

  1. pngLógó (PNG) (1.34MB)
  2. gifLógó nua (GIF) (trédhearcach) (16.5KB)

Seo cúpla nod ó na leaids a chuir tús leis an gcéad Phop Up i mBaile Átha Cliath maidir le himeacht sóisialta Gaeilge a eagrú i do cheantar féin:

Is coincheap foinse-oscailte í #PopUpGaeltacht.

Is le gach duine í agus ní le héinne í. Níl thíosluaite anseo ach comhairle.

1. Roghnaigh beár a bhfuil móréileamh air, táimid le bheith feiceálach.
2. Cuir fáilte roimh chách le bolscaireacht i nGaeilge amháin.
3. Tá sé níos taitneamhaí gan áit faoi leith a chur in áirithe, táimid mar chuid den phobal, ní scoite amach uaidh.
4. Ná cur siamsaíocht ar fáil thar mar a bheadh sa bheár pé scéal é.
5. Ná glac le maoiniú ná le hurraíocht.
6. Cruthaigh ócáid ar Facebook agus roinn linne í (le gur féidir linn í a roinnt).

Táimid anseo le cabhrú bolscaireachta agus comhairle a thabhairt. Nílimid chun do Phop Up a eagrú duit faraor.

Bí ag labhairt linn.

Beir Bua agus dorn san aer dos na Gaeil!

Is féidir an lógó ar ardchaighdeán seo a úsáid le cur i gcló nó le comhartha de do chuid féin a dhearadh chun áit chruinnithe na nGaeilgeoirí a fhógairt. Agus ansin ar aghaidh le Pop Up Gaeltacht áitiúil do cheantair féin...

Hup!

Tuilleadh eolais: @PopUpGael / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.