A bhuí leis an Fhondúireacht Pobail, cuireadh tús leis an tionscadal ‘Idir Sráid agus Stát’ i mí an Mheithimh na bliana seo. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal pobal na Gaeilge a chumasú chun tuiscint, úinéireacht agus rochtain a bheith acu ar chearta teanga le linn ré úr na reachtaíochta Gaeilge. Tá an tionscadal á stiúradh ag Conradh na Gaeilge i bpáirtnéireacht le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Díreofar fosta ar shainchomhairle ó CAJ agus PPR, mar aon leis an pháirtí leasmhar, Glór na Móna.
Ó bhí 2016 ann, tá ról lárnach ag an Dream Dearg i leabú na Gaeilge sa dioschúrsa polaitiúil. Ba thoradh é an Comhaontú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ a foilsíodh i mí Eanáir 2020 de thréimhse fada feachtasaíochta ag leibhéal an ghnáthphobail; níl ann ach ceart go mbíonn an deis ag an pobal céanna sin ról gníomhach a imirt i lucht déanta na gcinntí a thabhairt chun cuntais maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge. Is mian linn go mbeidh tuiscint acu i dtaobh impleachtaí na reachtaíochta don phobal, agus go mbíonn sé de chumas acu dúshlán a thabhairt do ghné ar bith den reachtaíocht sin a chuireann bac ar Ghaeilgeoirí ról cothrom a imirt sa tsochaí, nó a dhéanann sárú ar a gcearta teanga.
Cuirfidh an tionscadal seo pobal na Gaeilge i gcroílár na cinnteoireachta ó thuaidh, agus tógfaidh sé ar an infreastruchtúr den fheachtasaíocht phobalbhunaithe atá i bhfeidhm againn faoi láthair. Tabharfaidh sé an deis do dhaoine tionchar a imirt agus forbairt a dhéanamh ar na cearta sin a bhfuil muid ag troid ar a son le fada, fada an lá.
Spriocanna an tionscadail
Tabharfaidh an tionscadal seo rochtain do dhaoine ar spásanna ar féidir leo níos mó a fhoghlaim faoi chearta teanga, le linn, in éineacht leis an Choimisinéir Teanga nuacheaptha, ról gníomhach a imirt ag cinntiú go bhfreastlaíonn na caighdeáin teanga ar riachtanais an phobail.
Déanfar an cumasú seo trí:
- Lámhleabhar a thabharfaidh léargas ar choincheap na gceart teanga, agus a dhéanfaidh mionscrúdú ar chearta teanga i gcomhthéacs na reachtaíochta nua. Dá bharr, beidh tuiscint níos fearr ag an phobal ar na rudaí ar féidir leo bheith ag brath air ón stát.
- Déanfar stocaireacht maidir le bunú fóraim chomhairleach pobail ar na gnéithe éagsúla den reachtaíocht. Táthar ag súil go gcuirfear 5 fhóram úr ar bun i dtaobh na n-oifigí úra de bharr na reachtaíochta agus na stráitéisí teanga éagsúla. Léireoidh seo an gá agus an buntáiste a bhaineann le rannpháirtíocht ón phobal i ndéanamh cinntí.
- Beidh ardán eagraithe ar líne a chuirfidh go mór le tuiscint dhaoine ar an fheachtas ar son #AchtAnois, agus tabharfaidh sé an deis don phobal tuilleadh a fhoghlaim faoi fo-feachtais Gaeilge. Beidh uirlisí ar leith i bhfeidhm ar an suíomh fosta a chuirfidh go mór le hiniúlacht dhigiteach an phobail.
- Cruthóidh an tionscadal spásanna úra d’ionchur maidir le dréachtú na gcaighdéan. Beidh imeachtaí eolais agus comhairliúcháin á n-eagrú againn i rith an tionscadail, ní hamháin chun guth a thabhairt do dhaoine, ach chun cur orthu an guth sin a úsáid. Dá bharr, beidh tuiscint níos fearr acu ar fhoirmiú polasaí.
- I gcomhpháirt le CAJ, aithneofar, trí thaighde cuimsitheach, bearnaí i bpolasaithe rialtais. Tabharfaidh seo an deis d’eagraíochtaí tuiscint a fháil ar na soláthair reatha, mar aon le réitigh bhuan ar na bearnaí.
Tá deis againn leis an tionscadal seo, ár bpobal gníomhach, glórach a chumasú ar ghnéithe tábhachtacha den reachtaíocht Gaeilge. Ba mhaith linn go n-aithníonn siad an tábhacht atá lena nguthanna a úsáid i bhfoirmiú polasaí, agus go mbíonn siad níos eolaí agus níos muiníní ar choincheap na gceart teanga. Tá muid ag dúil go mór leis an chéad chéim eile san aistear seo i dtreo chearta teanga, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghábhail leis an Fhondúireacht Pobail as ucht an cuidiú agus an tacaíocht a thug siad i bhforbairt agus maoiniú an tionscadail.
Teagmháil:
Cuisle Nic Liam | Language rights co-ordinator
R: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
G: +447 851 024 581