Skip to main content

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal agus dóibh siúd gur mhaith leo an Ghaeilge a úsáid níos minice.

Tá an scéim seo á reachtáil ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus maoinithe ag an tÚdarás Um Ard-Oideachas. Tá an tÚdarás um Ard-Oideachas ag tacú le Gníomhaí Gaeilge trí mhaoiniú €150,000 a chur ar fáil thar tréimhse trí bliana.
Cláraigh anois don bhliain acadúil 2024/25:

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Gaeilge)

Foirm Chlárúcháin - Mic Léinn (Béarla)

Foirm Chlárúcháin - Meantóirí

Dúnfar an clárúchán Dé Máirt 7 Bealtaine 2024.

  • IEDT Dhún Laoighaire

  • Ollscoil Luimnigh

  • Coláiste na Tríonóide 

  • Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

  • Ollscoil na Gaillimhe

  • Ollscoil na Banríona

  • Coláiste na hOllscoile Corcaigh

  • Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Gníomhaí Gaeilge

Cén fáth ar chóir dom páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge?

Is iomaí fáth páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge ach seo a bhí le rá ag na rannpháirtithe agus na meantóirí ag an mbronnadh na ngradam 2023.

Ceisteanna coitianta

Céard é Gníomhaí Gaeilge?

Is scéim mheantóireachta, oiliúna agus gradaim í Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

Cé a féidir clárú do Gníomhaí Gaeilge?

Is féidir le duine/grúpa ar bith atá ag freastal ar an tríú leibhéal clárú do Gníomhaí Gaeilge.

Is féidir le daoine atá ag obair le hAontas na Mac Léinn clárú do Gníomhaí Gaeilge chomh maith.

Is féidir páirt a ghlacadh i Gníomhaí Gaeilge as Gaeilge nó as Béarla.

Céard iad na rannóga éagsúla?

Tá trí rannóg éagsúil ann: Duine Aonair / Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile / Aontas na Mac Léinn. 

Is féidir cur isteach ar níos mó ná rannóg amháin mar shampla tá tú mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh- d'fhéadfadh tú cur isteach ar an rannóg Duine Aonair agus ar an rannóg Cumann Gaelach.

Feictear cur síos ar na rannóga éagsúla thíos.

Duine Aonair

Don ghradam seo beidh tú ag plé le do chuid spriocanna pearsanta ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo seo a bheith bainteach le obair an Chumainn nó an Aontais chomh maith.

Cumann Gaelach agus Grúpaí Eile

Tugann an gradam seo aitheantas don Chumann Gaelach agus do ghrúpaí eile. De ghnáth bíonn an Reachtaire mar ionadaí don Chumann. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil an Reachtaire ó do Chumann ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le do choiste go mbeidh tú mar ionadaí an Chumainn.

Aontas na Mac Léinn

Tugann an gradam seo aitheantas d'Aontas na Mac Léinn. De ghnáth bíonn Oifigeach na Gaeilge nó Uachtarán an Aontais mar ionadaí don Aontas. Is féidir áfach cur isteach ar an ngradam seo mura bhfuil ionadaí eile ó d'Aontas ag glacadh páirte i nGníomhaí Gaeilge agus tá sé aontaithe le muintir an Aontais go mbeidh tú mar ionadaí don Aontas.

Cathain a chuirfear tús leis?

Tá Gníomhaí Gaeilge 23/24 faoi lán seoil anois ach féach thíos an amlíne don bhliain acadúla seo chugainn.

Osclófar an clárúchán don bhliain acadúla 24/25 i Mí Aibreáin. Roghnófar mic léinn le dul faoin gcóras i Mí Meitheamh 2023 agus tabharfar meantóir dóibh. Cuirfear tús leis an obair i Mí Lúnasa /  Meán Fómhair 2023.

Cén cineál rudaí a bheidh orm déanamh?

Beidh ar rannpháirtithe Gníomhaí Gaeilge freastal ar thraenáil & oiliúint, cruinnithe a bheith acu lena meantóirí, obair a dhéanamh ar son na teanga ar champas agus spriocanna réamhshocraithe a bhaint amach i gcaitheamh na bliana.

Cén tslí a oibríonn an mheantóireacht?

Roghnófar meantóir do gach mac léinn a bhfuil taithí agus scileanna acu a chuideoidh leis an mac léinn agus iad ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Thiocfadh gur fhreastal an meantóir ar an gcoláiste céanna, go raibh siad sa ról céanna sna blianta a chuaigh thart, go bhfuil taithí acu óna gcuid oibre a thagann le spriocanna an mhac léinn nó go mbeadh luach éigin eile acu a chuirfidh le obair an mhic léinn.

Beidh an meantóir ar fáil don mhac léinn nuair atá comhairle nó cuidiú uathu. Beidh 4 chruinniú acu i rith na bliana le pleananna a phlé agus dul chun cinn a thuairisciú.

Cén tslí a oibríonn an measúnú?

Suífidh duine ó Chonradh na Gaeilge nó Aontas na Mac Léinn in Éirinn isteach ar an gcruinniú deireanach agus ansin déanfaidh siad in éineacht leis an meantóir cinneadh ar cheann gradam a bhainfidh an duine / grúpa amach.

Céard iad na gradaim atá ar fáil?

Is féidir le grúpa An Gradam Óir, An Gradam Airgid nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Is féidir le duine aonair An Gradam Aonair nó An Teastas Rannphairtíochta a bhaint amach.

Cén sórt traenáil a bheidh ann?

Bíonn roinnt ceardlanna ar siúl ar líne le linn na bliana do rannpháirtithe na scéime. Seo thíos liosta do na ceardlanna atá á reachtáil i mbliana mar shampla...

  • The first steps towards events / campaigns in Irish and a Cumann Gaelach
  • Conas póstaeir agus grafaicí éifeachtacha a dhearadh
  • Leideanna do na Meáin Shóisialta 
  • Plé Painéal: An Ghaeilge san Aontas agus Ról an Oifigigh Ghaeilge Lán-aimseartha
  • Ceardlann Raidió Rírá 
  • Nodanna do shaol gairmiúil na Gaeilge 
Ceisteanna coitianta

Gníomhaí Gaeilge 23/24

Ghlac 73 duine aonair agus 33 grúpa páirt i Gníomhaí Gaeilge sa bhliain acadúla 23/24.

Ar an 11 Aibreán bronnadh gradaim agus teastais ar 35 duine aonair agus 21 grúpa ag an ócáid bronnadh na ngradam i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Bhí Ardmhéara Baile Átha Cliath Dáithí de Róiste, Paula Melvin - Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Bláithín Nic a tSithigh ó AMLÉ agus Richard Brophy ón Údarás Um Ard-Oideachais i láthair leis na gradaim a bhronnadh ar na mic léinn.

D'éirigh le 11 grúpa an Gradam Airgid a bhaint amach agus d'eirigh le 10 ngrúpa an Gradaim Óir a bhaint amach.

  • Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Mhá Nuad   (Meantóir: John Ó Liodáin)

  • Aontas na Mac Léinn COBÁC - (Meantóir: Aodhán Ó Deá)

  • Aontas na Mac Léinn - Coláiste San Aingeal (Meantóir: Aoife Ní Dhéisigh)

  • An Cumann Gaelach - Institiúid Oideachais Marino

  • An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 

  • An Cumann Gaelach - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 

  • An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Corcaigh

  • Comhaltas na Mac Léinn - Ollscoil na Gaillimhe (Meantóir: Julian de Spáinn)

  • An Cumann Gaelach - Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (Meantóir - Edel Ní Bhraonáin)

  • Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Corcaigh 

  • Aontas na Mac Léinn - Coláiste Mhuire gan Smál

  • An Cumann Gaelach - Ollscoil Luimnigh 

  • Cuallacht Cholmcille - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: Lucy Nic Aindris)

  • An Cumann Gaelach - Ollscoil na Banríona

  • IrishSoc - Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

  • Meantóir Aodhán Ó Deá leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Roddie Mac Aonghusa - Ollscoil Mhá Nuad (Meantóir: John Ó Liodáin)

  • Meantóir Edel Ní Bhraonáin leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Oisin Gahan - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Corcaigh

  • Mark Ó Corcráin - Ollscoil Mhá Nuad (meantóir Chloe Ní Ruairc)

  • Ardmhéara Baile Átha Cliath Dáithí de Róiste, Richard Brophy - An tÚdarás um Ard-oideachas, Paula Melvin - Uachtarán Chonradh na Gaeilge

  • Meantóir Julian de Spáinn leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Meantóir Eímear Nig Oireachtaigh leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Ardmhéara Baile Átha Cliath Dáithí de Róiste

  • Rachael Ní Shearcaigh - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Corcaigh

  • Aontas na Mac Léinn - Coláiste na Tríonóide

  • Bean an Tí - Síomha Ní Ruairc

  • An Chuallacht - Coláiste na hOllscoile Corcaigh (Meantóir: Darragh Ó Caoimh)

  • Alex Balfe - Ollscoil Mhá Nuad (meantóir: John Ó Liodáin)

  • Meantóir Lucy Nic Aindris leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Meantóir Pádraig Ó Foghlú leis an gComhordaitheoir Gníomhaí Gaeilge Chloe Ní Ruairc

  • Aoichainteoir - Darragh Ó Caoimh

Buaiteoirí an Ghradaim Óir 23/24

An Cumann Gaelach - Institiúid Oideachais Marino

IrishSoc - Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn

An Chuallacht - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

An Cumann Gaelach - Ollscoil Luimnigh

Cuallacht Cholmcille - Ollscoil Mhá Nuad

An Cumann Gaelach - Ollscoil na Banríona

An Cumann Gaelach - Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Aontas na Mac Léinn - Coláiste Mhuire gan Smál

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na Tríonóide

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Buaiteoirí an Ghradaim Airgid 23/24

An Cumann Gaelach - Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan

An Cumann Gaelach - Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 

An Cumann Gaelach - Ollscoil Uladh Mhigh Aoidh

Aontas na Mac Léinn - Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath 

Aontas na Mac Léinn - Coláiste San Aingeal

An Cumann Gaelach - IEDT Dhún Laoghaire

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Mhá Nuad 

Aontas na Mac Léinn - Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Corcaigh

Aontas na Mac Léinn - Coláiste Cheatharlach

Comhaltas na Mac Léinn - Ollscoil na Gaillimhe

Gníomhaí Gaeilge 23/24

Tá taifeadadh den Phlé Painéal seo ar fáil ag an nasc SEO!

Gníomhaí Gaeilge

Déan teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir le Gníomhaí Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Comhordaitheoir na Scéime - Chloe Ní Ruairc.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Teagmháil

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.