Skip to main content

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar tréimhse trí bliana.
Cláraigh anois don bhliain acadúil 2024/25:

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Gaeilge)

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Béarla)

Foirm Chlárúcháin - Meantóirí

Dúnfar an clárúchán Dé Máirt 7 Bealtaine 2024.

  • IEDT Dhún Laoighaire

  • Ollscoil Luimnigh

  • Coláiste na Tríonóide 

  • Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

  • Ollscoil na Gaillimhe

  • Ollscoil na Banríona

  • Coláiste na hOllscoile Corcaigh

  • Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Gníomhaí Gaeilge

Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge?

Is iomaí fáth páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge ach seo a bhí le rá ag na rannpháirtithe agus na meantóirí ag an mbronnadh na ngradam 2023.

Ceisteanna coitianta

Céard é Gníomhaí Gaeilge?

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Cé a féidir clárú do Gníomhaí Gaeilge?

Is féidir le duine/grúpa ar bith atá ag freastal ar an tríú leibhéal clárú do Gníomhaí Gaeilge.

Is féidir le daoine atá ag obair le hAontas na Mac Léinn clárú do Gníomhaí Gaeilge chomh maith.

Is féidir páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge as Gaeilge nó as Béarla.

Céard iad na rannóga éagsúla?

Tá trí rannóg éagsúil ann: Duine Aonair / Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile / Aontas na Mac Léinn. 

Is féidir cur isteach ar níos mó ná rannóg amháin mar shampla tá tú mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh- d'fhéadfadh tú cur isteach ar an rannóg Duine Aonair agus ar an rannóg Cumann Gaelach.

Feictear cur síos ar na rannóga éagsúla thíos.

Duine Aonair

Don ghradam seo beidh tú ag plé le do chuid spriocanna pearsanta ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo seo a bheith bainteach le obair an Chumainn nó an Aontais chomh maith.

Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile

Tugann an gradam seo aitheantas don Chumann Gaelach agus do ghrúpaí eile. De ghnáth bíonn an Reachtaire mar ionadaí don Chumann. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil an Reachtaire ó do Chumann ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le do choiste go mbeidh tú mar ionadaí an Chumainn.

Aontas na Mac Léinn

Tugann an gradam seo aitheantas d'Aontas na Mac Léinn. De ghnáth bíonn Oifigeach na Gaeilge nó Uachtarán an Aontais mar ionadaí don Aontas. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil ionadaí eile ó d'Aontas ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le muintir an Aontais go mbeidh tú mar ionadaí don Aontas.

Cathain a chuirfear tús leis?

Tá Gníomhaí Gaeilge 23/24 faoi lán seoil anois ach féach thíos an amlíne don bhliain acadúla seo chugainn.

Osclófar an clárúchán don bhliain acadúla 24/25 i Mí Aibreáin. Roghnófar mic léinn le dul faoin gcóras i Mí Meitheamh 2023 agus tabharfar meantóir dóibh. Cuirfear tús leis an obair i Mí Lúnasa /  Meán Fómhair 2023.

Cén cineál rudaí a bheidh orm déanamh?

Beidh ar rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge freastal ar thraenáil & oiliúint, cruinnithe a bheith acu lena meantóirí, obair a dhéanamh ar son na teanga ar champas agus spriocanna réamhshocraithe a bhaint amach i gcaitheamh na bliana.

Cén tslí a oibríonn an mheantóireacht?

Roghnófar meantóir do gach mac léinn a bhfuil taithí agus scileanna acu a chuideoidh leis an mac léinn agus iad ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Thiocfadh gur fhreastal an meantóir ar an gcoláiste céanna, go raibh siad sa ról céanna sna blianta a chuaigh thart, go bhfuil taithí acu óna gcuid oibre a thagann le spriocanna an mhac léinn nó go mbeadh luach éigin eile acu a chuirfidh le obair an mhic léinn.

Beidh an meantóir ar fáil don mhac léinn nuair atá comhairle nó cuidiú uathu. Beidh 4 chruinniú acu i rith na bliana le pleananna a phlé agus dul chun cinn a thuairisciú.

Cén tslí a oibríonn an measúnú?

Suífidh duine ó Chonradh na Gaeilge nó Aontas na Mac Léinn in Éirinn isteach ar an gcruinniú deireanach agus ansin déanfaidh siad in éineacht leis an meantóir cinneadh ar cheann gradam a bhainfidh an duine / grúpa amach.

Céard iad na gradaim atá ar fáil?

Is féidir le grúpa An Gradam Óir, An Gradam Airgid nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Is féidir le duine aonair An Gradam Aonair nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Cén sórt traenáil a bheidh ann?

Bíonn roinnt ceardlanna ar siúl ar líne le linn na bliana do rannpháirtithe na scéime. Seo thíos liosta do na ceardlanna atá á reachtáil i mbliana mar shampla...

  • The first steps towards events / campaigns in Irish and a Cumann Gaelach
  • Conas póstaeir agus grafaicí éifeachtacha a dhearadh
  • Leideanna do na Meáin Shóisialta 
  • Plé Painéal: An Ghaeilge san Aontas agus Ról an Oifigigh Ghaeilge Lán-aimseartha
  • Ceardlann Raidió Rírá 
  • Nodanna do shaol gairmiúil na Gaeilge 
Ceisteanna coitianta

Gníomhaí Gaeilge 22/23

Ghlac 38 duine aonair agus 22 grúpa páirt i Gníomhaí Gaeilge sa bhliain acadúla 22/23.

Ar an 9 Bealtaine bronnadh gradam ar 27 duine aonair agus 19 grúpa ag an ócáid bronnadh na ngradam. Bhí Rónán Ó Domhnaill - Coimisinéir Forbartha na Meán, Paula Melvin - Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Richard Brophy ón Údarás Um Ard-Oideachais i láthair leis na gradaim a bhronnadh ar na mic léinn.

D'éirigh le 9 ngrúpa an gradam airgid a bhaint amach agus d'eirigh le 10 ngrúpa an gradaim óir a bhaint amach.

  • Barry Ó Siochrú - Gradam Aonair   (Meantóir: Julian de Spáinn)

  • Cumann Gaelach COBÁC - Gradam Airgid   (Meantóir: Edel Ní Bhraonáin)

  • Sahra Heibe - Gradam Aonair

  • Uachtarán Chonradh na Gaeilge - Paula Melvin

  • Aontas na Mac Léinn Coláiste na Tríonóide - Gradam Óir

  • Meantóir Aoife Ní Dheisigh leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc 

  • Órlaith Ní Thuathaigh - Gradam Aonair   (Meantóir: John Ó Liodán)

  • Cumann Gaelach Ollscoil Luimigh - Gradam Óir 

  • Aoichainteoir - James Knoblauch

  • Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe - Gradam Óir   (Meantóir Julian de Spáinn)

  • Meantóir John Ó Liodán leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc 

  • Stiúrthóir Forbartha - Leas Ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge - Aodhán Ó Deá 

  • IrishSoc Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn - Gradam Airgid

  • Sarah Ryan Pursell - Gradam Aonair

  • Aoichainteoir - Aisling Ní Dhonnabháin

  • Séan Mac Amhlaoibh - Gradam Aonair   (Meantóir: Aodhán Ó Deá)

  • Meantóir Charlie Collins leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc 

  • Aontas na Mac Léinn Coláiste na hOllscoile Corcaigh - Gradam Óir   (Meantóir: Aisling Ní Dhonnabháin)

  • Meantóir Pól Ó Finn leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc 

  • Oisín O Keefe - Gradam Aonair   (Meantóir: Charlie Collins)

  • Niamh Leddy - Gradam Aonair

  • Meantóir - John Ó Liodán

  • Craig Mac Gabhann - Gradam Aonair

  • Cumann Gaelach Coláiste na Tríonóide - Gradam Óir 

  • Aontas na Mac Léinn Ollscoil Mhá Nuad - Gradam Óir 

  • Meantóir Edel Ní Bhraonáin leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc 

Buaiteoirí an Ghradaim Óir 22/23

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Dramaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Ollscoil na Gaillimhe

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil Mhá Nuad

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Mhá Nuad

An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh 

Aontas na Mac Léinn, Coláiste Mhuire gan Smál

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide

An Cumann Gaelach, Coláiste an Tríonóide

Buaiteoirí an Ghradaim Airgid 22/23

An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, IEDT Dhún Laoighaire

IrishSoc Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

Aontas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, OT an Oirdheiscirt, Port Láirge

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Chathair Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn, Coláiste Cheatharlach

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Uladh

Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na Banríona

Gníomhaí Gaeilge 22/23

Tá taifeadadh den Phlé Painéal seo ar fáil ag an nasc SEO!

Gníomhaí Gaeilge

Déan teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir le Gníomhaí Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na Scéime - Chloe Ní Ruairc.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.