Skip to main content

Beidh toghchán náisiúnta ar siúl Dé hAoine, 29 Samhain 2024.
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge #GaelVóta a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sa toghcháin seo. 

Seasamh na bPáirtithe 

Mar chuid den fheachtas Gaelvóta bhailaigh muid eolas ar sheasamh na bpáirtithe ar na héilimh Ghaeilge agus Gaeltachta a chuir muid chucu le cúpla seachtain anuas. Ba mhaith linn go mbeidh deis ag daoine na seasamh seo a thógáil san áireamh agus iad ag caitheamh vóta Dé hAoine san olltoghchán. 

Seasamh

  • Tá fóraim gnímh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge timpeall na tíre roimh na toghcháin chun éilimh phobal na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta a phlé. 




                   #GAELVÓTA

Cad atá á lorg againn?

Tá ceithre mhóréileamh ag Conradh na Gaeilge don olltoghchán: 

Tá nasc chuig an PDF anseo. 

1.Plean Fáis

Le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di táimid ag lorg an ghealltanais a leanas: 

Le dul i ngleic leis an mbonn íseal stairiúil sa mhaoiniú a chuirtear ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, atá léirithe sa Phlean Fáis, agus le freastail ar na riachtanais aitheanta ag 130+ grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus eile.

Tuilleadh eolas faoin bPlean Fáis anseo.

 2. Oideachas

Le dul i ngleic leis an éigeandáil sa chóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de, leis na rudaí seo a leanas san áireamh, taimid ag lorg na gealltanais luaite thíos:

Oideachas Education To tackle the emergency in the education system regarding Irish, including the following, we are looking for the commitments listed below:

• Tá díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 55,000 dalta dara leibhéal (13.4% de líon iomlán na ndaltaí dara leibhéal)

• Ní dhearna 23% de dhaltaí aon scrúdú Gaeilge don Ardteist i 2024

• Ní dhearna 18% de dhaltaí aon scrúdú Gaeilge don Teastas Sóisearach i 2024 (rinne 99% de na daltaí scrúdú Béarla agus rinne 98% de na daltaí scrúdú matamaitice)

• Tá 30 nóiméad sa tseachtain le baint ó mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó rang a 1 go rang a 6

Chabhródh na moltí thíos chomh maith le freastail níos fearr ar dhaltaí le riachtanais speisialta agus daltaí ag teacht
isteach sa chóras déanach in ionad iad a bhaint ó fhoghlaim na Gaeilge:

3. Tithíocht Gaeltachta 

Le dul i ngleic leis an éigeandáil tithíochta sa Ghaeltacht táimid ag lorg na ngealltanas a leanas: 

Is géarchéim chórasach, náisiúnta í an ghéarchéim tithíochta atá ag réabadh na tíre seo le tamall de bhlianta anuas ach tá castacht sa bhreis ar an scéal sa Ghaeltacht mar a bhfuil todhchaí ár dteanga á cur i mbaol ag an gcóras reatha - córas atá ag cur muintir na Gaeltachta as a gceantair dhúchais mar gheall nach féidir teach a cheannach, a thógaint nó a fháil ar cíos go fadtéarmach. 

4. Aire Sinsearach 

Táimid ag lorg an ghealltanais a leanas:

Le cinntiú go mbeidh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta pléite agus mar thosaíocht in imeachtaí an Rialtais – bíodh sin ag Bord an Rialtais, nó ceannasaíocht ar bhuiséad na Roinne féin, nó stádas don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, nó eile is léir dúinn go bhfuil gá le hAire Sinsearach agus ní Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Conas is féidir libh cabhrú ? 

Sa bhaile/ Sa phobal

Lorg comitimint ó aon iarrthóir a thagann ar chuairt chuig do theach, nó a lorgaíonn deis chainte leat sa phobal, do na héilimh atá luaite sa bhileog seo, go háirithe na cinn a bhaineann go dlúth leat.

Sampla 1: Cuir ceist ar nós “An ngeallann tú, má thoghtar thú go lorgóidh tú an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir reatha agus caipitil, d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú, le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le gur féidir tithíocht a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta?

Sampla 2: Cuir ceist ar nós “An ngeallann tú, má thoghtar thú go lorgóidh tú ar a laghad an maoiniú breise lorgtha sa ‘Plean Fáis - Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029’, i. an méid caite ar thionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta a ardú ó 0.17% de chaiteachas an Stáit go 0.4%, rud a d’fhéadfadh 9,000 post a chruthú agus deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fail fud fad na tíre?

Ar Líne 

Cuir ríomhphost, nó teachtaireacht díreach tríd na meáin shóisialta, chuig d’iarrthóir(í) sa Dáilcheantar agus lorg comitimint ó na hiarrthóirí do na héilimh atá luaite sa bhileog seo, go háirithe na cinn a bhaineann go dlúth leat.

Seasamh na nIarrthóirí

Forógraí na bPáirtithe

Seo nasc chuig forógraí na bpáirtithe más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoina seasamh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.