Skip to main content

Cumhdach Leanaí

Posted in Cultúr Club.

Pixabay protection 442907 1280 RPnach bhfuil freagracht ar Chonradh na Gaeilge as na ceardlanna Cultúr Club a eagraíonn éascaitheoirí áitiúla ina gceantar féin, ba mhaith linn aird gach éascaitheora a dhíriú ar threoirlínte a bhaineann le cumhdach leanaí nuair a bhíonn imeachtaí le gasúir á reáchtáil áit ar bith ar domhan.

Polasaí um Chumhdach Leanaí

Is féidir pdfPolasaí um Chumhdach Chonradh na Gaeilge a léamh anseo agus tá seicliosta samplach ar fáil thíos:

  • An ndeachaigh gach oibrí deonach agus/nó ball foirne eile faoi ghrinnfhiosrú?
  • An bhfuil oiliúint chéad chabhrach ag duine éigin ar an bhfoireann?
  • An bhfuil polasaí agus treoirlínte um chumhdach leanaí scríofa ag an bhfoireann?
  • An bhfuil gach duine tar éis na treoirlínte seo a léamh, a aontú agus a shíniú?
  • An bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí na bpáistí ar an eolas faoin bpolasaí?
  • An bhfuil duine ainmnithe mar an teagmhálaí um chumhdach leanaí sa pholasaí?
  • An bhfuil an oiliúint um chumhdach leanaí chuí déanta ag an duine seo?
  • An bhfuil treoirlínte soiléire sa pholasaí maidir le húsáid íomhánna/ábhar físe ón gceardlann ar na meáin shóisialta nó áit ar bith eile?
  • An bhfuil cead scríofa tuismitheora/caomhnóra gach páiste faighte maidir le grianghrafanna de na páistí a ghlacadh?
  • An bhfuil a dhóthain oibrithe deonacha nó foirne eile ar fáil chun maoirseacht mar is ceart a dhéanamh ar an gceardlann, .i. ar a laghad fear fásta agus bean fhásta amháin?
  • An dtuigeann an fhoireann go gcaitear le fiosrúchán ar bith um chumhdach leanaí faoi rún daingean?
  • An dtuigeann an fhoireann gur faoi na póilíní - agus/nó na seirbhísí sóisialta leanaí agus teaghlaigh cuí i do cheantar féin - plé le fiosrúchán ar bith um chumhdach leanaí, ní faoin duine ainmnithe?

Tabhair faoi ndeara go ndéantar leanbh a shainiú mar dhuine ar bith atá faoi 18 mbliana d’aois, mura bhfuil nó mura raibh sé/sí pósta de réir reachtaíocht na hÉireann; is fiú an sainiú seo a fhiosrú i do cheantar féin mar thúsphointe aon pholasaí um chumhdach leanaí.

Cead Grianghrafadóireachta

Más mian leat grianghraif a ghlacadh de pháistí i mbun ghníomhaíochtaí Cultúr Club, ar mhaithe le cúrsaí poiblíochta nó mar fhianaise do mhaoinitheoirí mar shampla, ba chóir duit na treoirlínte arna leagan amach sa cháipéis pdfPolasaí um Chumhdach Chonradh na Gaeilge a leanúint agus cead scríofa a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí a fháil roimh ré.

Is dea-chleachtas ginearálta é seo, fiú má cheadaíonn an dlí cuí duit grianghraif a ghlacadh in áiteanna poiblí, oscailte gan cead scríofa a fháil roimh ré.

Is féidir le craobhacha cláraithe de chuid Chonradh na Gaeilge pdfan dhréachtfhoirm um chead tuismitheoradhátheangacha seo a úsáid, nó is féidir le dreamanna eile docxan fhoirm shamplach chéanna a úsáid mar eiseamláir dóibh féin.

Reachtaíocht & Treoirlínte

Tá tuilleadh eolais faoin reachtaíocht maidir le mí-úsáid leanaí agus imní leasa a aithint agus a thuairisciú in Éirinn agus sna tíortha lena mbaineann scéimeanna píolótacha 2018 thíos.

Ní mór an t-eolas cuí maidir leis an reachtaíocht ábhartha sa tír ina bhfuil tú ag cur fút a fhiosrú roimh thús a chur le Cultúr Club i do cheantar féin.

Éire
An tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015
Céard é Tús Áite do Leanaí? (FSS)
Ceisteanna Coitianta maidir le Tús Áite do Leanaí (RLGÓ)
Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí (TUSLA)
Leanaí agus cearta in Éirinn (Faisnéis do Shaoránaigh)
Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Scoileanna (ROS)
Quality Early Years Care and Education: What to Look for in an Early Years Service (Barnardos)

Nua Shéalainn
Vulnerable Children Act 2014
Oranga Tamariki | Roinn na Leanaí
Child protection policies and safety checks required under Vulnerable Children Act
Polasaí um Chumhdach Leanaí na Roinne Oideachais
Polasaí um Chumhdach Leanaí Child Matters

An Astráil
National Framework for Protecting Australia's Children 2009–2020
Australian Child Protection Legislation
Children and Young People Act 2008 (ACT)
Children and Young Persons (Care and Protection) Act 1998 (NSW)
Care and Protection of Children Act 2007 (NT)
Child Protection Act 1999 (Qld)
Children's Protection Act 1993 (SA)
Children, Young Persons and their Families Act 1997 (TAS)
Children, Youth and Families Act 2005 (VIC)
Children and Community Services Act 2004 (WA)
Polasaí um Chumhdach Leanaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha & Trádála 2017
Polasaí um Chumhdach Leanaí PLAN International

An Bhreatain Mhór
Safeguarding children: What organisations need to do to protect children from harm
National Guidance for Child Protection in Scotland, 2014 (Albain)
Children (Scotland) Act 1995
Adoption and Children (Scotland) Act 2007
Protection of Vulnerable Groups (Scotland) Act 2007
Sexual offences (Scotland) Act 2009
Children's Hearings (Scotland) Act 2011
Children and Young People (Scotland) Act 2014
Digital Economy Act 2017
Limitation (Childhood Abuse) (Scotland) Act 2017
Child protection in Scotland: At a glance
Child protection in Scotland: Legislation, policy and guidance

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AÉA)
The United Arab Emirates' Government Portal: Children
Ministry of Interior Child Protection Dimensions
Community Development Authority (Dubai): Child Protection
Together to Prevent Child Abuse
National Programme for Happiness and Positivity
Federal Law No. 3 of 2016 (Child Protection Law) (Wadeema’s Law)
Guide for parents on anti-bullying

Ceanada
Canadian Child Welfare Research Portal
Indian Act 1985
Youth Criminal Justice Act 2002
Criminal Code of Canada 1985
Child, Family and Community Service Act (British Columbia)
Adoption Act (British Columbia)
Provincial and territorial child protection legislation and policy (2018)
Commit to Kids Program Kit
Kids in the Know National Safety Education Program
The Canadian Centre for Child Protection
Child Rights Toolkit

Geirsí, Oileáin Mhuir nIocht
Safeguarding Partnership Board
Child Protection Procedures

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.